2021-12-15

Fear Cánach

 


Seacht speal ina luí in aghaidh an bhalla.
Féasóg ar fhéasóg órga
An t-ualach deireanach eorna
Á luascadh tríd an gclós.
An corc á bhaint as buidéil leanna ag béithe.
Fidil is cosa ag bogadh le chéile.
Ansin idir choinleach is fraoch
Marcach ar séirse

George Mackay Brown