2018-11-07

Fómhair: Haiku Zen

Natsume Sōseki (1869 -1916)
tús an fhómhair...
leabhar nár léadh go hiomlán
fós

cuileog san fhómhar...
rugas uirthi
is scaoileas léi

gaotha fómhair...
ceathrúna na bó
ar a slí go dtí an seamlas

duilleoga na ndátphlumaí...
solas na gealaí
ar gach ceann díobh

fuacht na maidine
fuacht an tráthnóna...
ag taisteal liom féin

mo shaol athnuaite...
nach ársa é
an fómhar

tuirlingíonn ar mo ghualainn...
‘bhfuil cara uait?
snáthaid mhór dhearg

glanann an ceo...
an t-eas á nochtadh
beagán ar bheagán

go tobann
tosaíonn dreoilín teaspaigh ag canadh
stopann go tobann

gan sake
gan dán...
tost na gealaí!

braoinín sake
fós sa bhuidéal...
fuacht na hoíche

faoin ngealach dó ag siúl...
dearmad déanta ag Sōseki
ar a bhean chéile

is deas filleadh
ar an bhfód dúchais...
séasúr na gcriosantamam

corraíonn an Spiorad
díreach os mo chomhair...
barr mo phinn

gealach lán...
is cruinn í scáil
chloigeann an tsagairt