2019-06-30

Pennti Sammallahti

Pennti Sammallahti
istigh san ubh...
is beag atá ar eolas
ag an storc
inside the egg...
stork knows little
or nothing

卵のなか
知るや知らぬや
コウノトリ
Leagan Seapáinise: Mariko Sumikura
εντός του αυγού...
λίγα ξέρει ο πελαργός
ή τίποτε

Leagan Gréigise: Sarah Thilykou

2019-06-29

Ito Sozan

Ito Sozan
ciúnas na gealaí...
gach aon soicind
bristear croí
stillness of the moon...
every second
a heart is broken
lithe o the muin...
ilka saicont
a hert's tasht

Leagan Béarla na hAlban: John McDonald
月しずか
刻一刻と
胸やぶれ

Leagan seapáiníse: mariko sumikura

2019-06-28

Haiku le Issa ón mbliain 1809

an gcronaíonn tusa
do mháthair leis,
a chiocáda?

.母恋し恋しと蝉も聞ゆらん

haha koishi koishi to semi mo kikoyaran

2019-06-27

Línte dírithe ar a Láithreacht Neamhchónaitheach

Ramakanta Rath
Mheasas go raibh tú dearúdta
go hiomlán agam.

Agus ansin, lá amháin, bhíos ag bruíon
le gach éinne – mo bhean, na páistí,
an Rialtas agus Dia.

Sula raibh deireadh leis an aighneas, shiúlaíos
liom
is sheasas cois na fuinneoige.
Lasmuigh den fhuinneog bhí ceo
faoi sholas na gealaí
á leathadh féin go teorainn na cruinne.

Bhís-se ann, is tú feistithe in éadach
na gcrann is na dtor
ar bhruach na habhann.
Bhí miongháire ag lonrú
ar do chraiceann gruama.
Id’ shúile bhí gort ríse gan chríoch, tais on mbáisteach.
Do chuid gruaige neamhchíortha ag foluain le gaoth
mar dhuilleoga chána siúcra.
Do bhéal leathdhúnta, leath ar oscailt
san áit a dtagann deireadh le gach agallamh.
Do chosa as duibheagán brionglóidí ag éirí aníos.
Chrith do cholainn, is gach aon litir de d’ainm
scríofa i ndúch doghlanta an ama atá caite.

Bhí a fhios agam go n-imeofá go luath
is nach bhféadfá fanacht
go mbeadh sé ina am fanachta.
Pé áit a raghair, bheadh lámh leat a d’ardófá
os cionn do ghuaillí gar do na réaltaí.
Tagann an galtán gach maidin
chun beannú do na mná
a bhfuil aibhneacha iomlána ina súile acu.
Níl scoilt dá laghad idir an domhan agus an spás amuigh.
Tá súile na súl agus cluasa na gcluas
ag siúl thart i ngarráin fhionnuara na gcnónna cócó,
déithe agus bandéithe ina seasamh sa tairseach
ag tnúth le hoiread na fríde de bheannacht
ina slaoda uait ón machnamh agat ort féin

Cad atá fágtha, i ndiaidh duit imeacht?
Carraigeacha loma, duibhe sholas na gealaí
a chuireann an todhchaí ar ceal,
roinnt blianta fuilsmeartha, saighdiúirí marbha
is púdar gunna nár úsáideadh á chosaint acu ar ghrinneall na mara,
agus an bóthar uaigneach seo a chaithfidh mé a shiúl
go deireadh thiar.

Imigh mar sin, ní fada eile atá agam,
ní féidir a bheith ag súil
go dtiocfaidh biseach orm.
Fiabhras orm anois gach aon lá, geall leis,
na néaróga ó chom go sáil i bpian
agus má éirím im’ sheasamh gan aire a thabhairt dom féin
tá sé ar nós titim i gclais gan tóin.
Scaoilte tirim an craiceann, an fheoil
tite díom, lá éigin anois
stopfaidh an anáil áit éigin sna scamhóga.
Bheadh an méid seo go léir curtha agam chugat i dtuairisc,
ach nach bhfuaireamar amach fadó, an bheirt againn,
nach aon tairbhe é nuacht den sórt sin
duitse ná domsa.

