2016-07-31

Mantra Scriosta an Ego

Más tú an uile ní - gach a bhfuil - conas a bheadh slí ann don ego!

 

2016-07-30

Conas Duine Marbh a Thabhairt ar Ais ón mBás

Albrecht Dürer

Conas Duine Marbh a Thabhairt ar Ais ón mBás

 

le K. Satchidanandan


Téigh in aice na huaighe
Comhchruinnigh do chuid smaointe. Glaoigh air
as a ainm trí huaire.
Ríomh eachtraí an mharbháin
ina gceann is ina gceann.
Tarraing a phictiúr go mion ar leac dhubh
Leag do mhéara thar an bpictiúr,
píosa ar phíosa; déan faoi thrí é ó bhonn go baithis
Glaoigh ar an Domhan, lig liú asat.
Glaoigh ar ais ar aer uisce thine spéir
Is ansin mothóidh tú iad
á nochtadh ceann i ndiaidh a chéile
cnámha feoil craiceann
faoi do lámh útamála
Éireoidh do dhearnana teolaí
nuair a thosóidh an croí ag bualadh
Lig dod’ lámh dul go dtí an tsrón nua-fhoirmithe:
braitheann tú é ag análú
De réir a cheile éireoidh a cholainn
agus seasfaidh, greim láimhe aige ort
is siúlfaidh coiscéim nó dhó.

Bí cúramach nuair a thiocfaidh a chaint chuige:
d’fhéadfadh gur leathdhia atá ann
mar is mar sin a thagann na déithe ar ais leis.
Más i dteanga Dé a labhrann sé, tabhair bata is bóthar dó.
Níl sé deacair:  déan dearmad air, sin uile
(Bíonn sé deacair dearmad a dhéanamh ar bhean, ar ndóigh)
Má leagann sé lámh ar ghualainn leat
agus má labhrann sé leat i do theanga féin,
tabhair cead a chos dó ach ní go dtí sin,
ar aghaidh leis
go lár an aonaigh, lomnocht.

2016-07-29

Sneachta Oíche le Bai Juyi

Bhí ionadh orm mo chuilt is piliúr bheith fuar
Feicim anois gur geal arís an fhuinneog
I lár na hoíche tá an sneachta an-dlúth,
Ó am go chéile cloisim scoilt - bambú.

2016-07-28

Tionscadal Bowie: Beatha ar Mhars/ Life on Mars

 

Is suarach is lofa é mar scéal
Ag an gcailín deas domhan, mo léir
Tá a mamaí ag béicíl ‘No!’
Is níl daidí chun labhairt léi níos mó
Ach níl radharc ar a cara aon áit
Is tá sí i mbrionglóid á bá
’Dtí an suíochán is léire amharc
Tá sí gafa i ngeal-scáileán
Is leadránach é mar scannán
Feicthe cheana ní uair amháin
Seilíonn sí i súil’ amadán
Agus iarrtar uirthi díriú

Ar na mairnéalaigh sa halla -
An troid! Tagtha as oighearaois
Tá sé seo lán de bhaois
Is féach ar an Sirriam
’Lascadh an té mhícheart,
An troid! An mbeidh fhios aige go deo
Cé chomh maith ’s tá an seó
An bhfuil beatha ar Mhars?
Le léamh atá sé ar Mheiriceá
Micí Luch ina bó mí-áidh
Do na hoibrithe cáil i ndán
Is Lennon arís ar fáil
Is na lucha táid ann ‘na slógh
Ó Ibiza ‘dtí na Norfolk Broads
Rule Brittania níl ann níos mó
Do mo mháthair, dom’ ghadhar, abhlóir
Is leadránach é mar scannán
Scríofa agam ní uair amháin
Agus tá sé le scríobh arís
Agus iarraim uirthi díriú

Ar na mairnéalaigh sa halla -
An troid! Tagtha as oighearaois
Tá sé seo lán de bhaois
Is féach ar an Sirriam
‘Lascadh an té mhícheart,
An troid! An mbeidh fhios aige go deo
Cé chomh maith ’s tá an seó
An bhfuil beatha ar Mhars?

2016-07-27

TANKA: Michael McClintock

faic fágtha agam
nuair a thagann deireadh leis an lá oibre
bus á bhordáil agam
i mo scamaillín beag féin
de lóis iarbhearrtha stálaithe
Δεν μένει κάτι
σαν φεύγω απ' τη δουλειά
στο λεωφορείο
μέσα σ' ένα σύννεφο
μπαγιάτικης κολώνιας

Leagan Gréigise: Sarah Thilykou
a've naethin left
efter a day's darg
buirdin a bus
i ma ain peerie clud
o mingin eftershave

Leagan Béarla na hAlban: John McDonald

2016-07-26

Dán le Paul Laurence Dunbar

Fiacha

Tá fiacha le glanadh - tá!
Chuas glan as mo mheabhair lá,
Blianta de bhrón is cathú:
Ní bheidh deireadh leis an gcumha.

