2014-02-06

BAINEANN GNÍOMHAÍ AR SON NA SÍOCHÁNA PREAB AS AN IAR-AIRE GORMLEY i mBEIRLÍN

Beirlín 6 Feabhra 2014

Bainedh preab as an Iar-Aire John Gormley aréir nuair a cuireadh a chuid bladhmainn ag slógaí frithchogaidh sna nóchaidí i gcuimhne dó. Bhí Gormley díreach tagtha isteach in Aerfort Schönefeld, Beirlín, nuair a labhair Niall Farrell ó Chomhghuaillíocht na Gaillimhe in Aghaidh Cogaidh leis: "Tusa faoi deara Margaretta D'Arcy a bheith i bpríosún," arsa an gníomhaí leis an Iar-Aire.
D'fhreagair an tIar-Aire go huaibhreach: "Tá aithne agam ar Mhargaretta D'Arcy," ar seisean, faoi mar a mhaolódh sé sin ar chuma éigin na polasaithe ar son Arm Mheiriceá a chuir sé chun cinn fad is a bhí sé sa rialtas, polasaithe a bhí ag teacht salach ar na hóráidí paiseanta uaidh le linn na slógaí frithchogaidh.
Arsa an gníomhaí ar son na síochána ansin leis: "Tá aithne agamsa ar Mhargaretta chomh maith agus bhí mé ar an rúidbhealach ina teannta. Agus is maith is cuimhin liom a bheith i mo sheasamh faoin mbáisteach ar Shráid Ui Chonaill, Baile Átha Cliath, agus tusa ag geallúint na hoirc is na hairc dúinn agus go mbeadh deireadh le mol míleata SAM in Árfort na Sionainne. Agus cad a dhein tú? A mhalairt ghlan. Níl ionat ach bréagadóir agus cúlpháirtí i ndúnmharú ar scála ollmhór."
Bhánaigh an Gormlach san aghaidh. "Cé thusa?" ar sé. Thug Niall Farrell a ainm dó agus gheall an tIar-Aire nach ndéanfadh sé dearmad ar an ainm sin.
                                                     CRÍOCH