2018-01-31

Gaoth, 9

A ghaoth, tar go séimh.
Ná bris comhlaí na bhfuinneog.
Ná scaip na páipéir.
Ná leag na leabhair de na seilfeanna.
Féach anois cad atá déanta agat - táid go léir leagtha agat.
Stróic tú leathanaigh na leabhar.
Thugais an bháisteach leat arís.
An-chliste atá tú ag spochadh as lagracháin.
Tithe sobhriste, doirse agus fraitheacha ina snaois,
adhmad, colainneacha, beathaí,
croíthe ina snaois -
cáitheann is bascann dia na gaoithe iad go léir.
Ní éisteodh Sé leat.
Mar sin, tógaimis tithe daingne,
bíodh na doirse teann.
Bíodh an cholainn teann.
Dein dílis an croí.
Dein sin agus beidh na gaotha mór linn.
Mhúchfadh an ghaoth an tine sionnaigh.
Neartódh is chothódh an bhéilteach thine.
Is maith é an cairdeas eadrainn.
Molaimid gach lá í.

Subramania Bharati

2018-01-30

glanta ag an mbáisteach ....

Martin U Waltz
glanta ag an mbáisteach ....
na leannáin go léir
idir bhuan is neamhbhuan
washed away by rain . . .
the names of lovers
false and true
emportés par la pluie...
les noms des amants
vrais ou faux

Leagan Fraincise: Daniel Py
τα πλένει η βροχή . . .
ονόματα ερώτων
ψέμα κι αλήθεια

Leagan Gréigise: Sarah Thilykou

2018-01-29

machnamh . . .

Hengki Koentjoro
machnamh . . .
deireadh
leis an lánstad
meditation . . .
the full stop
disappears
διαλογισμός . . .
με την τελεία
να εξαφανίζεται

Leagan Gréigise: Sarah Thilykou

2018-01-28

Amhrán na Mná Pósta

Nach í an bhean a d'iompair iad,
Nach í an bhean a thóg iad,
Cén fáth a gcuireann siad an milleán ar an mbean i gcónaí,
Na dúramáin, nach dall atáid.

Is ionann iad sa bhroinn
Is ionann iad ag fás
Ar ball glacfaidh an cailín go grámhar lena dtabharfaí di
Tógfaidh an buachaill a chuid féin le teann fórsa.

Ar mhaithe le hairgead, le trust
Ar mhaithe le cairdeas
Ná tabhair cailín do chorpán beo
Gan suáilce, óige ná scéimh ag roinnt leis.

Ná habair, 'Is bochtáin sinn,
Cá bhfaighimisne seodra?'
In áit caitheamh ort féin
Tabhair éadaí is ornáidí dod' chlann iníonacha.'

Sañciya Honnamma 

 

 

2018-01-27

Ar Thuama an Bhochtáin Seo

Ar thuama an bhochtáin seo
ní bheidh laindéar
ná bláth, ná sciatháin leamhain, ná guth
an fhiliméala

An Banimpire  Nur Jahan


On the tomb of us poor people
there will be neither a light
nor a flower, nor wings of a moth, nor the voice
of a nightingale

Aistrithe ón bPeirsis ag Barakat Ullah

2018-01-26

Samhradh

Tar éis don loscadh
luaith a dhéanamh de gach ní
na hainmhithe san áireamh
dreapann suas seanchrann seargtha
is breathnaíonn uair amháin eile ar an bhforaois,
féachaint cad tá fágtha.

as an Vajjalagam de chuid Jayavallabha

2018-01-25

Anáil

Cheapas m'anáil i mboilg mo scornaí:
las lampa istigh a léirigh mo nádúr íon.
Thrasnaíos an dorchadas, greim docht agam ar an lampa,
na síolta solais á scaipeadh agam feadh na slí.

Lal Ded (1320- 1392)

2018-01-24

Seoithín Seothó

Seoithín Seothó

Seoithín seothó
Suantraí atá ón bpáiste
Tá suantraí ag a mháthair
Is is gearr go mbeidh sé fásta.

Ó, codladh sámh, a stóirín
Tá d’athair ar a bhealach
Is air tá sceitimíní.

Seoithín seothó
Suantraí atá ón bpáiste
Tá suantraí ag a mháthair
Is is gearr go mbeidh sé fásta.

Óró, oscail dom, a ansacht
Oscail dom an doras
Cortha mé gan amhras
Traochta táim ón dtreabhadh.

Seoithín seothó
Suantraí atá ón bpáiste
Tá suantraí ag a mháthair
Is is gearr go mbeidh sé fásta.

