2019-06-26

Dhá litir chuig Horáit

1.

A Quintus Horatius Flaccus, a Chara,
an dtabharfá dán dúinn?
Tá iris bheag againn.
Fógraíocht mhaith a bheadh ann
do do chuid leabhar.
Tá líon na léitheoirí ag dul i méid
agus d’fhéadfainn do dhánsa a chur
in áit shuntasach
rud atá dlite do do shaothar.

Bhíos i láthair ag an Léamh Stáit
a thugais an tseachtain seo caite sa chathair seo.
Theastaigh uaim ceist a chur ort
le linn sheisiún na gceisteanna
ach bhíothas sa mhullach ort. Sa phub
ina dhiaidh sin, mise an té a thit
thar do mhála cáipéisí. Thaitin do shaothar
riamh liom. Óid b’fhéidir nó litir ghearr
a bheadh ina luí thart agat?

I measc ár gcuid léitheoirí
tá fir, mná is daoir.
Táimid neamhpholaitiúil.
Meabhraigh le do thoil gur spéis linn
margadh na scoileanna
mar sin seachnaímid dánta
a théann rófhada isteach i bhfochlaí,
nó rud ar bith a bheadh ag magadh
faoi do phátrún,
Ágastas. Ar eagla go stopfadh sé ár ndeontas.

Cúpla iasc ar leamhain
le linn tuilte,
nó comhairle maidir le haiku a scríobh –
rud éigin mar sin.
B’fhéidir gur mhaith leat a fhios a bheith agat
gur gheall Publius Vergilius Maro
go gcuirfeadh sé rud éigin chugainn,
ach tá sé gafa le dán fada
mar sin beidh sé tamall eile, seans.
Gura míle. Le meas,
An Rúnaí, New Hexameter,
Hendecasyllables roimhe seo.

2.
A Quintus Horatius Flaccus, a Chara,
gabhaim buíochas leat as
Óid III, XIII a chur chugainn.
Bhíos riamh ceanúil
ar an Fons Bandusiae.
Le cúnamh Dé, beidh sé i gcló
i ndiaidh an chéad eagrán eile.
Foirm shíntiúis istigh leis seo.
Gura maith agat arís. Le meas,
An tEagarthóir, New Hexameter,
Hendecasyllables roimhe seo

Sally Evans