Beirlín 6 Feabhra 2014
Bainedh preab as an Iar-Aire John Gormley aréir nuair a cuireadh a chuid
 bladhmainn ag slógaí frithchogaidh sna nóchaidí i gcuimhne dó. Bhí 
Gormley díreach tagtha isteach in Aerfort Schönefeld,
 Beirlín, nuair a labhair Niall Farrell ó Chomhghuaillíocht na Gaillimhe
 in Aghaidh Cogaidh leis: "Tusa faoi deara Margaretta D'Arcy a bheith i 
bpríosún," arsa an gníomhaí leis an Iar-Aire.
D'fhreagair
 an tIar-Aire go huaibhreach: "Tá aithne agam ar Mhargaretta D'Arcy," ar
 seisean, faoi mar a mhaolódh sé sin ar chuma éigin na polasaithe ar son
 Arm Mheiriceá a chuir sé chun cinn fad is a bhí sé sa rialtas, 
polasaithe a bhí ag teacht salach ar na hóráidí paiseanta uaidh le linn 
na slógaí frithchogaidh.
Arsa
 an gníomhaí ar son na síochána ansin leis: "Tá aithne agamsa ar 
Mhargaretta chomh maith agus bhí mé ar an rúidbhealach ina teannta. Agus
 is maith is cuimhin liom a bheith i mo sheasamh faoin mbáisteach ar 
Shráid Ui Chonaill, Baile Átha Cliath, agus tusa ag geallúint na hoirc 
is na hairc dúinn agus go mbeadh deireadh le mol míleata SAM in Árfort 
na Sionainne. Agus cad a dhein tú? A mhalairt ghlan. Níl ionat ach 
bréagadóir agus cúlpháirtí i ndúnmharú ar scála ollmhór."
Bhánaigh
 an Gormlach san aghaidh. "Cé thusa?" ar sé. Thug Niall Farrell a ainm 
dó agus gheall an tIar-Aire nach ndéanfadh sé dearmad ar an ainm sin.
                                                     CRÍOCH
 
