2018-08-01

I bhfocail Osho

Is é atá á rá agam ná go bhfuil bealach ann chun a bheith ar do chiall. Is é atá á rá agam ná gur féidir fáil réidh leis an ngealtacht a cruthaíodh ionat i gcaitheamh an ama. Ní gá ach a bheith i d’fhinné ar phróiseas na smaointeoireachta.

Níl le déanamh ach suí go ciúin, i d’fhinné ar do chuid smaointe atá ag tarlú os do chomhair. Bheith i d’fhinné orthu, gan cur isteach orthu ná breith a dhéanamh orthu, mar ní finné a thuilleadh ar do chuid smaointe thú má tá tú á meas. A luaithe is a deirtear “tá sé seo go maith, tá sé seo go dona” tá tú tar éis léim isteach i bpróiseas na smaointeoireachta.

Tógann sé tamaillín chun bearna a chruthú idir an finné agus an aigne. Nuair a chruthaítear an bhearna sin – iontas na n-iontas – faigheann tú amach nach tusa an aigne, is tusa an finné, an breathnóir.