2019-06-27

Línte dírithe ar a Láithreacht Neamhchónaitheach

Ramakanta Rath
Mheasas go raibh tú dearúdta
go hiomlán agam.

Agus ansin, lá amháin, bhíos ag bruíon
le gach éinne – mo bhean, na páistí,
an Rialtas agus Dia.

Sula raibh deireadh leis an aighneas, shiúlaíos
liom
is sheasas cois na fuinneoige.
Lasmuigh den fhuinneog bhí ceo
faoi sholas na gealaí
á leathadh féin go teorainn na cruinne.

Bhís-se ann, is tú feistithe in éadach
na gcrann is na dtor
ar bhruach na habhann.
Bhí miongháire ag lonrú
ar do chraiceann gruama.
Id’ shúile bhí gort ríse gan chríoch, tais on mbáisteach.
Do chuid gruaige neamhchíortha ag foluain le gaoth
mar dhuilleoga chána siúcra.
Do bhéal leathdhúnta, leath ar oscailt
san áit a dtagann deireadh le gach agallamh.
Do chosa as duibheagán brionglóidí ag éirí aníos.
Chrith do cholainn, is gach aon litir de d’ainm
scríofa i ndúch doghlanta an ama atá caite.

Bhí a fhios agam go n-imeofá go luath
is nach bhféadfá fanacht
go mbeadh sé ina am fanachta.
Pé áit a raghair, bheadh lámh leat a d’ardófá
os cionn do ghuaillí gar do na réaltaí.
Tagann an galtán gach maidin
chun beannú do na mná
a bhfuil aibhneacha iomlána ina súile acu.
Níl scoilt dá laghad idir an domhan agus an spás amuigh.
Tá súile na súl agus cluasa na gcluas
ag siúl thart i ngarráin fhionnuara na gcnónna cócó,
déithe agus bandéithe ina seasamh sa tairseach
ag tnúth le hoiread na fríde de bheannacht
ina slaoda uait ón machnamh agat ort féin

Cad atá fágtha, i ndiaidh duit imeacht?
Carraigeacha loma, duibhe sholas na gealaí
a chuireann an todhchaí ar ceal,
roinnt blianta fuilsmeartha, saighdiúirí marbha
is púdar gunna nár úsáideadh á chosaint acu ar ghrinneall na mara,
agus an bóthar uaigneach seo a chaithfidh mé a shiúl
go deireadh thiar.

Imigh mar sin, ní fada eile atá agam,
ní féidir a bheith ag súil
go dtiocfaidh biseach orm.
Fiabhras orm anois gach aon lá, geall leis,
na néaróga ó chom go sáil i bpian
agus má éirím im’ sheasamh gan aire a thabhairt dom féin
tá sé ar nós titim i gclais gan tóin.
Scaoilte tirim an craiceann, an fheoil
tite díom, lá éigin anois
stopfaidh an anáil áit éigin sna scamhóga.
Bheadh an méid seo go léir curtha agam chugat i dtuairisc,
ach nach bhfuaireamar amach fadó, an bheirt againn,
nach aon tairbhe é nuacht den sórt sin
duitse ná domsa.