2013-09-01

Graifítí an Lae: Thomas Pynchon

Tá teoiric ag imeacht gur comhcheilg ollmhór Mháisiúnach ab ea na Stáit Aontaithe agus is ea fós agus an grúpa ar a dtugtar na hIlluminati i gceannas ar an rud ar fad. Is deacair stánadh i bhfad ar an tsúil aonair aisteach sin ar bharr na pirimide atá ar gach nóta dollair gan géilleadh, beagán, don scéal.
Thomas Pynchon