2016-09-13

Bheith Pósta le V M GIRIJA

Thiteas im' phleist ansin
ar an urlár fuar
is deineadh carn sneachta díom

Codlaíonn tú i gcéin,
nocht,
ceansaithe ar nós néal tar éis báistí.
Mise, leonta,
an talamh stróicthe ag tintreach . . .

Istigh sa talamh
rírá, gáire,
óige, grá.

Nuair a líon tú
mo cholainn ar dtús  . . .


An bréaga iad seo go léir?

Ar an urlár fuar,
dealbh chloiche nocht,
mise, fuil na gealaí duibhe liom

V M GIRIJA