2019-06-26

Dhá litir chuig Horáit

1.

A Quintus Horatius Flaccus, a Chara,
an dtabharfá dán dúinn?
Tá iris bheag againn.
Fógraíocht mhaith a bheadh ann
do do chuid leabhar.
Tá líon na léitheoirí ag dul i méid
agus d’fhéadfainn do dhánsa a chur
in áit shuntasach
rud atá dlite do do shaothar.

Bhíos i láthair ag an Léamh Stáit
a thugais an tseachtain seo caite sa chathair seo.
Theastaigh uaim ceist a chur ort
le linn sheisiún na gceisteanna
ach bhíothas sa mhullach ort. Sa phub
ina dhiaidh sin, mise an té a thit
thar do mhála cáipéisí. Thaitin do shaothar
riamh liom. Óid b’fhéidir nó litir ghearr
a bheadh ina luí thart agat?

I measc ár gcuid léitheoirí
tá fir, mná is daoir.
Táimid neamhpholaitiúil.
Meabhraigh le do thoil gur spéis linn
margadh na scoileanna
mar sin seachnaímid dánta
a théann rófhada isteach i bhfochlaí,
nó rud ar bith a bheadh ag magadh
faoi do phátrún,
Ágastas. Ar eagla go stopfadh sé ár ndeontas.

Cúpla iasc ar leamhain
le linn tuilte,
nó comhairle maidir le haiku a scríobh –
rud éigin mar sin.
B’fhéidir gur mhaith leat a fhios a bheith agat
gur gheall Publius Vergilius Maro
go gcuirfeadh sé rud éigin chugainn,
ach tá sé gafa le dán fada
mar sin beidh sé tamall eile, seans.
Gura míle. Le meas,
An Rúnaí, New Hexameter,
Hendecasyllables roimhe seo.

2.
A Quintus Horatius Flaccus, a Chara,
gabhaim buíochas leat as
Óid III, XIII a chur chugainn.
Bhíos riamh ceanúil
ar an Fons Bandusiae.
Le cúnamh Dé, beidh sé i gcló
i ndiaidh an chéad eagrán eile.
Foirm shíntiúis istigh leis seo.
Gura maith agat arís. Le meas,
An tEagarthóir, New Hexameter,
Hendecasyllables roimhe seo

Sally Evans


2019-06-25

Airní

I bPáras a bhí sé ar feadh an deireadh seachtaine:
leis féin – gealtachas a bheadh ann
a mhalairt a shamhlú.

Thug sí na páistí léi ar eachtra
i dteannta cairde léi
chun airní a phiocadh – plumaí beaga géara
ó chraobhóga deilgneacha
an draighin; is fearr iad a phiocadh
tar éis don chéad sioc
na clocha a scaoileadh.

Chuirfeadh a cairde ar maos
i jin iad i gcomhair na Nollag.

Ní raibh sí in ann smaoineamh an fhaid sin chun cinn
ná smaoineamh fiú amháin
fad leis an gcéad deireadh seachtaine eile;
ná ar an stail, chomh dubh le hairne,
ar cosa in airde tamall uaithi
síos fána an ghoirt.


 Vicki Feaver    


'Sloes' from The Book of Blood by Vicki Feaver published by Jonathan Cape in 2006. 

