2016-09-18

Mantra chun an dainséar a sheachaint


Nuair a shalaítear na lámha, na cosa agus an cholainn
glanfaidh uisce an salachar dínn.
Nuair a shalaítear ár gcuid éadaigh
déanfaidh gallúnach glan arís iad

Ach nuair a fhágann an peaca smál agus truailliú ar an aigne
níl aon ní a ghlanfadh é ach Grá don Ainm Naofa

Ní ag brath ar fhocail amháin atá suáilce agus duáilce
gníomhartha a dhéantar arís is arís eile, greantar ar an anam iad

Mar a chuirfeas tú a bhainfeas tú

Ó, a Nanak, ar ordú Dé tagaimid is imímid san athionchollú.

2016-09-17

Bevington, L. S. (Louisa Sarah), 1845–1895.

An Rud is Áille


Níl aon ní thuas ná thíos atá
Níos áille ná an Grá:
Is d'fhéadfadh sé bheith níos áille fós
ach é bheith saor, ina rós.

Louisa Sarah Bevington, 1845 -1895

2016-09-16

For Yaedi

For Yaedi


Looking out the window at the trees
and counting the leaves,
listening to a voice within
that tells me nothing is perfect
so why bother to try, I am thief
of my own time.  When I die
I want it to be said that I wasted
hours in feeling absolutely useless
and enjoyed it, sensing my life
more strongly than when I worked at it.
Now I know myself from a stone
or a sledgehammer.

         ~ David Ignatow ~

(New and Collected Poems, 1970-1985)


Do Yaedi


Ag féachaint an fhuinneog amach ar na crainn
agus na duilleoga agam á gcomhaireamh,
éistim leis an nguth istigh a deir
nach bhfuil aon ní foirfe
mar sin cad is fiú iarracht a dhéanamh, gadaí
mo chuid ama féin mé. Nuair a chaillfear mé
ba mhaith liom go ndéarfaí gur chuireas
laethanta amú, gur bhraitheas go hiomlán gan mhaith
is gur bhaineas sult as, mo shaol á bhrath agam
níos láidre ná nuair a bhíos ag obair air.
D’aithneoinn mé féin anois ón gcloch
nó ón ord.   

 

FIR YAEDI

Leukin oot the winnock it the treen
an coontin the leaves,
hearkenin tae a vice wi'in
thit threeps: naethin's perfit
sae whitwey wid ye rax sae, a'm a pauchler
o ma ain tyme. Whan a dee
a want it kent thit a wastit
oors in feelin daeless
an felt braw wi'it, mensin ma life
mair strangly nor whan a wrocht it it.
Nou a ken masel frae a stane,
or a stob-mell.


John McDonald


 

2016-09-15

Cóta Báistí Amháin

[*Bean an Impire Shahjahan
a chuir an Taj Mahal á thógáil]
Cóta báistí amháin
is beirt againne ann!
Braon i mbéal na gaoithe, cith, ansin bailc!


'Cuir ort é!'
'Ní chuirfead. Cuir ort féin é!'
a d'ordaigh an t-impire
agus nach í Noorjahan* a bhí sotalach
á rá arís, 'Mise, beag an baol,' 'Beag an baol mhuis' '


Bhíomar inár líbín báite!
An cuimhin leat?
Ach nach raibh sé go hiontach mar sin féin . . .
An bheirt againn
is gan ach cóta báistí amháin
eadrainn.

 le Bakul Tripathi


 

2016-09-14

Crann na Páise

Victor Vasnetsov

le Jayan K Cherian


Paidir
ghéarshúileach
chun na spéire

Cineáltas
an dá ghéag
sínte

Nochtacht
a thollann an domhan

2016-09-13

Bheith Pósta le V M GIRIJA

Thiteas im' phleist ansin
ar an urlár fuar
is deineadh carn sneachta díom

Codlaíonn tú i gcéin,
nocht,
ceansaithe ar nós néal tar éis báistí.
Mise, leonta,
an talamh stróicthe ag tintreach . . .

Istigh sa talamh
rírá, gáire,
óige, grá.

Nuair a líon tú
mo cholainn ar dtús  . . .


An bréaga iad seo go léir?