Ó, ní osclóidh mé duitse
Níl tú cortha ón dtreabhadh
Bhís i mbun suirí
Ag suirí le do leannán.

Seoithín seothó
Suantraí atá ón bpáiste
Tá suantraí ag a mháthair
Is is gearr go mbeidh sé fásta.
 

Nani Nani

Nani nani
Nani kere el ijo
El ijo de la madre
De chiko se aga grande

Ay, durmite mi alma
Ke tu padre viene
kon muncha alegria

Nani nani
Nani kere el ijo
El ijo de la madre
De chiko se aga grande

Ay, ay avrimesh mi dama
Avrimesh la puerta
Ke vengo kansad’o
De arar las huertas

Ay avrir no vos avro
No venish kansad’o
Sino ke venish
De onde muevo amor

Ah, Nani nani
Nani kere el ijo
El ijo de la madre
De chiko se aga grande

2018-01-23

Aubade

Aubade

Dúisíonn tú is sleamhnaíonn tú go ciúin as an seomra,
an doras á dhúnadh agat i do dhiaidh. Mo shúile druidte,
beirim ar do philiúrsa is mé ag súil
le boladh éigin a fháil ó chumracht rúnda do cholainne.

Ní raibh greim chomh docht riamh agam ort
is atá anois is tú as láthair,
ach cuachann tú nuachtán na maidine le d'ucht
sa chistin is tae agat á shlogadh siar.

Aubade

You wake up and slip quietly out of the room,
shutting the door behind you. Eyes closed,
I clasp your pillow in hopes of smelling out
the faintest trace of your body’s secret perfume.

Never before have I held you more closely
than I hold you now in your absence,
but you hug the morning paper to your chest
in the kitchen and wash it down with a cup of tea.

R. Parthasarathy

2018-01-22

Gairdín Gheitséamainí

Kon Markogiannis
i ngach aon bhall
den chruinne seo . . .
Gairdín Gheitséamainí
in every corner
of this world . . .
Garden of Gethsemane
σε κάθε γωνιά
αυτού του κόσμου...
Κήπος της Γεθσημανή

Leagan Gréigise: Sarah Thilykou

2018-01-21

2018-01-20

Paidir

Paidir


Bronn orm an neart chun breathnú ort, gile
na gréine a fhulaingt;
an neart chun rabhadh a thabhairt do longa i gcéin
lem' dhrumadóireacht, a bheith im' phéarladóir,
traein bhréige a thiomáint,
teacht slán as gorta,
íocshláinte a bhaint as trilseáin
an enfant femme.
Bronn orm, uair amháin eile, seachmall.
Agus bíodh is nach Sócraitéas ar bith mé,
bronn orm fís éisteachta, chun go snámhfainn
i sruthanna thírdhreacha na bhfilí Francacha,
iad leath ar oscailt, ar snámh i mo chuid fola.

Bronn orm aibítir
an eitleáin agus na cathrach
a ligfeadh dom suí taobh le seanmháthair chríonna.
Bronn orm arís eile dréimire
mar sheachmall
chun go ndreapfainn Chugatsa,
chugamsa.

Prabodh Parikh


Prayer

Grant me the strength to look at you, to bear the radiance
of the sun;
the strength to alert faraway ships by my drumbeats,
to be a pearl diver,
to drive a toy-train,
to survive a famine,
to extract the magic potion from the tresses
of the enfant femme.
Grant me, once more, an illusion.
And though I am no Socrates,
grant me the vision to hear, to swim
in the currents of the landscapes of French poets
which, half-open, float away in my blood.

Grant me an alphabet
of airplane and city,
which would let me sit by an ageing grandmother.
Grant me, once more, the illusion
of a ladder
to climb to You,
to me.

Prabodh Parikh


2018-01-19

Abdul Sotalach

Abdul Sotalach

Samhlaigh sotal Abdul bhoicht:
Arsa Abdul bocht: 'Bead i m'fhear mór lá breá éigin.'
Arsa Abdul bocht: 'Raghaidh mé ar scoil.'
Arsa Abdul bocht: 'Íosfaidh mé go dtí go mbeidh mé lán.'
Arsa Abdul bocht: 'Is mian liom a bheith saor'.
Arsa Abdul bocht: 'Is fuath liom an ricseá a tharraingt.'
Arsa Abdul bocht: 'Is fuath liom ragobair.'
Arsa Abdul bocht: 'Ní maith liom na saoistí ag tabhairt amach dom.'
Arsa Abdul bocht: 'Ní maith liom obair gan phá.'
Samhlaigh sotal Abdul bhoicht,
a liacht sin éileamh aige, ainneoin é a bheith beo bocht.