2019-06-24

bráisléad briste

gabhadh díoltóir bráisléad
(arís) ar thraein
in Mumbai
coigistíodh na bráisléid
dearg, buí, gorm, corcra agus araile

ar a slí go dtí
stáisiún na bpóilíní
chonaic sí bogha ceatha –
bráisléad briste –
sa spéir
       gan dath

 Gabriel Rosenstock

 

broken bangle

a bangle seller
on a Mumbai train
was arrested (again)
her bangles confiscated
red, yellow, blue, purple, et cetera

on her way
to the police station
she saw a rainbow –
a broken bangle –
in the sky
       colourless
 

Gabriel Rosenstock


σπασμένο βραχιόλι

μια πωλήτρια βραχιολιών
σε ένα τραίνο της Βομβάης
συνελήφθη (ξανά)
τα βραχιόλια της κατασχέθηκαν
κόκκινα, κίτρινα, μπλε, μωβ, και άλλα
στον δρόμο
για το αστυνομικό τμήμα
είδε ένα ουράνιο τόξο -
ένα σπασμένο βραχιόλι -
στον ουρανό
                  άχρωμο

Leagan Gréigise: Sarah Thilykou


2019-06-23

Amú san Aistriúchán

“Tá raidió im cheann
agus bím ag éisteacht de shíor

Le cogair, cogair i gcónaí,”
arsa mo mháthair le Harry, síciatraí,

a chuireann banda rubair ar ghéag léi
á fhliceáil ansin. “ Ar mhúch sé sin

an raidió?” ar sé.
Cuireann sí strainc uirthi féin, baineann an banda,

“Tá cluiche páistí déanta agat de seo,”
ar sise, casann a cathaoir

chun an drochshúil a thabhairt ormsa,
an cúigiú páiste, is mé i mo leathluí ar an tolg

a cuid Caismírise á haistriú agam,
Máthairtheanga.

Rafiq Kathwari

2019-06-22

Réamhsceitse mar gheall ar theanga

Id’ theangasa is ar an taobh eile a chuirtear tús le gach líne. Athraíonn fuaimniú na bhfocal ó lá go hoíche agus athraíonn an litriú de réir na séasúr. Tagann focal nua isteach ar lá speisialta éigin agus ar laethanta eile téann gnáthfhocal as feidhm. Athraíonn cruthanna litreacha de réir mar a athraíonn tú do chuid éadaigh. Ní dhéanann tú iarracht dá laghad ar fhocail atá brúite, mar gur shatail tú orthu gan smaoineamh, a chur le chéile arís, mar níl teanga níos saibhre ar domhan ná do theangasa. Tá focal ar leith id’ theangasa ar an gcéad phóg, an dara póg agus líon póg ar bith. Dá gcuirfeadh aon ní ag gol thú, bháfaí gach leabhar ar domhan a scríobhadh riamh i do theangasa.

Afzal Ahmed Syed




2019-06-21

Ealaín na Cúirtéiseánaí

Anon
[Véarsaí 1- 2 & 15 – 24]

Múinfidh mé ceachtanna grádaithe duit
A fuaireas óm’ mháthair chríonna, a fuair óna
       máthair chríonna siúd
Agus a fuair sise arís óna máthair chríonna
       den cheathrú glúin
Roimhe sin iad.
Gan éinne acu a fhágaint ar lár, múinfidh mé
An t-iomlán duit in ord na nGúrúnna.

Comhairle rúnda a chuir mo shin-seanmháthair
       ar mo mháthair chríonnasa;
Chuir sise in iúl do mo mháthairse í,
A chleacht an chomhairle sin agus a d’inis
An ealaín chéanna domsa. Nochtfaidh mé duit í
In ord na nGúrúnna.

      *            *       *
A stóirín, is binne do ghuth ná an vína, ná an chuach!
Ba chóir do mhná óga an oiread saibhris
       agus is féidir a fháil
Óna gcuid leannán agus iad fós i mbláth na hóige.
Ina dhiaidh sin maireann siad
Agus a gcíocha ar liobarna.

Do bhé an bhrollaigh bhreá,
A cuid dlaoithe ina slaoda, a haghaidh gleoite
A cuid fiacla geal is í ag gáire,
Saibhreas a charnadh an t-aon sprioc cheart;
Ach chun an sprioc sin a bhaint amach,
Ní mór do mhamó a bheith ag faire.

Leis na súile dubhaithe agat is do chlár éadain maisithe,
Tar éis duit bláthanna a ofráil do Dhia,
Ornáidí á gcaitheamh agat, duilleoga betel
       agat á gcogaint,
Amach leat i dteannta na gcailíní eile
Chun bualadh go grástúil le do shlua leannán.

