2016-09-15

Cóta Báistí Amháin

[*Bean an Impire Shahjahan
a chuir an Taj Mahal á thógáil]
Cóta báistí amháin
is beirt againne ann!
Braon i mbéal na gaoithe, cith, ansin bailc!


'Cuir ort é!'
'Ní chuirfead. Cuir ort féin é!'
a d'ordaigh an t-impire
agus nach í Noorjahan* a bhí sotalach
á rá arís, 'Mise, beag an baol,' 'Beag an baol mhuis' '


Bhíomar inár líbín báite!
An cuimhin leat?
Ach nach raibh sé go hiontach mar sin féin . . .
An bheirt againn
is gan ach cóta báistí amháin
eadrainn.

 le Bakul Tripathi