2021-04-29

An Duilleog Dheireanach

 
Cad atá
       Ag an duilleog dheireanach
       Le bheith ag maíomh as?
 
       Bhuel –
       Samhlaigh
       Seangán beag
       Ar fán leis féin
       Faoin gcrann.
       Samhlaigh
       Go dtugann sí scáth don seangán
       Ón ngrian loiscneach
       Is í ag luascadh go fiáin sa ghaoth.
       Is cuma
       Má shracann an ghaoth
       Ón gcrann í.
 
       Nár mhéanar dá dtitfeadh sí ar an seangán beag
       Go séimh
       Ar nós scáth fearthainne mór glas
       Is fanacht
       Le miongháire mioscaiseach
       Go dtiocfadh máthair an tseangáin
       Is í ag tabhairt amach
       Gur ceileadh a páiste uirthi –
 
       Cad eile a theastódh ó dhuilleog?

       Veerankutty