Déan gáire le duine acu ag an bparlús;
Forrán a chur ar dhuine eile, a iníon,
       le casadh do bhraoithe;
Beannú don tríú duine le hísliú na mbraoithe;
Tabhair catsúil fháilteach don chuid eile acu.

Istigh sa pharlús, a bhruinneall atá gan teimheal,
Déan gáire le duine acu, don neach eile
       na braoithe a phreabadh,
Claonfhéachaint ar dhuine acu is sméid do neacha eile;
Mar sin a choinneofar an lucht súgartha sásta.
             
Istigh sa pharlús,
Cuir draíocht ar chách as cúinne do shúl
Ionas go gceapfaidh gach éinne gur air siúd
       amháin d’fhéachaint
Bí mar bheacha os cionn loiteoga gan áireamh.

A phéarla ghleoite, istigh sa pharlús duit,
Le hardchumas do chuid siamsaíochta
Cuir gach aigne ag coipeadh le dúil;
Is sásaigh gach éinne de réir a mheoin féin,
Chun go dtiocfaidh siad arís, i ndiaidh dóibh imeacht.
Caith go séimh leis an taistealaí ar cuairt;
Roinn rúin a thabharfaidh pléisiúr dóibh le leannáin;
Freastail ar na filí le duilleoga betel;
Sléacht roimh na Brámain; déan lucht drúise a ghiúmaráil.
 
Tabhair faoi na huaisle a mhealladh,
Cuir cluain ar na fir teaghlaigh,
Mol gan náire an fear guagach.
Coigil chugat féin iad siúd atá ionraic
       i gcúrsaí grá;
Buail bob ar na boic mhóra le léiriú cineáltais;
Téigh i bhfeidhm ar na filí le léiriú paisin;
Tabhair bia is éadach do na cailíní aimsire;
Bíodh an-mheas agat ar an té a dhéanfadh gar duit
       amach anseo.
Glac le mo chomhairlese, a iníon-ó.

Cuir aoibhneas ar lucht aontumha le briathra,
       ar chairde le gáire,
Orthu siúd atá ag brath ort le bronntanais,
Ar fhir teaghlaigh le cantal, mar dhea,
Ar leannáin le sracfhéachaintí draíochtúla,
Ar na hamadáin le deora áthais.
Ar an rí le gleoiteacht is cluain,
Ar fhear na collaíochta le stuaim,
Ar mhaithe is ar mhóruaisle le posóid na seirce,
Ar na filí le cluas a thabhairt dá gcuid véarsaí,
Agus ar do ghaolta féin ar bhealaí eile.

 

2019-06-20

Debiprasad Mukherjee

www.debiprasadmukherjee.com

féachaint / gan féachaint
éisteacht / gan éisteacht -
féach anois

looking / not looking
hearing / not hearing -
look now

2019-06-19

State Beach, Vinalhaven, Maine, Meiriceá

Ron Rosenstock
néalta
ag taisteal arís ...
sos tógtha ag an gcnagaire adhmaid
clouds
on the move again...
the woodpecker takes a break
σύννεφα ταξιδεύουν...
ο δρυοκολάπτης
παίρνει ανάσα

Leagan Gréigise: Sarah Thilykou

2019-06-18

No. 10




No. 10
Downing Street...
nought out of ten
Uimhir a Deich
Sráid Downing ...
náid as a deich
Νούμερο Δέκα
στη Ντάουνινγκ Στρητ...
μηδέν από το δέκα

Leagan Gréigise: Sarah Thilykou

2019-06-17

Vinales, Cúba

Ron Rosenstock
néalta doininne...
aistear an anama
chun na saoirse
storm clouds...
the soul's journey
to freedom
σύννεφα μαύρα
ψυχής ταξίδι...
προς την ελευθερία

Leagan Gréigise: Sarah Thilykou

2019-06-16

Briathra an Bhúda

Treascair an fhearg agus beidh tú sona,
treascair an fhearg is ní bheidh buairt ort.
An fhearg a threascairt go hiomlán -
an fhréamh nimhiúil is an chealg mhilis -
treascairt is ea í sin a mholann na saoithe;
cloígh an fhearg is ná caoin go deo arís.

