2019-06-23

Amú san Aistriúchán

“Tá raidió im cheann
agus bím ag éisteacht de shíor

Le cogair, cogair i gcónaí,”
arsa mo mháthair le Harry, síciatraí,

a chuireann banda rubair ar ghéag léi
á fhliceáil ansin. “ Ar mhúch sé sin

an raidió?” ar sé.
Cuireann sí strainc uirthi féin, baineann an banda,

“Tá cluiche páistí déanta agat de seo,”
ar sise, casann a cathaoir

chun an drochshúil a thabhairt ormsa,
an cúigiú páiste, is mé i mo leathluí ar an tolg

a cuid Caismírise á haistriú agam,
Máthairtheanga.

Rafiq Kathwari