Ar an urlár fuar,
dealbh chloiche nocht,
mise, fuil na gealaí duibhe liom

V M GIRIJA

2016-09-12

Marc Riboud

Marc Riboud
bláth-loinnir
ag dul in éag . . .
beaignití
fading glint
of a flower . . .
bayonets
λάμψη που σβήνει
ενός λουλουδιού...
οι ξιφολόγχες

Leagan Gréigise: Sarah Thilykou
dwinin glent
o a flooer...
bagnets

Leagan Béarla na hAlban: John McDonald

2016-09-11

IMRAM 2016

Féile Litríochta Gaeilge

www.imram.ie
Deireadh Fomhair 6-16th

Tá áthas an domhain ar IMRAM - Féile Litríochta Gaeilge - sonraí fhéile 2016 a fhógairt. Tá an-éagsúlacht ag baint le clár na bliana seo agus i measc na bpríomhimeachtaí beidh Réaltneach/Starman: Tionscadal David Bowie sa Pavilion i nDún Laoghaire. Beidh an fhéile ar siúl in ionaid éagsúla ar fud Bhaile Átha Cliath ón 6 - 16 Deireadh Fómhair, féile a chuimsíonn litríocht, ceol, drámaíocht, filíocht, léamhanna, cainteanna, comhphlé agus ceardlanna.

'Bíonn aistear i gceist i gcónaí le IMRAM agus ba mhaith linn fáilte ó chroí a chur roimh lucht éisteachta is lucht féachana ar bord chun blaiseadh arís i mbliana de shaibhreas agus d'éagsúlacht iontach na nualitríochta Gaeilge! Táimid mórtasach as an seó a léireofar ar an Aoine, 21 Deireadh Fómhair, is é sin Réaltneach/Starman, liricí David Bowie traschruthaithe i nGaeilge ag Gabriel Rosenstock agus tá an-sciobadh ar na ticéid cheana féin. Beidh seónna ilmheánacha eile ann,' a d'fhógair Stiúrthór IMRAM, Liam Carson, ' ina mbeidh míreanna filíochta, ceoil agus físe a dhíreoidh ar fhilí mar Chaitlín Maude agus Eoghan Ó Tuairisc; gan trácht ar Chluiche na Corónach i nGaeilge ina mbeidh ceol meánaoiseach á chur i láthair ag Caitríona O'Leary.

Ó thaobh an cheoil de, ar chlár IMRAM na bliana seo tá Réaltneach/Starman: Tionscadal David Bowie le Liam Ó Maonlaí, The Brad Pitt Light Orchestra agus Hilary Bow, ceiliúradh ar shaol agus ar shaothar David Bowie, ealaíontóir a bhíodh á shíor-athchruthú féin mar phearsana ar nós Ziggy Stardust agus Aladdin Sane. Comórfar leis ealaíontóirí atá ag teacht chun cinn; i measc na n-ealaíontóirí a ghlacfaidh páirt sa Mhóroíche Cheoil is Filíochta beidh IMLÉ agus a gcéad albam atá lán de dhiabhlaíocht a bhainfidh preab as do dhá chluas agus an file rap nach scanródh an diabhal féin é, Séamas Barra Ó Súilleabháin.

Beidh léiriú speisialta drámaíochta ag IMRAM, Lón Leningrad  in Amharclann Smock Alley Theatre, dráma a iniúchann beirt scríbhneoirí Rúiseacha agus an caidreamh eatarthu le linn Léigear Leningrad.

I gcomhar le Clare Bell agus Brenda Dermody ó Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath, tá IMRAM mar choimeádaí ar an dara taispeántas speisialta de théacsanna Gaeilge agus iad curtha i láthair ag na mic léinn deartha ann. Beidh saothar na mac léinn le feiceáil ar chártaí poist agus scaipfear 28,000 díobh ar fud na hardchathrach.

I measc na seónna filíochta beidh léiriú ilmheánach ar Aifreann na Marbh/ Mass of the Dead, an dán fada le Eoghan Ó Tuairisc a chaoineann na mairbh in Hiroshima; spléachadh ar shaol agus ar shaothar Raiftearaí file agus i gcomhar le Poetry Ireland/ Éigse Éireann ceiliúradh ar shaol agus ar shaothar Chaitlín Maude, file agus gníomhaí polaitiúil agus cultúrtha.

Mar chruthúnas ar cé chomh hilghnéitheach, dáiríre, is atá  saol cruthaitheach na Gaeilge, tá ríméad ar IMRAM léiriú drámata ilmheánach a chur ar bun, Cluiche na Corónach/ Game of Thrones, aistrithe ag Oisín Ó Muirthile; beidh léacht speisialta ann chun comóradh 75 bliain an leabhair An Béal Bocht le Myles na gCopaleen, agus Víreas is ea Teanga: Tionscadal na nGearrthóg arna leiriú ag IMRAM agus REIC in Áras na Scríbhneoirí.

