2018-08-24

2006

Is iomaí leabhar
is iomaí duanaire
a foilsíodh sa bhliain 2006
agus a cuireadh ar sheastán
an aonaigh leabhar.
Tugaim spléachadh ar chuid acu,
agus ar gach leathanach
ó leathanach 11
go leathanach 30
go leathanach 80,
go leathanach 308,
níl ach aon abairt
amháin:
tá máithreacha agus leanaí
ag lorg bia in Gaza
i measc an bhruscair go léir.

Aharon Shabtai (Iosrael)

2018-08-23

Haiku le Bashō

scairt an phiasúin!

cumha orm
i ndiaidh mo thuismitheoirí

Deir Robert Aitken faoin haiku seo:

“The day labourer and the royal princess bow to their parents before breakfast and light incense in front of their pictures after they are gone. Pheasants will do a diversionary dance to ward off a predator endangering their young, and they symbolise parents in Japanese culture  . . .”

2018-08-22

Haiku le Issa ón mbliain 1803


Sa bhliain 1803

  • Rugadh an file Rúiseach Nikolay Yazykov
  • Rugadh Ralph Waldo Emerson, scríbhneoir Meiriceánach
  • Rugadh Jan Erazim Vocel, file Seiceach
  • Rugadh Prosper Mérimée, scríbhneoir Francach
  • Rugadh Fyodor Tyutchev, file Rúiseach
  • Rugadh Hector Berlioz, cumadóir Francach
  • Rugadh William Smith O'Brien, polaiteoir
  • Cailleadh Arthur Guinness
  • Cailleadh Friedrich Gottlieb Klopstock, file Gearmánach
  • Cailleadh James Napper Tandy, Poblachtach
  • Cailleadh Robert Emmet, Poblachtach
  • Cailleadh Liam Dall Ó hIfearnáin, file:


     "I ngleannta seimh' na héigse 'bhím . . ."


Agus sa bhliain 1803 chum Issa an haiku seo:

d'imíodar go léir
ina nduine is ina nduine . . .
gaoth an fhómhair

.一人づつ皆去にけり秋の風

hitori-zutsu mina sari ni keri aki no kaze

2018-08-21

Ar Uairibh Mothaím i mo Dhílleachta

Ar Uairibh Mothaím i mo Dhílleachta

(Amhrán Spioradálta de Chuid na nDaoine Gorma)


Ar uairibh mothaím i mo dhílleachta
Ar uairibh mothaím i mo dhílleachta
Ar uairibh mothaím i mo dhílleachta
I bhfad ‘bhfad ar shiúl, i bhfad ‘bhfad ar shiúl

Ar uairibh mothaím go bhfuil deireadh liom
Ar uairibh mothaím go bhfuil deireadh liom
Ar uairibh mothaím go bhfuil deireadh liom
Is i bhfad ‘bhfad ar shiúl, i bhfad ‘bhfad ar shiúl
Fíor-chreidmheach
Fíor-chreidmheach
I bhfad ’bhfad ’bhfad ar shiúl, i ’bhfad ’bhfad ar shiúl.


Sometimes I Feel Like a Motherless Child

(Negro Spiritual)


Sometimes I feel like a motherless child
Sometimes I feel like a motherless child
Sometimes I feel like a motherless child
A long way from home, a long way from home

Sometimes I feel like I'm almost done
Sometimes I feel like I'm almost done
Sometimes I feel like I'm almost done
And a long, long way from home, a long way from home

True believer
True believer
A long, long way from home
A long, long way from home

2018-08-20

Samhlaigh


Samhlaigh gan aon neamh ann

Lámhscríbhinn Imagine de chuid John Lennon

Ní deacair é ‘shamhlú
Gan ifreann thíos fúinn
Gan ach spéir os ár gcionn
Samhlaigh gach aon duine
Beo ó lá go lá

Samhlaigh gan aon tíortha ann
Is féidir é ‘shamhlú
Gan reiligiún ar bith ann
Is gan éinne le marú
Samhlaigh gach aon duine
Faoi shuaimhneas is faoi shó

Aislingeach mé id’ thuairim
Ach ní eisceacht mé ar ndóigh
Táim ag tnúth led’ chomhluadar
Is ní bheidh cogadh ann níos mó

Samhlaigh gan aon mhaoin ann
An féidir é ‘shamhlú
Gan saint ar bith ná ocras
An bráithreachas go dlúth
Samhlaigh gach aon duine
’Seasamh taobh le taobh

