2019-06-21

Ealaín na Cúirtéiseánaí

Anon
[Véarsaí 1- 2 & 15 – 24]

Múinfidh mé ceachtanna grádaithe duit
A fuaireas óm’ mháthair chríonna, a fuair óna
       máthair chríonna siúd
Agus a fuair sise arís óna máthair chríonna
       den cheathrú glúin
Roimhe sin iad.
Gan éinne acu a fhágaint ar lár, múinfidh mé
An t-iomlán duit in ord na nGúrúnna.

Comhairle rúnda a chuir mo shin-seanmháthair
       ar mo mháthair chríonnasa;
Chuir sise in iúl do mo mháthairse í,
A chleacht an chomhairle sin agus a d’inis
An ealaín chéanna domsa. Nochtfaidh mé duit í
In ord na nGúrúnna.

      *            *       *
A stóirín, is binne do ghuth ná an vína, ná an chuach!
Ba chóir do mhná óga an oiread saibhris
       agus is féidir a fháil
Óna gcuid leannán agus iad fós i mbláth na hóige.
Ina dhiaidh sin maireann siad
Agus a gcíocha ar liobarna.

Do bhé an bhrollaigh bhreá,
A cuid dlaoithe ina slaoda, a haghaidh gleoite
A cuid fiacla geal is í ag gáire,
Saibhreas a charnadh an t-aon sprioc cheart;
Ach chun an sprioc sin a bhaint amach,
Ní mór do mhamó a bheith ag faire.

Leis na súile dubhaithe agat is do chlár éadain maisithe,
Tar éis duit bláthanna a ofráil do Dhia,
Ornáidí á gcaitheamh agat, duilleoga betel
       agat á gcogaint,
Amach leat i dteannta na gcailíní eile
Chun bualadh go grástúil le do shlua leannán.

Déan gáire le duine acu ag an bparlús;
Forrán a chur ar dhuine eile, a iníon,
       le casadh do bhraoithe;
Beannú don tríú duine le hísliú na mbraoithe;
Tabhair catsúil fháilteach don chuid eile acu.

Istigh sa pharlús, a bhruinneall atá gan teimheal,
Déan gáire le duine acu, don neach eile
       na braoithe a phreabadh,
Claonfhéachaint ar dhuine acu is sméid do neacha eile;
Mar sin a choinneofar an lucht súgartha sásta.
             
Istigh sa pharlús,
Cuir draíocht ar chách as cúinne do shúl
Ionas go gceapfaidh gach éinne gur air siúd
       amháin d’fhéachaint
Bí mar bheacha os cionn loiteoga gan áireamh.

A phéarla ghleoite, istigh sa pharlús duit,
Le hardchumas do chuid siamsaíochta
Cuir gach aigne ag coipeadh le dúil;
Is sásaigh gach éinne de réir a mheoin féin,
Chun go dtiocfaidh siad arís, i ndiaidh dóibh imeacht.
Caith go séimh leis an taistealaí ar cuairt;
Roinn rúin a thabharfaidh pléisiúr dóibh le leannáin;
Freastail ar na filí le duilleoga betel;
Sléacht roimh na Brámain; déan lucht drúise a ghiúmaráil.
 
Tabhair faoi na huaisle a mhealladh,
Cuir cluain ar na fir teaghlaigh,
Mol gan náire an fear guagach.
Coigil chugat féin iad siúd atá ionraic
       i gcúrsaí grá;
Buail bob ar na boic mhóra le léiriú cineáltais;
Téigh i bhfeidhm ar na filí le léiriú paisin;
Tabhair bia is éadach do na cailíní aimsire;
Bíodh an-mheas agat ar an té a dhéanfadh gar duit
       amach anseo.
Glac le mo chomhairlese, a iníon-ó.

Cuir aoibhneas ar lucht aontumha le briathra,
       ar chairde le gáire,
Orthu siúd atá ag brath ort le bronntanais,
Ar fhir teaghlaigh le cantal, mar dhea,
Ar leannáin le sracfhéachaintí draíochtúla,
Ar na hamadáin le deora áthais.
Ar an rí le gleoiteacht is cluain,
Ar fhear na collaíochta le stuaim,
Ar mhaithe is ar mhóruaisle le posóid na seirce,
Ar na filí le cluas a thabhairt dá gcuid véarsaí,
Agus ar do ghaolta féin ar bhealaí eile.