2019-08-29

Gandhi agus Géarchéim ár Linne

Gníomhaí míorúilteach ab ea Mohandas K. Gandhi (1869 - 1948) a bhfuil comóradh agus ceiliúradh á dhéanamh air i mbliana, 150 bliain ó rugadh é.

Dá mbeadh sé beo inniu, chuirfeadh an nualiobrálachas masmas air. Agus cad faoin teicneolaíocht? An mbeadh Gandhi i gcoinne na bhfón cliste agus an trealaimh eile go léir atá ag daoine a mhaireann sa domhan 'forbartha'?

Déarfainn go mbeadh sé sásta go maith le trealamh dua-sheachanta, trealamh ar bith a dhéanann obair na mban tí níos éasca (nó pé duine atá i mbun ghlanadh an tí!) - an folúsghlantóir, abair. Ach bheadh sé in aghaidh trealamh ar bith a chruthódh dífhostaíocht. Sa tslí sin, Luddach ab ea é.

Samhlaítear masla go minic leis an bhfocal Luddach ach cuimhnigh gur loit na Luddaigh innealra ar an gcúis go raibh jabanna á gcailliúint seachas á gcruthú de dheasca an innealra chéanna.

Ina leabhar Vedic Ecology: Practical Wisdom for Surviving the 21st Century (Novato, California: Mandala, 2002), deir Ranchor Prime linn gur thaitin saol na sráidbhailte go mór le Gandhi, comhar na gcomharsan ach go háirithe, an fhealsúnacht sin a bhí i réim in Éirinn, leis, sa ré réamhthionsclaíoch:
  “Mohandas Gandhi, called by his people Mahatma, which means ‘great soul’, loved India’s villages. He believed that they were the key to its happiness and prosperity. In the face of powerful political and economic forces, he tried courageously to  preserve their simple way of life . . ."

Bheadh alltacht ar Gandhi dá bhfaigheadh sé amach ní hamháin go bhfuil  meath ar chomhar na gcomharsan ach nach bhfuil aithne ag daoine ar a gcomharsana a thuilleadh, go háirithe sna mórchathracha. Bheadh alltacht air dá bhfeicfeadh sé na céadta mílte feirmeoirí san India agus lámh á cur acu ina mbás féin: in áit lotnaidicíd a spraeáil ar a gcuid barr, glacann siad fein an lotnaidicíd mar nach bhfuil ar a gcumas iasachtaí a aisíoc leis an mbanc, nó leis an gcomhlacht eachtrannach a dhíol síolta leo!

Tuigeadh do Gandhi go raibh dóthain acmhainní ann do gach duine - agus dóthain bia - agus gur thosaigh na fadhbanna móra nuair nach rabhamar sásta maireachtáil ar bhonn orgánach, neamhspleách a thuilleadh; ní bheadh aon bhochtaineacht ann dá dtógfadh gach duine againn an méid a bhí riachtanach agus gan dul thairis sin, dar leis.

Chreid Gandhi sa dílárú. Nach aisteach go dtugann an Foclóir Gaeilge-Béarla ar líne an sampla seo den fhocal 'dírlárú' dúinn: decentralisation turned out to be a failure : tharla gur theip ar an dílárú.

Cén fáth nach 'decentralisation turned out to be a success' an sampla a tugadh? Lá de na laethanta seo, caithfear anailís a dhéanamh ar na habairtí samplacha go léir a thugann na foclóirí dúinn, ar eagla go mbeadh teachtaireacht rúnda laistiar díobh!

Ar aon chuma, dá dtabharfadh Gandhi cuairt ar Éirinn inniu, táim cinnte go gcuirfeadh bánú na tuaithe brón agus imní air. Ar nós Tolstoy agus Kropotkin a bhí léite go maith aige, chreid sé nach mbeadh againn in éagmais an díláraithe ach cumhacht níos mó a bheith ag an stát láraithe agus ní hé sin a bhí uaidh ach a mhalairt. Ainrialaí ab ea Gandhi sa mhéid sin.

Meath na Teanga

Chuirfeadh meath na teanga agus meath an chultúir in Éirinn alltacht agus uafás air. Theastaigh ó Gandhi  go mbeadh an India saor ó chuing na Breataine, mar fhórsa polaitíochta, eacnamaíochta agus cultúrtha. Deir Prime:
"He had always said that real independence for India was not just to become free from British rule. It was also to become free of British culture  . . ."

Tá fáil anois ar phóstaeir dhátheangacha a dhéanann ceiliúradh ar Gandhi, haiku le Gabriel Rosenstock maisithe ag an gCaismíreach Masood Hussain:

Haiku Posters by GandhiHaikuPosters



Foilseofar leabhar Rosenstock Walk with Gandhi: Bóthar na Saoirse i mí Dheireadh Fómhair.