Aislingeach mé id’ thuairim
Ach ní eisceacht mé ar ndóigh
Táim ag tnúth led’ chomhluadar
Is ní bheidh cogadh ann níos mó

2018-08-19

Nach é an trua é




Nach é an trua é
Cúis náire chugainn ó Dhia
Mar a bhrisimid ár gcroí
An uile dhuine i bpian
Mar a sciobaimid an grá
Is gan smaoineamh air níos mó
Gan smaoineamh ar aisíoc
Nach é an trua é

Mall a bhíonn cúrsaí
Is deacair é a rá
Mar nach bhfuil mórán daoine
'Tá aontaithe sa ghrá
Is mar gheall ar a gcuid deor
Ní fheicfidh siad níos mó
An áilleacht ina dtimpeall
Nach é an trua é

Nach é an trua é
Cúis náire chugainn ó Dhia
Mar a bhrisimid ár gcroí
An uile dhuine i bpian
Mar a sciobaimid an grá
Is gan smaoineamh air níos mó
Gan smaoineamh ar aisíoc
Nach é an trua é

Gan smaoineamh ar aisíoc
Nach é an trua é
Gan smaoineamh ar aisíoc
Ó, nach é an trua é

Mór an trua
Mór an trua, trua, trua . . .

2018-08-18

Briathra an Bhúda

 Yogā ve jāyatī bhūri,
ayogā bhūrisaṅkhayo.
Etaṃ dvedhāpathaṃ ñatvā bhavāya vibhavāya ca,
tathāttānaṃ niveseyya yathā bhūri pavaḍḍhati.

Éíst leis an mBun-Pháilis anseo:
 http://host.pariyatti.org/dwob/dhammapada_20_282.mp3
 

Eascraíonn gaois as machnamh;
in éagmais an mhachnaimh, éagann an ghaois.
Nuair is eol duit conair an dul chun cinn is conair an dul ar gcúl,
iompair thú fhéin ar shlí nach baol don ghaois.

2018-08-17

LEANAÍG’ AR AGHAIDH

Tá fear liomsa ar an mbóthar
Is tá guth ionam ag comhrá
Sea tá guth ionam ag áiteamh
Leanaíg’ ar aghaidh, leanaig’ ar aghaidh

Tá siad lán de scéalta folmha
Baineann madraí plaic as colainn
Cuirfear sinn faoi ghlas i bpríosún
Leanaíg’ ar aghaidh, leanaíg’ ar aghaidh

Nuair nach féidir bogadh a thuilleadh
Beir ar lámh ar do dheartháir
Leagtar caisleáin ‘ndiaidh a chéile
Leanaíg’ ar aghaidh, leanaíg’ ar aghaidh
Leanaíg’ ar aghaidh, leanaíg’ ar aghaidh
 

CARRY IT ON

There's a man by my side walking
There's a voice within me talking
There's a voice within me saying

Carry it on, Carry it on

They will tell their empty stories
Send their dogs to bite our bodies
They will lock us up in prison

Carry it on, Carry it on

When you can't go on any longer
Take the hand of your brother
Every victory brings another

Carry it on, Carry it on
Carry it on, Carry it on.

2018-08-16

TÁ AN SAOL IMITHE LEIS

Tá an saol imithe leis
Tá na gaotha imithe leo
Tá tusa is mise imithe linn
Sé bláth na hóige é an dóchas
Deirfiúr an tosta í an chuimhne
Arraing na fírinne – deora
Is páistí mar chór na réaltaí
Peitil ina n-ainm cois leapa
Is an bhrionglóid mar mhonabhar ón rós inné

Tá an saol imithe leis
Tá na gaotha imithe leo
Tá tusa is mise imithe linn
An eagla mar mhasc ar an réasún
Is bréag í an tsaoirse gan onóir
Síocháin mar lasair againn ’nár lámh’
An duine mar dhuilleog na sailí
An grá mar chogar na gaoithe
Is na gairdíní ’roinntear, nílid leo féin

Tá an saol imithe leis
Tá na gaotha imithe leo
Tá tusa is mise imithe linn
Tá an saol imithe leis
Tá na gaotha imithe leo
Tá tusa is mise imithe linn

2018-08-15

ATHRÚ ANN


Athrú ann, athrú ann
Nithe daingne – ní daingean atáid
Seo an t-am, seo an t-am
A tugadh dúinn le bheith beo

