2018-01-31

Gaoth, 9

A ghaoth, tar go séimh.
Ná bris comhlaí na bhfuinneog.
Ná scaip na páipéir.
Ná leag na leabhair de na seilfeanna.
Féach anois cad atá déanta agat - táid go léir leagtha agat.
Stróic tú leathanaigh na leabhar.
Thugais an bháisteach leat arís.
An-chliste atá tú ag spochadh as lagracháin.
Tithe sobhriste, doirse agus fraitheacha ina snaois,
adhmad, colainneacha, beathaí,
croíthe ina snaois -
cáitheann is bascann dia na gaoithe iad go léir.
Ní éisteodh Sé leat.
Mar sin, tógaimis tithe daingne,
bíodh na doirse teann.
Bíodh an cholainn teann.
Dein dílis an croí.
Dein sin agus beidh na gaotha mór linn.
Mhúchfadh an ghaoth an tine sionnaigh.
Neartódh is chothódh an bhéilteach thine.
Is maith é an cairdeas eadrainn.
Molaimid gach lá í.

Subramania Bharati