2018-08-06

RABHADH: BUILE BHÓTHAIR AG DUL IN OLCAS AR SHRÁIDEANNA BHAILE ÁTHA CLIATH!

Bíodh agus go bhfuiltear ag súil go mbeidh sráideanna na hardchathrach ag éirí níos ciúine an deireadh seachtaine saoire bainc seo, tá méadú tagtha ar thuairiscí faoin mBuile Bhóthair. Meastar gur sraith drámaí raidió le Gabriel Rosenstock is cúis leis. Ó phaisinéirí go tiománaithe, tá muintir na cathrach le ceangal ar bhóithre Bhaile Átha Cliath, mar a chloisfimid sna drámaí raidió seo a chraolfar ar Raidió na Life ar feadh ceithre oíche ón Máirt 7ú Lúnasa go dtí an Aoine 10ú Lúnasa ag a 18:00.


Ceithre dhráma leathuair an chloig an ceann atá sa tsraith agus is i suímh éagsúla san ardchathair atáimid i ngach dráma agus sinn ag cur aithne ar an gcomhluadar ait atá ag dul i ngleic leis an ngalar gránna seo; ar an mbus, i dtacsaí, ar leoraí, agus ar An Luas.


Ón bpaisinéir atá sáite i dtacsaí le tiománaí atá ag scaoileadh óna bhéal agus óna thóin agus é ag cur síos ar theoiricí comhcheilge, go seantiománaí leoraí a chuireann ar ár súile dúinn an tábhacht a bhaineann le sráidainmneacha na cathrach, is iontach an léargas a fhaighimid ar na comhráite mire a tharlaíonn go laethúil ar bhóithre Bhaile Átha Cliath.


Ar na haisteoirí a ghlacann páirt sa tsraith tá: Donncha Crowley, Áine Ní Ghlinn, Marcus Lamb, Aodán Ó Ceallaigh, Fidelma Ní Ghallchobhair, Morgan Cooke, Conall Gunnigan, agus údar na ndrámaí Gabriel Rosenstock.


Criticeoir ar tugadh réamhéisteacht di, ar sise, 'Cén t-eolas a bheadh ag an údar ar bhuile bhóthair is gan an tiomáint féin aige'. D'fhreagair an t-údar mar a leanas í: 'Cén cur amach a bhí ag Dante ar Ifreann?'

Tristan Rosenstock a léirigh an tsraith. Fearghal Saxe a bhí i mbun eagarthóireachta. Judy-Meg Ní Chinnéide a bhí mar léiritheoir feidhmiúcháin do Raidió na Life.
 

Craolfar an tsraith ar a 18.00 ón Máirt 7ú Lúnasa go dtí an Aoine 10ú Lúnasa ar Raidió na Life.


Tá fáil ar Raidió na Life i mórcheantar Átha Cliath ar 106.4FM agus ar líne ag www.raidionalife.ie mar aon leis an aip saor in aisce ‘An Seinnteoir Raidió’ atá ar fáil ar an Google Play Store agus ar iTunes.


Is le maoiniú ó scéim Fuaim agus Fís Údarás Craolacháin na hÉireann a rinneadh an tsraith seo.