I measc na n-ócáidí suaithinseacha eile beidh móroíche dhátheangach de litríocht na Seicise agus na Gaeilge a dhíreoidh ar fhilíocht na Seicise agus ar shleachta as An Dea-Shaighdiúir  Švejk de chuid Hašek i nGaeilge móide sleachta as Cré na Cille agus Cúirt an Mheán-Oíche sa tSeicis. Beidh oíche ómóis ann do Bhreandán Ó Doibhlin, úrscéalaí, drámadóir, file, criticeoir agus, ar ndóigh, aistritheoir den scoth. Déanfar ceiliúradh ilmheánach ar an úrscéal cáiliúil Cuaifeach Mo Londubh Buí de chuid Shéamais Mhic Annaidh agus beidh gurú an ghiotáir, Steve Cooney linn, don ócáid londubhach sin.

Sonraí uile chlár na féile ar: www.imram.ie

FIOSRÚCHÁIN PHOIBLÍOCHTA

(Do lucht an Bhéarla): Kate Bowe PR

Rphost: jennifer.magee@katebowepr.ie; 01 652 0143 nó 086 3750612
 
Na meáin Ghaeilge@: Robert McMillen, Comhrá Media

Rphost: robert@comhramedia.com, 048-90600737


FIOSRÚCHÁIN GHINEARÁLTA I dTAOBH IMRAM
Stiúrthóir na Féile: Liam Carson
Rphost: liamog62@mac.com
Guthán: 087 291 2797

Dán le Cathal Ó Searcaigh, traschruthaithe ag Gabriel

The Berry Hollow of Lag na Sméar


Here are blackberries
   in seductive clusters
    in heavy tresses

Numberless berries
   soaked in the earth’s blood
    and fired by the sun

The neat produce of tangled briars;
   soft juice of autumnal days
    wayside banquet

There they hang, full of lure
   blushing purple –
    a generous spread

My passions are aroused
   and prick me as they like
    I must have them

Wild and bloodthirsty
   a matter of life and death
    each juicy mouthful

I cannot overcome their charms!
    every year I plunge my fangs
     into their pulsing veins

Their sweet soft bloodiness.
   To pass them by
    without tasting them

Would send me into paroxysms
   of starvation.
    Delicious, swollen, lascivious

I fondle them
   in the palm of my hand.
   Demon of Gluttony am I

The vampire
    that licks their pulchritude
     with blood-smeared tongue

And how miserable I am
   when their sheen is gone
    when old age disfigures them

As November drags on
    the fairy people do their business
     and the bushes stink to the high heavens
   
   

Here'r bleckberries
in radgie boorachs
in wechty pleats

Coontless berries
drookit i the yirth's bluid
an stokit bi the sin

The jimp ootcome o taigilt breers;
the saft bree o hairst days
hedgeraw bellyrive

Thayr they hing, ticein
a purpie beamer -
a hertie spreed

Ma ire's raisit
an fir aw thair jags
a maun hae thaim

Wud an bluidthristy
a maitter o life an daith
Ilk sappie moufou

A cannae owercum thair chairms!
ilka year a breinge ma fangs
intae thair thrabbin veins

Thair douche saft bluidiness.
tae gang by wi'oot
preein thaim

Wad gar me kink
wi stervation.
Deleecious, bowdent, randy

A daut thaim
i ma loof.
Gurliewhirkie o Gutsiness am a

The vampire
thit slaiks thair bonnieness
wi bluid-clairtit tung

Hou soor-lik am a
whan thair sheen's gane
whan eild spyles thaim

As november draws in
the brounies dae thair wark
syne the busses reek tae heich heiven

Leagan Béarla na hAlban: John McDonald



 

2016-09-10

Mantra na Féinmhuiníne

ਗਾਵੈ ਕੋ ਤਾਣੁ ਹੋਵੈ ਕਿਸੈ ਤਾਣੁ ॥
Gāvai ko ṯāṇ hovai kisai ṯāṇ.
Cantar faoina Chumhacht, cé aige a bhfuil an Chumhacht sin?
ਗਾਵੈ ਕੋ ਦਾਤਿ ਜਾਣੈ ਨੀਸਾਣੁ ॥
Gāvai ko ḏāṯ jāṇai nīsāṇ.
Cantar faoina Bhuanna, is eol dóibh a Chomhartha agus a Shuaitheantas.

ਗਾਵੈ ਕੋ ਗੁਣ ਵਡਿਆਈਆ ਚਾਰ ॥
Gāvai ko guṇ vaḏiāīā cẖār.
Cantar faoina Shuáilcí Glórmhara, a Ghaisce is a Áilleacht.