Kodhaṃ chetvā sukhaṃ seti,
kodhaṃ chetvā na socati.
Kodhassa visamūlassa
madhuraggassa brāhmaṇa;
vadhaṃ ariyā pasaṃsanti
tañhi chetvā na socatī.

Éist leis an mbun-Pháilis:

 http://host.pariyatti.org/dwob/samyutta_nikaya_1_187.mp3

2019-06-15

Otharcharr Haiku

Thit
píosa de phiobar glas
den bhabhla sailéid adhmaid:
nach cuma!

le Richard Brautigan

iAmbulense yeHaiku


Ucezu lukaphepha oluhlaza
lawela
eceleni kwembenge kasaladi yokhuni
konakelephi?

Leagan Súluise: Vusi Benedict Mchunu


2019-06-14

Uaireadóirí

féach cén t-am é!
am ag an Ind
dúiseacht as a suan
look at the time!
time for India
to awake from her slumber
κοίτα την ώρα!
ώρα για την Ινδία
να αφυπνιστεί

Leagan Gréigise: Sarah Thilykou

2019-06-13

Ceo

Roman Loranc
is beag nach gcloistear
cogar uaidh...
ceo istoíche
one can almost hear
it whisper...
fog at night
囁きに
人聞き分けぬ
夜の霧

Leagan Seapáinise: Mariko Sumikura
μπορείς να το ακούσεις
να ψιθυρίζει...
βατράχι νύχτα

Leagan Gréigise: Sarah Thilykou

2019-06-12

Briathra an Bhúda


Gataddhino visokassa
vippamuttassa sabbadhi,
sabbaganthappahīnassa,
pariḷāho na vijjati.

  Éist leis an mbun-Pháilis:
http://host.pariyatti.org/dwob/dhammapada_7_90.mp3
Níl fiabhras paisin ann níos mó
don té a bhfuil deireadh an aistir sroiste aige
atá gan bhuairt agus saor go hiomlán
an uile cheangal briste aige.


   

2019-06-11

Maki

Maki
féach isteach sa chroí
gach aon rud
faic
look into the heart
everything
nothing

regarde dans le coeur
tout
rien

Leagan Fraincise: Daniel Py

2019-06-10

Smaoineamh an Lae




Éirigh as smaointe.
      Ní gá dhuit éirí as aon rud eile.

           Sri Ramana Maharshi

2019-06-09

Tráthnóna

éanlaith ó inné...
cúrsa eile á leanúint acu
inniu
birds of yesterday...
taking another route
today

πουλιά του χθες. . .
παίρνοντας άλλον δρόμο
σήμερα

Leagan Gréigise: Sarah Thilykou

2019-06-08

Tús Troscaidh

tús troscaidh...
níl oiread is grabhróg ann
don éanlaith
beginning of a fast...
not even a crumb left
for the birds

ξεκίνημα νηστείας...
ψίχουλα τέλος
για τα πουλάκια

Leagan Gréigise: Sarah Thilykou

2019-06-07

Haiku le Issa ón mbliain 1813

Cad a bhí ag titim amach in Éirinn sa bhliain 1813?
  • Troideadh Cath Gharbhachaidh.
Canann Dílseoirí amhrán páistiúil mar gheall air i gcónaí:

  • Phéinteáil Joseph Peacock an pictiúr cáiliúil seo: lá pátrúin i nGleann Dá Loch.
     
  • Rugadh Benjamin Lett, buamadóir, crá croí na mBriotanach! 
  • Rugadh Isaac Butt:

    John Butler Yeats a dhein an phortráid seo den Bhuttach.

