2018-08-13

FAN AMACH ÓN UISCE


Fan amach ón uisce
Brónach é mar scéal
Cad a tharla don uisce
Tá an t-uisce bréan

Aigéan, abhainn, loch, sruthán
Ag daoine loite ‘tá
An nimh ag imeacht léi le sruth
Is tá an domhan á bhá
Fan amach ón uisce
Fan amach ón uisce

Slaod fiacla is gallúnach, aigéin ag cur thar maoil
Cad tá le déanamh chun nach méadófaí ar an mbaol
Ionamsa a thús
Ionatsa a thús

Fan amach ón uisce
Ná déan aon dochar dó
Bí cineálta le huisce
Is ná truailligh é níos mó