Gar go leor dá háit chónaithe a bhíos
Nuair a chuala mé Layla ag glaoch.
An guth sin, d’fhéadfainn éisteacht leis go brách na breithe.
Thug sí taitneamh dom, tharraing chuici féin mé,
Thug isteach ina dúiche mé,
Labhair sí liom i mbriathra séimhe.
Chuir sí ina suí in aice léi féin mé, is dhruid níos gaire,
D’ardaigh an clóca a bhí idir mé agus í,
Is bhí alltacht orm is ionadh,
Chuir a háilleacht mearbhall orm.
Thóg sí mé is líon le hiontas mé,
Is chlúdaigh mé ina croí istigh,
Go dtí gur mheasas go mba ise mise,
Is bhíos i ngreim aici.
D’athraigh sí mé is chlaochlaigh mé,
Is d’fhág sí orm a sainchomhartha,
D’fháisc chuici mé, chuir uaithi mé,
D’ainmnigh mé mar a ainmníodh ise.
Chreach sí mé, dhein smidiríní díom,
A raibh fágtha díom á thumadh aici ina cuid fola.
Ansin, tar éis mo bháis, d’ardaigh mé:
Tá mo réaltsa ag lonrú san fhirmimint aici.
Cá bhfuilim idir chorp chleite is sciathán
Cá bhfuil m’anam uaim? Go deimhin,
Is ag lonrú uaithise a bhí –
Rúin a bhí ceilte orm.
Ní fhaca mo shúile riamh ach í:
Níl fianaise acu ar aon ní eile.
Ise is brí le gach uile bhrí.
Glóir go deo dá Cruthaitheoir!
Más mian leat cur síos a dhéanamh ar an áilleacht
Glac chugat féin cuid dá gile anseo
Glac uaimse í. Is í mo chuid ealaíne í.
Ní baoth-nós agam é.
Ní bréag a d’inis mo Chroí
Nuair a nochtas ár gcumann rúnda.
Más scriosta atáim is mé an-an-ghar di
Is uirthi a mhairim fós i gcónaí.