    Idir an dá linn, thall sa tSeapáin, chum Issa an haiku seo a leanas:

    m'aird go hiomlán
    anois air...
    contráth fómhair


    .今に成つて念入て見る秋の暮
    ima ni natte nen irite miru aki no kure

2019-06-06

Marcel Duchamp

Marcel Duchamp
d'fhág an gadaí
ina dhiaidh é...
cac sa bhabhla leithris
the thief
left it behind...
a turd in the toilet bowl
le voleur
l'a laissée...
une merde dans la cuvette des toilettes

Leagan Fraincise: Daniel Py
盗人や
厠に鋸
置き忘れ

Leagan Seapáinise: Mariko Sumikura
Cúlra: http://www.poetry-chaikhana.com/blog/2011-05-27/ryokan-the-thief-left-it-behind/

2019-06-05

Briathra an Bhúda

Ayasāva malaṃ samuṭṭhitaṃ
tatuṭṭhāya tameva khādati,
evaṃ atidhonacārinaṃ
sāni kammāni nayanti duggatiṃ.
                  
Éist leis an mbun-Pháilis:
http://host.pariyatti.org/dwob/dhammapada_18_240.mp3
 

Meirg ar iarann
creimeann sí an bonn as a n-éiríonn sí
sa tslí chéanna filleann an feall
ar an bhfeallaire

2019-06-04

Custura Dragos

Custura Dragos
cé hí féin
níl aithne agam uirthi...
mo chéile amach anseo
who is she
i have no knowledge of her...
my future wife
そは誰ぞ
知らぬ女なり
後の吾妹

Leagan Seapáinise: Mariko Sumikura
ποια είναι αυτή
δεν την γνωρίζω...
μέλλουσα σύζυγός μου

Leagan Gréigise: Sarah Thilykou

2019-06-03

DÍREACH LE RÁ

DÍREACH LE RÁ

         
Gur itheas
na plumaí
a bhí
sa chuisneoir

is a bhí
á gcoinneáil agat
is dócha
chun bricfeasta

Maith dhom é
bhíodar an-bhlasta
breá milis
agus fuar

William Carlos Williams



THIS IS JUST TO SAY


I have eaten
the plums
that were in
the icebox

and which
you were probably
saving
for breakfast

Forgive me
they were delicious
so sweet
and so cold

William Carlos Williams

Éist leis an bhfile agus an dán á aithris aige

2019-06-02

Lech Szeglowski

bláth an chrainn silíní -
idir mé agus Dia
atá sé

płatek wiśni –
pomiędzy
mną a Bogiem

Lech Szeglowski

The Sacred In Contemporary Haiku  2014


2019-06-01

Brian Mendonca

http://ashvamegh.net/author-poet-interviews/brian-mendonca/

                

Margadh Mapusa


Agus bhraitheas uaim sibh
a aintín is a uncail
ag margadh Mapusa,
i measc na sillí
an gud, na tamaraine
is an fhínéagair.
Bhur nguth ag cogarnaíl
thar mo ghualainn
is mé ag tuisliú romham
gan tearmann.

Bhí tú lag
Nuair a bhuail ailse thú
Leag an chemo amach thú,
An mhaoile ina finné ar do phian.
Braithim uaim do mheangadh gáire grámhar
Do ghothaí fáilte
An tslí a ndéarfá, ‘Let it be!’
Nuair a théadh baba ag pramsáil timpeall an tí.
Bhí a fhios agat, seans, gur ag dul in olcas a bhí sí,
a uncail, is ar do bhealach meidhreach féin
bhís foighneach ach guagach ar a shon san.

Nuair a d’iarr d’aon iníon ort teacht go Mumbai
in ísle brí a bhís
gus tuairim agat nach mbeifeá ar ais.
Tusa 87 agus aintín 86
cad eile a bhronnfadh an saol ort?
Jab maith le L agus T
post oifigigh ag Mantralaya
An bheirt agaibh ag obair
agus in bhur gcónaí i Mumbai.
Ní raibh i nGoa ach eadarlúid
do bhlianta an Fhómhair.

