2021-04-13

'Ní sibhse mo thuismitheoirí'

Fred Stein
Tráthnóna i bPáras, 1934.

 Tá grianghraf de chuid Fred Stein
Tráthnóna i bPáras, 1934.
Ar feadh soicind samhlaím gurb iad mo thuismitheoirí iad
ach ní hiad ar ndóigh

Agus sinn ag éirí aníos dúradh linn - gealladh dúinn -
go bhfeicfimis ár dtuismitheoirí arís ar neamh

An bhfeicfead iad mar a fheicimise anois
an lánúin thostmhar úd i ngrianghraf de chuid Fred Stein
an ndruidfidh mé níos gaire dóibh
agus an ndéarfaidh mé
'Ní sibhse mo thuismitheoirí'.