Cnuasaigh is tiocfaidh lá
Fan i dtiúin leis an bplean ’tá ag grá

Fírinne ann, fírinne ann
An rud nach bhfuil fíor bhuel ní hann dó
Casadh thart is timpeall
Rinc le haghaidh lá nach mbeidh eagla ann

Cnuasaigh is tiocfaidh lá
Fan i dtiúin leis an bplean ’tá ag grá

Athrú ann, athrú ann
Nithe daingne – ní daingean atáid
Casadh thart is timpeall
Rinc le haghaidh lá nach mbeidh eagla ann

Níl eagla ann
Níl eagla ann.

2018-08-14

CAOINEADH AN DAOIR


Ó ba thall sa tSeineagáil, is gan saoirse agam le fáil
Mé ruaigthe go Virginia,-ginia, Ó.
An Afraic Thiar mo bhrón, críoch nach bhfeicfidh mé níos mó
Uch monuar! Tá mé creachta, creachta Ó.

Is ar a cósta mín, sioc ná sneachta bán ní bhíonn,
Gach abhainn ag rith de shíor, blátha gleoite ann ar m’fhíor!
Uch monuar! Tá mé creachta, creachta Ó.

Gach ualach orm, gach tasc, is is eagal dom an lasc
I gcríochaibh seo Virginia,-ginia, Ó
Gan aon chara agam sa chúirt, is níl faic im’ shaol ach buairt
Uch monuar! Tá mé creachta, creachta Ó.

THE SLAVE’S LAMENT

It was in sweet Senegal that my foes did me enthral,
For the lands of Virginia,-ginia, O.
Torn from that lovely shore, I must never see it more;
And alas! I am weary, weary O.

All on that charming coast is no bitter snow and frost,
Like the lands of Virginia,-ginia, O:
Their streams for ever flow, and their flowers for ever blow,
And alas! I am weary, weary O.

The burden I must bear, while the cruel scourge I fear,
In the lands of Virginia,-ginia, O;
And I think on friends most dear, with the bitter, bitter tear,
And alas! I am weary, weary O.

Robert Burns

2018-08-13

FAN AMACH ÓN UISCE


Fan amach ón uisce
Brónach é mar scéal
Cad a tharla don uisce
Tá an t-uisce bréan

Aigéan, abhainn, loch, sruthán
Ag daoine loite ‘tá
An nimh ag imeacht léi le sruth
Is tá an domhan á bhá
Fan amach ón uisce
Fan amach ón uisce

Slaod fiacla is gallúnach, aigéin ag cur thar maoil
Cad tá le déanamh chun nach méadófaí ar an mbaol
Ionamsa a thús
Ionatsa a thús

Fan amach ón uisce
Ná déan aon dochar dó
Bí cineálta le huisce
Is ná truailligh é níos mó

2018-08-12

2018-08-11

The Little White Rose / An Róisín Bán

The Little White Rose

 (To John Gawsworth)

The rose of all the world is not for me.
I want for my part
Only the little white rose of Scotland
That smells sharp and sweet —
            and breaks the heart.

Hugh MacDiarmid 

An Róisín Bán

Rós na cruinne go léir ní domsa é
Níl uaimse i ndáiríre
Ach róisín bán na hAlban
Is géar agus is cumhra é –
            is briseann sé an croí.
 
  

Ròsan

Chan eil mi 'g iarraidh ròsan an t-saoghail-mhòir.
Chan eil mi 'g iarraidh air mo chuid fhèin dheth
Ach Ròsan Bàn na h-Alba le fàileadh cùbhraidh 's geur
A sgàineas cridhe na dhà leth.

Rody Gorman a chuir Gaeilge na hAlban air.


Die kleine, weiße Rose

Die Allerweltsrose ist nichts für mich
Ich für meinen Teil will
Nur die kleine, weiße Rose aus Schottland,
Die stark und süß riecht –
                    und das Herz bricht.


