2024-05-01

Gaoth na hOíche Aréir


le file Cóiréach gan ainm

Leag gaoth na hoíche aréir
Na bláthanna péitseoige,
Tháinig buachaill agus scuab aige
Chun an gairdín a ghlanadh.

Is bláthanna i gcónaí iad bláthanna tite,
Ná scuab chun siúil iad.

2024-04-30

Tír Rúin

(après Dennis Lee)

   Ionamsa atá an tír rúin
    Tír nach eol d'éinne,
  Ní heol dom' chairde í a bheith ann
    Tír rúin na gréine.

 Is deacair cur síos ar an tír rúin
   Nach mbaineann le ham ná le spás,
Is tír í atá lán de cheol ciúin
  Ó na bláthanna ag fás.

Tír lonrach í nach bhfuil fairsing
 Ach fós chomh leathan leis an spéir:
Ní cuid díomsa amháin a bhíonn inti
 Ach mé féin ar fad, go léir.

Ionamsa féin an tír rúin,
 An bhfanfaidh sí ionam go deo?
Aithnímse go han-mhaith í
 Ó na sean-seanlaethanta fadó.

 

2024-04-29

Dhá Ochtapas ag Pósadh

(après Remy Charlip)

Dhá ochtapas ag pósadh, suas leo chun na haltóra
Uillinn ar uillinn ar uillinn ar uillinn ar uillinn ar uillinn ar uillinn ar uillinn
ar uillinn ar uillinn ar uillinn ar uillinn ar uillinn ar uillinn ar uillinn ar uillinn


2024-04-28

Dreancaid

(après Roland Young)

An buachaill é?
Nó an cailín í?
Níl a fhios againne
Ach tá a fhios ag na dreancaidí

2024-04-27

Haiku (Annette Makino)


cósta 
faoi bhrat ceo
éistimid leis an radharc

   
   costa nublada
   nosotros escuchamos
   el paisaje

   Leagan Spáinnise: Patricia Jiménez

2024-04-26

Leithscéalta, leithscéalta

(après Gareth Owen)

Déanach arís, a Mhic Uí Mhurchú?
Cén leithscéal atá inniu agat?
Ní ormsa an locht, a mháistir.
Cé air a bhfuil an locht mar sin?
Mamó, a Mháistir.
Mamó? Conas?
Cailleadh í, a mháistir.
Cailleadh í?
Tá sí chomh marbh le hart, a mháistir.
Sin ceithre mhamó in aon téarma amháin, a Mhic Uí Mhurchú,
Agus cailleadh iad go léir ar laethanta Corpoideachais.
Tá's agam; bleedin' tragóideach, a mháistir. 
An mó mamó atá agatsa, a Mhic Uí Mhurchú?
An mó mamó . . .? Níl mamó ar bith agam, a mháistir.
Nach ndúirt tú go raibh ceithre mhamó agat?Ceathrar mamónna? Níl!
 Tá siad go léir ar shlí na fírinne. Gan aon bhréag!
 Agus cad faoin lá inné, a Mhic Uí Mhurchú?
Cad faoi, a mháistir?
Bhí tú as láthair inné.
An fiaclóir, a mháistir.
Cailleadh an fiaclóir?
Níor cailleadh. Mo chuid fiacla, a mháistir.
Chaill tú an scrúdú Matamaitice, a Mhic Uí Mhurchú.
Bhíos ag tnúth leis an scrúdú sin, a mháistir.
Tá go maith, seas i líne le haghaidh Corpoideachais.
Nílim in ann, a mháistir.
Níl a leithéid d'fhocal ann agus 'Níl'!
Tá tusa tar éis 'Níl' a rá anois díreach, a mháistir.
A Mhic Uí Mhurchú . . .
Níor thugas m'éide Chorpoideachais liom, a mháistir.
Cá bhfuil d'éide Chorpoideachais?
Sa bhaile, a mháistir.
Sa bhaile?
Níor iarnáladh í, a mháistir.
Nach bhféadfása í a iarnáil?
Ní fhéadfainn.
Mar . . .?
Rosta leonta, a mháistir.
Cé a dhéanann an iarnáil de ghnáth?
Mamó, a mháistir.
Cén fáth nach n-iarnálfadh sise í?
Cailleadh í, a mháistir.

2024-04-25

Luch Liath


Tháinig luch liath agus an oíche ag titim
    an oíche ag titim, tháinig luch liath
        í ag rith sa dorchadas
            í ag análú sa dorchadas 

                              file den treibh Pima