2018-11-08

Geimhreadh: Haiku Zen

Natsume Sōseki (1869 -1916)
umhlaímid dá chéile...
as gruaig na mná
titeann cloch shneachta

muintir na cathrach
a chúram féin ar chách...
deireadh na bliana

chuiris tús
le d’óráid le broim –
a thiarcais!

imíonn préachán...
crann lom ar crith
faoi ghrian an tráthnóna

scuabaim díom é
scuabaim díom arís é
sneachta fós ar mo mhuinchille

shéid gaoth an gheimhridh
grian an tráthnóna
amach san fharraige