2014-02-17

Ar an lá seo 17 Feabhra

Ar an 17 Feabhra, 1986, cailleadh Jiddu Krishnamurti:

“Ní daoine atá ag teastáil ó rialtais ach teicneoirí éifeachtacha, mar is baol do rialtais é an daonnaí – agus is baol do reiligiúin eagraithe é chomh maith. Sin an fáth a dteastaíonn ó rialtais agus ó eagraíochtaí creidimh smacht a bheith acu ar chúrsaí oideachais.”


Ar nós an Bhúda, níor theastaigh ó Jiddu Krishnamurti go leanfaí é ná go ndéanfaí aithris ar a chuid ráiteas mar a dhéanfadh pearóid. Theastaigh uaidh go n-éistfeadh daoine leis go haireach agus a chuid ráiteas a thástáil dóibh féin, go ciúin. An fíor gach ráiteas uaidh, an ráiteas thuas, abair, nó aon cheann de na ráitis thíos? Chomh maith le ráitis shuntasacha uaidh anseo, tá scata físeán. An aigne chiúin amháin a thuigfidh éirim na bhfiseán sin; nó, chun é a rá ar shlí eile, an aigne a thuigfidh éirim na bhfiseán sin, éireoidh sí ciúin.

 “Caithfidh tú an saol ar fad a thuiscint seachas díreach píosa beag de. Sin an fáth a gcaithfidh tú léamh, sin an fáth a gcaithfidh tú féachaint ar na spéartha, sin an fáth a gcaithfidh tú canadh agus damhsa, agus dánta a scríobh agus fulaingt agus tuiscint a bheith agat, mar sin é an saol go léir.”

“Má thuigimid an fhadhb i gceart, tiocfaidh an freagra aisti, mar níl an freagra deighilte ón bhfadhb.”

“Is foréigneach an rud é Indiach, Moslamach, Críostaí, Eorpach nó aon ní eile a thabhairt ort féin. An léir duit an foréigean ann? Fágann sé scartha ón gcuid eile den chine daonna thú. Cothaítear foréigean nuair a scarann tú ó dhaoine eile ar bhonn creidimh, náisiúntachta is traidisiúin. Mar sin an duine atá ag iarraidh an foréigean a thuiscint, ní bhaineann sé le tír ar bith, le creideamh ar bith, le páirtí polaitíochta ná le córas páirteach ar bith; is cás leis tuiscint iomlán a fháil ar an gcine daonna.”

“Ord iomlán is ea an áilleacht. Ach níl an tuiscint sin don áilleacht ag an gcuid is mó againn sa saol atá á chaitheamh againn. D’fhéadfadh gur ealaíontóirí móra sinn, péintéirí móra, inár saineolaithe ar go leor rudaí, ach sa ghnáthshaol laethúil, leis an mbuairt agus leis an ainnise go léir a bhaineann leis, is saol an mhí-ordúil a chaithimid, faraor. Sin mar atá. D’fhéadfá a bheith i d’eolaí mór, d’fhéadfá a bheith i do shaineolaí mór le rá ar ábhar éigin, ach tá do chuid fadhbanna féin agat, streachailtí, pian, imní agus mar sin de. Is í an cheist ná an féidir maireachtáil agus ord iomlán istigh ionainn, gan smacht ná rialú a chur i bhfeidhm, ach nádúr an mhí-oird sin a fhiosrú, cad is cúis leis, conas é a ruaigeadh, é a chur dínn, é a ghlanadh. Bheadh ord beo sa chruinne ansin.

 “Críoch gan chonair í an Fhírinne a deirimse agus níl conair ar bith chuici, ná reiligiún ná seict.”

 “Rud scriosach, drochrud amach is amach is ea údarás d’aon sórt, go háirithe i réimse na smaointeoireachta agus na tuisceana de. Scriosann ceannairí a lucht leanúna agus scriosann an lucht leanúna a gcuid ceannairí. Ní mór duit a bheith i d’oide duit féin agus i do dheisceabal agat féin. Caithfidh tú gach aon ní atá luachmhar agus riachtanach dar le daoine eile a cheistiú.”


http://www.ckuik.com/jiddu_krishnamurti