Rahul Rai


Cocky Abdul

Just imagine the cockiness of poor Abdul:
Poor Abdul says – “I'll be a big man one day.”
Poor Abdul says – “I'll go to school.”
Poor Abdul says – “I'll eat till I am full.”
Poor Abdul says – “I want to be free.”
Poor Abdul says – “I hate pulling the rickshaw.”
Poor Abdul says – “I hate overtime.”
Poor Abdul says – “I don’t like being scolded by the babus.”
Poor Abdul says – “I hate unpaid work.”
Just imagine the cockiness of poor Abdul,
so many demands, despite being poor.

Rahul Rai

Tá an bunleagan Hindi le léamh anseo

2018-01-18

as an Muttollayiram

Féach ar dhoirse na sráide seo!
Insí ídithe orthu go léir.
Máithreacha á síordhúnadh
iníonacha á síoroscailt.
Tarlaíonn sé sin
aon uair a dtagann an prionsa Kothai,
bláthfhleasca úra á gcaitheamh aige,
ar muin capaill láidir:
síos an tsráid leis
is na cailíní sceitimíneacha
amach leo chun radharc a fháil air.


File anaithnid, ca 9 CE

2018-01-17

Tá na Crainn gan Bhraon Báistí

Arvolés Yoran Por Luvias

Arvolés yoran por luvias
I muntanyas por ayres.
Ansí yoran los mis ojos
Por ti, kerid' amante.
Ansí yoran los mis ojos
Por ti, kerid' amante.

[Torno i digo ke va ser de mí.
En tierras ajenas yo me vo morir].

Blanka sos, blanka vistes,
Blanka la tu figura,
Blankas flores kaen de ti,
De la tu ermozura.

Tá na Crainn gan Bhraon Báistí

Tá na crainn gan bhraon báistí
Is na sléibhte ‘lorg aeir.
Ó mo dhá shúil deora ag titim
Is tú a chuir ag gol iad.
Ó mo dhá shúil deora ag titim
Is tú a chuir ag gol iad.

[Fillim is deirim, cad tá i ndán dom,
I dtír éigin iasachta, an bás i ndán dom.]

Tá tú bán, do ghúna bán,
Mílítheach ó bhun go barr
Blátha bána ag titim díot
Blátha na fíor-áilleachta.

2018-01-16

Jason Symes

Jason Symes
i súil
an éisc ghafa . . .
gaetha na gréine ag éag
in the eye
of a hooked fish . . .
dying rays of the sun

2018-01-15

אמא, מעולם לא ראיתי - רבקה רז :: Mama yo no tengo visto

Mama yo no tengo visto

Mama yo no tengo visto
pasharo kon ojos mavis
ruvio como la canela
blanco como el jasmin

Quen es este pasharico
que en el mi salon entro
pircuro hacerse nido
al dentro de mi corazon

Asentada en mi ventana
lavorando el bastidor
haber muevo me trusheron
que el mi amor se desposo

Despozates mi querido
confiticos me enviaras
Comere con amargura
tambien con mucho llorar

Mama, ní fhaca mé

Mama, ní fhaca mé riamh
éinín is súile chomh gorm
dearg atá sé ar nós cainéil
agus bán ar nós seasmain

Cé atá san éinín beag seo
A tháinig isteach im’ sheomra
Is nidín beag aige tógtha
Istigh i gceartlár mo chroíse

I mo shuí dom cois na fuinneoige
Mé ag obair le mo shnáthaid
Tá scéala tugtha acu chugamsa
A deir go bhfuil mo ghrá bán geallta

Tá tú chun pósadh, a ghrá dhil
Is gheobhadsa milseáin uait mar fhéirín
Íosfadsa gach ceann go searbh
Is beidh deora le mo leiceann.

2018-01-13

Tanka Pictiúrtha

Anders Zorn
nimfeach choille í mo ghrá
ní rún níos mó é
ní d’fheoil í
    nimfeach choille í mo ghrá
    de sholas ar fad
my love is a wood nymph
the secret is out
no creature of flesh is she
    my love – a wood nymph
    made of light

2018-01-12

Dánta leis an bhfile Concáinise Soter Barreto

Gearán an Patranv

Deir an Patranv
‘Ná béic gan ghá
Ná caill an cloigeann
Ná cuir tús
Le clampar.
Labhair go séimh
Léirigh comhbhá.'

D’éirigh an Patranv
An mhaidin sin
D’ith uibheagán
De cheithre ubh
Bhí arán aige
Le him is subh
Agus d’ól
Gloine bhainne.
Tá ocras fós
Ar na hoibrithe.
 