ਗਾਵੈ ਕੋ ਵਿਦਿਆ ਵਿਖਮੁ ਵੀਚਾਰੁ ॥
Gāvai ko viḏiā vikẖam vīcẖār.
Cantar faoin eolas a fhaightear Uaidh, trí dhianstaidéar ar an bhfealsúnacht.

ਗਾਵੈ ਕੋ ਸਾਜਿ ਕਰੇ ਤਨੁ ਖੇਹ ॥
Gāvai ko sāj kare ṯan kẖeh.
Cantar go gcruthaíonn Sé colainneacha, agus deannach á dhéanamh ansin díobh.

ਗਾਵੈ ਕੋ ਜੀਅ ਲੈ ਫਿਰਿ ਦੇਹ ॥
Gāvai ko jī▫a lai fir ḏeh.
Cantar go dtógann Sé an bheatha uainn agus go dtugann ar ais arís dúinn í
ਗਾਵੈ ਕੋ ਜਾਪੈ ਦਿਸੈ ਦੂਰਿ ॥
Gāvai ko jāpai ḏisai ḏūr.
Cantar go gceaptar É a bheith i bhfad i bhfad i gcéin


ਗਾਵੈ ਕੋ ਵੇਖੈ ਹਾਦਰਾ ਹਦੂਰਿ ॥
Gāvai ko vekẖai hāḏrā haḏūr.
Cantar go mbíonn Sé ag faire orainn, aghaidh ar aghaidh, i láthair de shíor.

ਕਥਨਾ ਕਥੀ ਨ ਆਵੈ ਤੋਟਿ ॥
Kathnā kathī na āvai ṯot.
Níl aon easpa oidí is seanmóirithe orainn
ਕਥਿ ਕਥਿ ਕਥੀ ਕੋਟੀ ਕੋਟਿ ਕੋਟਿ ॥
Kath kath kathī kotī kot kot.
Na milliúin is na milliúin acu, a sheanmóir is a scéal féin acu go léir

ਦੇਦਾ ਦੇ ਲੈਦੇ ਥਕਿ ਪਾਹਿ ॥
Ḏeḏā ḏe laiḏe thak pāhi.
Leanann an Bronntóir Mór dá bhronnadh, agus éirímidne cortha de bheith ag glacadh Uaidh de shíor
ਜੁਗਾ ਜੁਗੰਤਰਿ ਖਾਹੀ ਖਾਹਿ ॥
Jugā juganṯar kẖāhī kẖāhi.
I gcaitheamh na gcianta is na cianta ár gcaitheamh
ਹੁਕਮੀ ਹੁਕਮੁ ਚਲਾਏ ਰਾਹੁ ॥
Hukmī hukam cẖalāe rāhu.
Trína Ordú, treoraíonn an Ceannasaí ar an gConair sinn
ਨਾਨਕ ਵਿਗਸੈ ਵੇਪਰਵਾਹੁ ॥੩॥
Nānak vigsai veparvāhu.
A Nanak, bláthaíonn Sé, gan cíos cás ná cathú Air

2016-09-09

Tanka le Ishikawa Takuboku (1886 -1912)

ar mhaithe le craic
iompraím mo mháthair ar mo dhroim
tá sí chomh héadrom sin
go dtosnaím ag gol
nílim in ann trí choiscéim a shiúl

2016-09-08

Haiku le Takano Mutsuo (高野ムツオ)

ó Bhéarla Alex Fyffe


bláthanna plumaí
gach aon cheann díobh
radaighníomhach

梅一輪一輪ずつの放射能

ba bhreá liom teileascóp
a bheith agam
chun breathnú ar ghaoth an fhómhair

秋風の見える望遠鏡が欲し

2016-09-06

Czesław Miłosz: É Seo Amháin

This Only


A valley and above it forests in autumn colors.
A voyager arrives, a map leads him there.
Or perhaps memory. Once long ago in the sun,
When snow first fell, riding this way
He felt joy, strong, without reason,
Joy of the eyes. Everything was the rhythm
Of shifting trees, of a bird in flight,
Of a train on the viaduct, a feast in motion.
He returns years later, has no demands.
He wants only one, most precious thing:
To see, purely and simply, without name,
Without expectations, fears, or hopes,
At the edge where there is no I or not-I.
 

