2018-11-17

Conas Draíocht a Oibriú ar Mhún

le Parraruru

Déanann an t-íospartach a mhún.
Mo dhuine ag faire air.
Hmmm, hmmm, arsa mo dhuine leis féin.
Bailíonn an t-íospartach leis agus déanann dearmad glan ar an scéal,
Ach siúlann mo dhuine sall go dtí an mún,
Agus sánn ruball ann – an roc ga nimhe!
Déanann ruball an oilc
Póirseáil sa mhún.
Clúdaíonn mo dhuine le hithir thais é
Agus tugann aghaidh ar dhúiche eile,
Eagla air mar gheall ar an draíocht atá cruthaithe aige.
Fanann an t-íospartach sa dúiche seo.
Níl sé in ann a mhún a dhéanamh.
Braoinín beag, sin uile.
Brúnn sé, arís is arís eile.
Tagann fonn air sruthán a dhéanamh, brúnn sé,
Tugtar cógas dó, tagann cúpla braon.
Ach is mall an mún ag teacht, dá ainneoin sin.
Tá sé i bpian,
Téann an phian in olcas.
Líontar le mún é.
Tagann cúpla braon.
Glacann sé scíth, tógann sé an cógas, tá biseach air,
É beagnach ar a sheanléim.
Pian arís.
Suíonn sé síos. Ag éirí tanaí atá sé anois.
Na matáin go léir seargtha.
Is iad pianta an bháis iad.

Shon Arieh-Lerer a chuir Béarla air.

Bunteanga: Ngarluma

An file: Bard, scéalaí agus   mawarnkarra (draoi) ab ea Parraruru (1889 -1975).