2020-11-28

D’fhéadfadh focal amháin an aghaidh a ghealadh

D’fhéadfadh focal amháin an aghaidh a ghealadh –
Aghaidh an té a thuigeann luach na mbriathra.
Nuair a aibíonn sé sa chiúnas
Tagann flosc chun saothair ar an mbriathar aonair.

D’fhéadfadh focal amháin deireadh a chur leis an gcogaíocht
Nó cneácha a leigheas
Agus tá focal ann a dheineann im is mil
Den nimh.

Lig don bhriathar aibiú ionat.
Tarraing siar an smaoineamh neamhaibí.
Seo leat, tuig an briathar
A dheineann deannach d’airgead is de mhaoin an tsaoil.

Tuig nuair a bhíonn géarghá le siolla
Agus tuig nuair nach ceart aon ní in aon chor a rá.
D’fhéadfadh an briathar ocht bparthas Dé
A dhéanamh den chruinne ifreanda.

Lean an tSlí. Ná lig don eolas atá cheana agat
Dallamullóg a chur ort.
Bí ar t’airdeall. Féach an abhainn
Sula dtéir ina cuilithe.

Is minic a bhris béal duine a shrón.
A Yunus, abair rud amháin eile
I dtaobh chumhacht an fhocail:
Mise an t-aon fhocal a thagann idir mé is Dia.

Yunus Emre