[Focal Concáinise é patranv, ón bPortaingéilis  Patrão a chiallaíonn ‘saoiste’]

Ingne

Ní raibh ingne
Ar bith ar an máthair, an créatúr
Agus í ina baintreach.

Bhí na hingne sin ídithe
Agus í ag sclábhaíocht
Ar a son.

Níor dheineadar san
Aon ní eile
I gcaitheamh a saoil
Ach snas a chur ar a gcuid ingne –
Dathanna deasa!

Táim gan Suan

An bhfuil goimh ort?
Led’ thoil, éist liom!
Ar m’fhocal
Ní raibh tuairim riamh agam
Conas suirí
A dhéanamh leat
Súil a chaochadh leat
Conas do dhlaoithe a mhuirniú
Cén seampú
Púdar
Nó ungadh a thabharfainn duit
Cá dtabharfainn thú
Le haghaidh uachtair reoite
Nó conas barróg a bhreith ort
Conas tú a mhealladh
Is mil a chuimilt leat
Ní raibh tuairim faoin spéir agam
Conas tabhairt faoi
Mar sin féin
Ní fhéadfainn
Scaoileadh leat
Cén fáth, fiafraím díom féin. Cén fáth?
Tá sé seo ag tarlú le mí anuas
Nuair a smaoiním ort
Istoíche
Bím gan suan.
 

Go naofar d’ainm

A Dhia
Go naofar d’ainm
Sa teampall
Sa mhosc
San eaglais
Sa ghurdbhara
Bíodh an t-impíoch
Ina Ram
A Rahim
A Rosario
A Ranjit
A Dhia
Go naofar d’ainm
Go naofar d’ainm

Srón an Aire

Tá muintir na tíre
Agus a gcuid laindéar ar lasadh acu
Ag fánaíocht thall is abhus
Sa tóir ar a shrón
A chaill sé
Nuair a deineadh Aire de.
 

Fiabhras ag dul in olcas 

Tá ocras orm
Gan bhia
Tá tart orm
Gan uisce
Tá tinteán ann
Gan adhmad
Feirmeoir
Gan ghoirt
Céachta
Gan daimh
Níl conair agam
A siúlfainn uirthi
Níl oíche ann
Chun go gcodlóinn
Níl lá ann
Chun go ndúiseoinn
Tá fiabhras orm
Gan kanji a chothódh mé
Níl airgead agam
Chun nimh a cheannach
Níl radharc
Ar chrann
Dom bhreocharn
Ná dom’ chónra

An Kaxtti a Chaithim

Tháinig sé
Agus ghlac grianghraf
Den kaxtti a bhí orm.
Bhí clú agus cáil ar fud an domhain
Ar mo kaxtti dearg.
Ghlac mo kaxtti páirt
I dTaispeántas
Agus bhuaigh duaiseanna
A chuir seisean ina phóca.
Níl ionamsa ar ndóigh ach kaxttikar bocht
I gcónaí.

(Bréid gabhail a chaitear i nGoa é an kaxtti, d’éadach dearg de ghnáth. Ní chífeá ar éinne inniu é seachas seanóirí thíos faoin tír)
================

Sa Choncáinis a scríobhadh na dánta seo agus táim buíoch de Augusto Pinto a chuir Béarla orthu.


2018-01-11

Cur Síos ar an Té atá ar Iarraidh

Cuma na cruithneachta air, nósanna na tuaithe,
rian méirscre ar a chlár éadain,
airde, ní faoi bhun cúig troithe,
labhrann faoi mar nach eol dó cad is dobrón ann.

Stad cainte.
Aois? Ábhairín níos mó ná roinnt mílte bliain, deir sé.
Gealt, ba dhóigh leat é - ach ní hea.
Is minic a thit ó thalamh ard is gur bascadh é.

Mar sin, an chuma air gur caitheadh le chéile é
ar nós léarscáil na hIndia.


Kunwar Narayan


2018-01-10

Harry Brockway

Yeats - Harry Brockway
tráthnónta samhraidh . . .
moillíonn scáil
ar chladach Inis Fraoigh
summer evenings ...
a shadow lingers on the shore
of Innisfree
simmer eenins . . .
a sheddae hings on the strand
o innisfree

Leagan Béarla na hAlban: John McDonald
καλοκαιρινά βράδια...
μια σκιά στην ακτή
του Ίνισφρι

Leagan Gréigise: Sarah Thilykou
夏の宵
去りがたし影
イニスフリーの渚

Leagan Seapáinise: mariko sumikura
soirs d'été...
une ombre traîne
sur la côte d'Innisfree