Bhí mórtas ort nuair a thaispeáin tú na cártaí gnó
a bhí ag do thriúr mac
in Borivili, san Astráil agus sa Nua-Shéalainn –
cheapfá gur sa seomra suite a bhíodar.
Tráth i gcliabhán –
cliabháin dá gcuid féin anois acu.
Ní féidir a bheith ag súil le lá
a chaitheamh libh níos mó
Nuair a thiomáinimid isteach ó Vasco
chun leoithní Corjuem a bhlaiseadh
Inár suí ar na céimeanna i dtreo na habhann
áit a luíonn trucailí ó Assnora gan chorraí.
Mhair sibh idir Mumbai agus Mapusa
ar nós na ndroichead stagcháblaí Worli agus Aldona.

Thug mamó is daideo
aire dóibh féin
i seantigh Goach
agus cuimhní ar fud na háite.
Ina luí anois i reilig
In Kandivili i bhfad uainn.
Níor fógraíodh do bhás sna nuachtáin áitiúla
Mar ómós deireanach do shaol gan cháim.
Thaitin mo chuid aistí leat.
Phléimis Krishnamurti eadrainn féin
Tá an halla an-chiúin anois.
Ag fanacht go ndíolfaí é.

Mar sin tógtar as mo radharc na bananaí Moira
cuirtear i leataobh na scuaba nua
cuir i bhfolach an bláth cumhra mogra.
Rapáil na rópaí sin do na goirt.
Níl éisc ghoirt ag teastáil níos mó sa tigh seo.
Fanadh na hispíní le haghaidh lá níos faide anonn.
Féachann na bumalónna as alt.
Agus diúltaím don phicil tendli.
Tá folús ionam inniu
tá ár sinsir imithe chun suain.
Cuid de Ghoa ar lár.
An margadh ag caoineadh.


 Brian Mendonca

(Margadh Mapusa, Goa, 17 Samhain 2015)

 



Mapusa Market


And I missed you
aunty and uncle
in the Mapusa market,
amid the chillies
the gud, the tamarind
and the vinegar.
Your voice
whispering over my shoulder
as I stumbled onward
sans refuge.


Cancer claimed you
when you were feeble
flattened by chemo,
baldness, a witness to your pain.
I miss your loving smile
Your gestures of welcome
The way you used to say 'Let it be!'
When baba used to romp around your house.
You perhaps knew she was sinking, uncle
In your whimsical way you remained
stoic yet unstable.

When you left, ailing for Mumbai
at your only daughter's call
You perhaps knew you would not return.
You 87 and aunty 86
What more could life offer you?
A good job in L and T
an officer's post at Mantralaya
You both lived
and worked in Mumbai.
Goa seemed an interlude
for the Fall years.

You used to proudly show me the visiting cards
of your sons
-- in Borivili, Australia and New Zealand--
as though they were sitting in your living room.
Once you had cradled them
Now they have cradles of their own.

So now we cannot look forward
to spending the day with you
when we drive in from Vasco
to taste the breezes of Corjuem
sitting on the steps towards the river
where the trucks from Assnora lie unmoving.
Your lives bridged Mumbai and Mapusa
Like the cable-stayed bridges of Worli and Aldona.


Grandfather and grandmother
fended for life alone
in an old Goan house
sprawling with memories.
Now interred in a cemetery
in far away Kandivili.
No local papers announced your death
as a last salute to an exemplary life.
You were a fan of my articles.
We used to discuss Krishnamurti

Now the hall is silent

Waiting to be sold.                                          

So take away the Moira bananas
Put away the new brooms
Hide the fragrant mogra flower.
Wrap those ropes for the fields.
No more salt fish are needed for this house.
The sausages can wait for another day.
The Bombay ducks seem out of joint
and I'll say no to the tendli pickle.
There is a void in my being today
our ancestors have gone to their rest.
a piece of Goa has died.
The market is in mourning.

 Brian Mendonca

(Mapusa Market, Goa, 17 November 2015)