 Jürgen Schneider a chuir Gearmáinis air

2018-08-09

Maidin/ Morgen

File: John Henry Mackay
Cumadóir: Richard Strauss

MAIDIN

Is beidh an ghrian ag taitneamh ’rís amárach
Is ar an mbealach, ar a mbeidh mo shiúlsa
Beimid lánaontaithe má bhíonn an t-ádh linn
Is timpeall orainn beidh an domhan ag análú . . .
Is chun na trá is chun na dtonnta gorma
Beimid ag triall, faoi thost linn síos faoi shuaimhneas
Gan siolla uainn ag stánadh ar a chéile
Is beidh brat sona subhach séimh orainn anuas

MORGEN

Und morgen wird die Sonne wieder scheinen
und auf dem Wege, den ich gehen werde,
wird uns, die Glücklichen sie wieder einen
inmitten dieser sonnenatmenden Erde...
und zu dem Strand, dem weiten, wogenblauen,
werden wir still und langsam niedersteigen,
stumm werden wir uns in die Augen schauen,
und auf uns sinkt des Glückes stummes Schweigen...

2018-08-08

Albain

Albain


Theastódh grá buan daingean chun léamh domhain
A dhéanamh ar leagan amach tíre,
Teacht ar thuiscint de réir a chéile ar scáthú fíneáilte,
An bhrí mhór laistiar de shiombailí leochaileacha,
Guth an chine a labhrann go bog a chlos fá dheoidh,
Cumraíocht is cuair ar chliathán deilbhe a fheiscint
Greanta i marmar na dúiche trí chéile,
Bí i d’Earrach, mar a bheadh lámh i bhfuinneog ann
Seanrudaí is rudaí Nua a bhogadh go cúramach thall is abhus,
Bog cuid de bhláth anseo
Leag orlach den aer ansiúd,
Is gan aon ní a bhriseadh.
Is mar sin a chnuasaíos chugam féin
Bloghanna uile na hAlban,
Agus trína n-ainmniú agus glacadh leo,
Gean a thabhairt dóibh agus mé féin a chomhshamhlú leo,
Thugas faoin iomlán a chur in iúl.
 

 Scotland


It requires great love of it deeply to read
The configuration of a land,
Gradually grow conscious of fine shadings,
Of great meanings in slight symbols,
Hear at last the great voice that speaks softly,
See the swell and fall upon the flank
Of a statue carved out in a whole country’s marble,
Be like Spring, like a hand in a window
Moving New and Old things carefully to and fro,
Moving a fraction of flower here,
Placing an inch of air there,
And without breaking anything.
So I have gathered unto myself
All the loose ends of Scotland,
And by naming them and accepting them,
Loving them and identifying myself with them,
Attempt to express the whole.
 

Hugh MacDiarmid

2018-08-07

SUANTRAÍ DO NA MAIRBH



SUANTRAÍ DO NA MAIRBH

Mar an ngrian, ar maidin múchta
Is an ré sa tsáil’ á bá
Nó, a ghrá le scaipeadh an drúchta
Tá tusa imithe uaim go brách!

Cloisim fós é ceol mór na píbe
Ar an ngaoth ón trá thall
Ach ní chloiseann tú mé ag caoineadh
Ní fheicfidh mé do ghnúis ar ball!

I do chodladh, i do chodladh
Ó táim gan suan is gan aon sólás,
Táim ag caoineadh, táim a chograch
Is leag do cheann ar m’ucht go sámh.

I do chodladh, i do chodladh
Ó táim gan suan is gan aon sólás,
Táim ag caoineadh, táim a chograch
Is leag do cheann ar m’ucht go sámh.

Seoithín seó  . . .

LULLABY FOR THE DEAD


Like the sun, quenched its first morning
and the moon lost to the sea,
like the chill, lost unto the morning,
so you my love are lost to me!

I can hear now the pipers calling
on that far distant shore;
and my tears now like leaves are falling
and I will see your face no more!

You are sleeping, you are sleeping,
Oh no sleep or peace can comfort me;
I am weeping, oh I am weeping,
tonight I will sleep and sleep with thee.

Seoithín seó . . .

 


2018-08-06

RABHADH: BUILE BHÓTHAIR AG DUL IN OLCAS AR SHRÁIDEANNA BHAILE ÁTHA CLIATH!

Bíodh agus go bhfuiltear ag súil go mbeidh sráideanna na hardchathrach ag éirí níos ciúine an deireadh seachtaine saoire bainc seo, tá méadú tagtha ar thuairiscí faoin mBuile Bhóthair. Meastar gur sraith drámaí raidió le Gabriel Rosenstock is cúis leis. Ó phaisinéirí go tiománaithe, tá muintir na cathrach le ceangal ar bhóithre Bhaile Átha Cliath, mar a chloisfimid sna drámaí raidió seo a chraolfar ar Raidió na Life ar feadh ceithre oíche ón Máirt 7ú Lúnasa go dtí an Aoine 10ú Lúnasa ag a 18:00.


