2016-09-11

IMRAM 2016

Féile Litríochta Gaeilge

www.imram.ie
Deireadh Fomhair 6-16th

Tá áthas an domhain ar IMRAM - Féile Litríochta Gaeilge - sonraí fhéile 2016 a fhógairt. Tá an-éagsúlacht ag baint le clár na bliana seo agus i measc na bpríomhimeachtaí beidh Réaltneach/Starman: Tionscadal David Bowie sa Pavilion i nDún Laoghaire. Beidh an fhéile ar siúl in ionaid éagsúla ar fud Bhaile Átha Cliath ón 6 - 16 Deireadh Fómhair, féile a chuimsíonn litríocht, ceol, drámaíocht, filíocht, léamhanna, cainteanna, comhphlé agus ceardlanna.

'Bíonn aistear i gceist i gcónaí le IMRAM agus ba mhaith linn fáilte ó chroí a chur roimh lucht éisteachta is lucht féachana ar bord chun blaiseadh arís i mbliana de shaibhreas agus d'éagsúlacht iontach na nualitríochta Gaeilge! Táimid mórtasach as an seó a léireofar ar an Aoine, 21 Deireadh Fómhair, is é sin Réaltneach/Starman, liricí David Bowie traschruthaithe i nGaeilge ag Gabriel Rosenstock agus tá an-sciobadh ar na ticéid cheana féin. Beidh seónna ilmheánacha eile ann,' a d'fhógair Stiúrthór IMRAM, Liam Carson, ' ina mbeidh míreanna filíochta, ceoil agus físe a dhíreoidh ar fhilí mar Chaitlín Maude agus Eoghan Ó Tuairisc; gan trácht ar Chluiche na Corónach i nGaeilge ina mbeidh ceol meánaoiseach á chur i láthair ag Caitríona O'Leary.

Ó thaobh an cheoil de, ar chlár IMRAM na bliana seo tá Réaltneach/Starman: Tionscadal David Bowie le Liam Ó Maonlaí, The Brad Pitt Light Orchestra agus Hilary Bow, ceiliúradh ar shaol agus ar shaothar David Bowie, ealaíontóir a bhíodh á shíor-athchruthú féin mar phearsana ar nós Ziggy Stardust agus Aladdin Sane. Comórfar leis ealaíontóirí atá ag teacht chun cinn; i measc na n-ealaíontóirí a ghlacfaidh páirt sa Mhóroíche Cheoil is Filíochta beidh IMLÉ agus a gcéad albam atá lán de dhiabhlaíocht a bhainfidh preab as do dhá chluas agus an file rap nach scanródh an diabhal féin é, Séamas Barra Ó Súilleabháin.

Beidh léiriú speisialta drámaíochta ag IMRAM, Lón Leningrad  in Amharclann Smock Alley Theatre, dráma a iniúchann beirt scríbhneoirí Rúiseacha agus an caidreamh eatarthu le linn Léigear Leningrad.

I gcomhar le Clare Bell agus Brenda Dermody ó Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath, tá IMRAM mar choimeádaí ar an dara taispeántas speisialta de théacsanna Gaeilge agus iad curtha i láthair ag na mic léinn deartha ann. Beidh saothar na mac léinn le feiceáil ar chártaí poist agus scaipfear 28,000 díobh ar fud na hardchathrach.

I measc na seónna filíochta beidh léiriú ilmheánach ar Aifreann na Marbh/ Mass of the Dead, an dán fada le Eoghan Ó Tuairisc a chaoineann na mairbh in Hiroshima; spléachadh ar shaol agus ar shaothar Raiftearaí file agus i gcomhar le Poetry Ireland/ Éigse Éireann ceiliúradh ar shaol agus ar shaothar Chaitlín Maude, file agus gníomhaí polaitiúil agus cultúrtha.

Mar chruthúnas ar cé chomh hilghnéitheach, dáiríre, is atá  saol cruthaitheach na Gaeilge, tá ríméad ar IMRAM léiriú drámata ilmheánach a chur ar bun, Cluiche na Corónach/ Game of Thrones, aistrithe ag Oisín Ó Muirthile; beidh léacht speisialta ann chun comóradh 75 bliain an leabhair An Béal Bocht le Myles na gCopaleen, agus Víreas is ea Teanga: Tionscadal na nGearrthóg arna leiriú ag IMRAM agus REIC in Áras na Scríbhneoirí.

I measc na n-ócáidí suaithinseacha eile beidh móroíche dhátheangach de litríocht na Seicise agus na Gaeilge a dhíreoidh ar fhilíocht na Seicise agus ar shleachta as An Dea-Shaighdiúir  Švejk de chuid Hašek i nGaeilge móide sleachta as Cré na Cille agus Cúirt an Mheán-Oíche sa tSeicis. Beidh oíche ómóis ann do Bhreandán Ó Doibhlin, úrscéalaí, drámadóir, file, criticeoir agus, ar ndóigh, aistritheoir den scoth. Déanfar ceiliúradh ilmheánach ar an úrscéal cáiliúil Cuaifeach Mo Londubh Buí de chuid Shéamais Mhic Annaidh agus beidh gurú an ghiotáir, Steve Cooney linn, don ócáid londubhach sin.

Sonraí uile chlár na féile ar: www.imram.ie

FIOSRÚCHÁIN PHOIBLÍOCHTA

(Do lucht an Bhéarla): Kate Bowe PR

Rphost: jennifer.magee@katebowepr.ie; 01 652 0143 nó 086 3750612
 
Na meáin Ghaeilge@: Robert McMillen, Comhrá Media

Rphost: robert@comhramedia.com, 048-90600737


FIOSRÚCHÁIN GHINEARÁLTA I dTAOBH IMRAM
Stiúrthóir na Féile: Liam Carson
Rphost: liamog62@mac.com
Guthán: 087 291 2797