~ Czesław Miłosz ~

(The Collected Poems, 1931-1987, trans. by Robert Hass)

 

É Seo Amháin


Gleann agus os a chionn foraoisí faoi dhathanna an fhómhair.
Tagann taistealaí, mapa a thugann ann é.
Nó cuimhne éigin seans. Tráth dá raibh faoin ngrian
Nuair a thit an chéad sneachta, is é ag marcaíocht sa treo seo
Bhraith sé ríméad, neart, gan chúis,
Ríméad na súl. Rithim na gcrann luaineach
Ab ea gach aon ní, éan ar eite,
Traein ar an tarbhealach, féasta gluaiseachta.
Filleann sé ar an áit tamall maith ina dhiaidh sin
Gan d’éileamh aige ach aon ní fíorluachmhar amháin:
Radharc simplí a fháil, gan ainm,
Gan tnúth, gan eagla ná dóchas,
Ar an imeall gan mise ná neamh-mhise ann.
 

This Anely


A glen an abuin it a wuid in hairst's colours.
A traiveler wins in, a map airts'm thair.
Or aiblins a myndin. Yince langsyne i the sin,
Whan snaw furst fell, ridin this wey
He felt joy, strang, wi nae rhyme nor raison.
Joy o the een. Awthing wis the lilt
O sweyin treen, o a burd in flicht,
O a train on the brig, a bellyrive o muivement.
He retours years efter, seekin naethin.
He langs fir yin maist precious theeng:
Tae sei, pure'n semple, wi'oot nem,
Wi'oot greenin, dreid, nor howps,
It the lip whaur thair's nae I an nae no-I

Leagan Béarla na hAlban: John McDonald      


2016-09-05

AUBADE

The moon is going down, innocent and pale as a wafer
dissolving in the mouth of a Catholic,

and those first, high-flying birds of dawn
are only faintly visible, like an image developing.

Just off stage, the rooster someone keeps illegally
in the city crows its magnificent cry,

blessing, who knows, maybe the child
just conceived inside a woman's body.

Such tranquility—the neighbours haven't started fighting
yet, nor their loud hyena laughter.

It's peaceful as a golf course in Jerusalem,
remembering when it used to be a meadow.

And we still love each other, in a way that makes us
tolerant, alert, perhaps a little vain

but also, we are getting older.
Come over here, darling,

and put your hand on my head
and tell me if you think this is a tumor.
 

Tony Hoagland

Application for Release from the Dream

Graywolf Press


Aubade


An ghealach ag dul síos, saonta, mílítheach,
mar abhlann i mbéal Caitlicigh,

agus feictear ar éigean éanlaith ard
na camhaoire, ar nós íomhá á réalú.

Díreach ar chúl an stáitse, ligeann an coileach
atá ag fear cathrach éigin go mídhleathach a scairt iontach,

cá bhfios b’fhéidir leanbh nuaghinte
i gcolainn mná á bheannú aige.

An tséimhe sin – níor thosaigh scliúchas na gcomharsan
fós ná a ngáire ard ar nós hiéana.

Tá sé chomh ciúin le galfchúrsa in Iarúsailéim,
ag cuimhneamh ar an uair ba mhóinéar é.

Agus tá grá againn dá chéile, ar bhealach a chothaíonn
an chaoinfhulaingt, airdeallach, ábhairín lán dínn féin, seans,

Ach táimid ag dul in aois, leis.
Gabh i leith, a thaisce,

agus leag do lámh ar mo cheann
is abair an dóigh leat go bhfuil meall ann.

Aubade


The muin's drappin doon, ill-less an wan's a wafer
mizzlin i the mou o onie Catholic,

an thae furst, heich-fleein burds o daydaw
are anely fently gliskit, lik an eemage kythin.

Juist affstage, the rooster ma neebor hains wrangously -
it bein the ceetie - gies oot a byous skelloch,

sainin, whae kens, aiblins the bairn
inby the pregnant wife's boukit wame.

Sic caum - the neebors huvnae stertit fechtin
yit, nor thair lood hyena lauchter.

It's as lown as a gowf coorse in Jerusalem,
myndin whan it wis yince a meedie.

An we aye luve ilk ither, in a wey thit maks's
leeberal, gleg, aiblins a peerie saucie

bit we'r gettin aulder an aw.
Cum by me, hinny,

pit yer haun on ma heid
an tell me dae ye jalouse this tae be a tumour?

Leagan Béarla na hAlban: John McDonald




2016-09-04

Smaoineamh an Lae

Ceann de na cumainn rúnda is tábhachtaí san fhichiú haois tugtar an Round Table air. Tá sé bunaithe sa Bhreatain agus brainsí aige ar fud na cruinne. I ndeireadh na dála is é an Round Table a bheartaíonn líonra an Ghrúpa Bilderberg, An Chomhairle um Ghnóthaí Eachtracha, an Coimisiún Tríthaobhach agus an Institiúid Ríoga um Ghnóthaí Idirnáisiúnta.

David Icke