Ceithre dhráma leathuair an chloig an ceann atá sa tsraith agus is i suímh éagsúla san ardchathair atáimid i ngach dráma agus sinn ag cur aithne ar an gcomhluadar ait atá ag dul i ngleic leis an ngalar gránna seo; ar an mbus, i dtacsaí, ar leoraí, agus ar An Luas.


Ón bpaisinéir atá sáite i dtacsaí le tiománaí atá ag scaoileadh óna bhéal agus óna thóin agus é ag cur síos ar theoiricí comhcheilge, go seantiománaí leoraí a chuireann ar ár súile dúinn an tábhacht a bhaineann le sráidainmneacha na cathrach, is iontach an léargas a fhaighimid ar na comhráite mire a tharlaíonn go laethúil ar bhóithre Bhaile Átha Cliath.


Ar na haisteoirí a ghlacann páirt sa tsraith tá: Donncha Crowley, Áine Ní Ghlinn, Marcus Lamb, Aodán Ó Ceallaigh, Fidelma Ní Ghallchobhair, Morgan Cooke, Conall Gunnigan, agus údar na ndrámaí Gabriel Rosenstock.


Criticeoir ar tugadh réamhéisteacht di, ar sise, 'Cén t-eolas a bheadh ag an údar ar bhuile bhóthair is gan an tiomáint féin aige'. D'fhreagair an t-údar mar a leanas í: 'Cén cur amach a bhí ag Dante ar Ifreann?'

Tristan Rosenstock a léirigh an tsraith. Fearghal Saxe a bhí i mbun eagarthóireachta. Judy-Meg Ní Chinnéide a bhí mar léiritheoir feidhmiúcháin do Raidió na Life.
 

Craolfar an tsraith ar a 18.00 ón Máirt 7ú Lúnasa go dtí an Aoine 10ú Lúnasa ar Raidió na Life.


Tá fáil ar Raidió na Life i mórcheantar Átha Cliath ar 106.4FM agus ar líne ag www.raidionalife.ie mar aon leis an aip saor in aisce ‘An Seinnteoir Raidió’ atá ar fáil ar an Google Play Store agus ar iTunes.


Is le maoiniú ó scéim Fuaim agus Fís Údarás Craolacháin na hÉireann a rinneadh an tsraith seo.

2018-08-04

Wo der perlender Wein

File: Ní fios cé a scríobh
Cumadóir: Mozart
Wo der perlender Wein im Glase blinkt,
da laßt uns weilen.
Áit a lonraíonn an fíon i ngloiní geal’,
fanaimis tamall

2018-08-03

2018-08-02

I bhfocail Osho

Is ciúin é an t-uaigneas agus is leat é.
Tagann sé toisc tú a bheith leat féin.
Tugann sé seans duit dul níos doimhne i d’aonaránacht.
Seachas léim ó áthas éadomhain amháin
Go háthas éadomhain eile
Agus do shaol a chur amú,
Is fearr leas a bhaint as an uaigneas mar ghléas machnaimh.
Bí i d’fhinné air.
Is cara leat é!
Osclaíonn sé doras na haonarachta síoraí.

2018-08-01

I bhfocail Osho

Is é atá á rá agam ná go bhfuil bealach ann chun a bheith ar do chiall. Is é atá á rá agam ná gur féidir fáil réidh leis an ngealtacht a cruthaíodh ionat i gcaitheamh an ama. Ní gá ach a bheith i d’fhinné ar phróiseas na smaointeoireachta.

Níl le déanamh ach suí go ciúin, i d’fhinné ar do chuid smaointe atá ag tarlú os do chomhair. Bheith i d’fhinné orthu, gan cur isteach orthu ná breith a dhéanamh orthu, mar ní finné a thuilleadh ar do chuid smaointe thú má tá tú á meas. A luaithe is a deirtear “tá sé seo go maith, tá sé seo go dona” tá tú tar éis léim isteach i bpróiseas na smaointeoireachta.

Tógann sé tamaillín chun bearna a chruthú idir an finné agus an aigne. Nuair a chruthaítear an bhearna sin – iontas na n-iontas – faigheann tú amach nach tusa an aigne, is tusa an finné, an breathnóir.