Leagan Fraincise: Daniel Py

2018-01-09

Nirvana Shatakam





mano buddhi ahankara chittani naaham na cha shrotravjihve na cha ghraana netre na cha vyoma bhumir na tejo na vaayuhu chidananda rupah shivo'ham shivo'ham

Ní mé an aigne, an intleacht, an ego ná an chuimhne,
Ní mé na cluasa, an craiceann, an tsrón ná na súile,
Ní spás mé, ná talamh, ná tine, uisce ná gaoth:
Foirm an chomhfheasa agus na lúcháire mé,
Is mise Síve síoraí

na cha prana sangyo na vai pancha vayuhu na va sapta dhatur na va pancha koshah na vak pani-padam na chopastha payu chidananda rupah shivo'ham shivo'ham

Ní anáil mé, ná na cúig dúile,
Ní damhna mé, ná cúig thruaill an chomhfheasa
Ná ní urlabhra mé, ná lámha, ná na cosa:
Foirm an chomhfheasa agus na lúcháire mé,
Is mise Síve síoraí

na me dvesha ragau na me lobha mohau na me vai mado naiva matsarya bhavaha na dharmo na chartho na kamo na mokshaha chidananda rupah shivo'ham shivo'ham
Ní bhaineann ‘is maith-ní maith’ liom,
Ná saint ná seachrán,
Ní bhaineann mórtas liom ná éad,
Níl dualgas ar bith orm
Ná dúil sa mhaoin, sa drúis ná sa tsaoirse:
Foirm an chomhfheasa agus na lúcháire mé,
Is mise Síve síoraí

na punyam na papam na saukhyam na duhkham na mantro na tirtham na veda na yajnah aham bhojanam naiva bhojyam na bhokta chidananda rupah shivo'ham shivo'ham

Gan suáilce, gan duáilce, gan phléisiúr, gan phian,
Níl gá agam le mantra, le hoilithreacht,
Le scrioptúr, le deasghnáth,
Ní mé an t-eispéireas ná neach a raibh eispéireas aige:
Foirm an chomhfheasa agus na lúcháire mé,
Is mise Síve síoraí

na me mrtyu shanka na mejati bhedaha pita naiva me naiva mataa na janmaha na bandhur na mitram gurur naiva shishyaha chidananda rupah shivo'ham shivo'ham

Ní bhaineann eagla roimh bhás liom,
Sainaicme ná creideamh ar bith,
Níl athair agam ná máthair
Mar nár rugadh riamh mé,
Ní gaol le héinne mé, ná cara,
Ní oide ná dalta mé:
Foirm an chomhfheasa agus na lúcháire mé,
Is mise Síve síoraí

aham nirvikalpo nirakara rupo vibhut vatcha sarvatra sarvendriyanam na cha sangatham naiva muktir na meyaha chidananda rupah shivo'ham shivo'ham

Ní bhaineann déachas liom, éagruth é mo chruthsa,
Mairim gach áit, ar fud na gcéadfaí uile,
Níl ceangal orm, nílim saor ná i mo dhaor:
Foirm an chomhfheasa agus na lúcháire mé,
Is mise Síve síoraí

Adi Shankara

2018-01-08

Kon Markogiannis (2)

Kon Markogiannis
adhlactha
san aigne . . .
fírinní ársa
buried
in the mind . . .
ancient truths
θαμμένες είναι
μέσα στο μυαλό
οι αρχαίες αλήθειες

Leagan Gréigise: Sarah Thilykou

2018-01-07

Oileán an Tairbh

Jason Symes
Bull Island . . .
training ground once
for trench warfare

Oileán an Tairbh . . .
cogaíocht trinsí á cleachtadh ann
tráth

2018-01-05

Kon

bréan den anaithne . . .
beocht ag teacht arís
sna seandéithe

tired of obscurity  . . .
ancient gods
come alive

κουράστηκαν κρυμμένοι...
αρχαίοι θεοί
που ζωντανεύουν

Sarah Thilykou a dhein an leagan Gréigise

2018-01-04

Duilleog

Grianghraf/ Photo: Jason Symes
Dearadh/ Design: Ciaran O'Shea
Tanka: Gabriel Rosenstock

2018-01-03

Youngho Kang (6)

abhainn ag damhsa  . . .
cé a mhúin
an damhsa di


dancing river  . . .
who has  taught it
how to dance

2018-01-02

Youngho Kang (5)

abair
uair amháin eile é . . .
amhrán na heala bailbhe


sing it
one more time
song of the mute swan

2018-01-01

Youngho Kang (4)

tranglaim
an ego  . . .
glaonn an chéad chuach

entanglements
of the ego  . . .
the first cuckoo calls