Íocfad go bhfaighidh mé bás
An uaigh a thuigeann mo chás,
Faoiseamh beidh romham sa chré
Agus santaímse é.

Cad a cheannaíos - rud suarach!
Níor ghá dom bheith pioc buartha:
Pinginí beaga inné
Sea, ach an t-ús, a Dhé!

The Debt

Paul Laurence Dunbar

This is the debt I pay
Just for one riotous day,
Years of regret and grief,
Sorrow without relief.

Pay it I will to the end —
Until the grave, my friend,
Gives me a true release —
Gives me the clasp of peace.

Slight was the thing I bought,
Small was the debt I thought,
Poor was the loan at best —
God! but the interest!

2016-07-25

Smaoineamh an Lae: Gabor Maté

Bhí orm scríobh, mé féin a chur in iúl tríd an teanga scríofa ní hamháin chun go gcloisfeadh daoine eile mé ach chun go gcloisfinnse mé féin.

2016-07-24

Slán beo agus oíche mhaith

Volkslied/ Amhrán de chuid na ndaoine

Slán beo agus oíche mhaith


Slán beo agus oíche mhaith
Tá mise ag imeacht
Sé críoch an scéil é.
Sa samhradh, bíonn seamair ann
Sa gheimhreadh, bíonn sneachta ann
Beidh mise arís chugat
Sa samhradh, bíonn seamair ann
Sa gheimhreadh, bíonn sneachta ann
Beidh mise arís chugat!

Is duairc iad gach sliabh go beann
Is duairc duairc an uile ghleann
A mbíodh mo shiúl
Sé d’áilleacht faoi ndeara é
A líon mé le grá, a bhé
Táim cráite ag dúil
Sé d’áilleacht faoi ndeara é
A líon mé le grá, a bhé
Táim cráite ag dúil!

An sruthán síos le fán
Faoin sceach úd uair amháin
Do shuímis le chéile
Glór clog ón séipéal
Sinne béal le béal
Ní cuimhin leat, a réilthín!
Glór clog ón séipéal
Sinne béal le béal
Ní cuimhin leat, a réilthín!

Gach cailín breá sa tír
Níos caime na pinginí
Níl éinne dílis!
Slán beo agus oíche mhaith
Tá mise ag imeacht
Sé críoch an scéil é.
Slán beo agus oíche mhaith
Tá mise ag imeacht
Sé críoch an scéil é.

Adé zur guten Nacht

Adé nun zur guten Nacht –
Jetzt wird der Schluss gemacht
Dass ich muss scheiden!
Im Sommer, da wächst der Klee
Im Winter, da schneit's den Schnee
Da komme ich wieder!
Im Sommer, da wächst der Klee
Im Winter, da schneit's den Schnee
Da komme ich wieder!

Es trauern Berg und Tal
Wo ich soviel tausendmal
Bin drüber gangen!
Das hat deine Schönheit gemacht
Die hat mich zum Lieben gebracht
Mit großem Verlangen!
Das hat deine Schönheit gemacht
Die hat mich zum Lieben gebracht
Mit großem Verlangen!

Das Brünnlein rinnt und rauscht
Wohl unterm Holderstrauch
Wo wir gesessen!
So manchen Glockenschlag
Da Herz bei Herzen lag
Das hast du vergessen!
So manchen Glockenschlag
Da Herz bei Herzen lag
Das hast du vergessen!

Die Mädchen auf dieser Welt
Sind falscher als das Geld
Mit ihrem Lieben!
Ade nun zur guten Nacht –
Jetzt wird der Schluss gemacht
Dass ich muss scheiden!
Adé nun zur guten Nacht –
Jetzt wird der Schluss gemacht
Dass ich muss scheiden!

2016-07-23

Báisteach ó Dhia chugainn

Bíonn ár ndóthain báistí againn in Éirinn. Bíonn is dócha. Chun casadh a bhaint as sean-nath:

Báisteach ar maidin
báisteach um nóin
is dá n-éireoinn san oíche
báisteach do gheobhainn.
Ach an mbíonn éinne ag éisteacht léi a thuilleadh? Tá aon uair an chloig déag de bháisteach anseo againn:

  

Déarfá go mbeifeá bréan den bhraon tar éis tamaill ach cá bhfios?
 
Is fiú éisteacht leis an mbáisteach. Tá leigheas éigin i bhfuaimeanna nádúrtha na cruinne, deinim amach. Bain triail as! Ealaíontóir den chead scoth atá in ann 'mothú na báistí' a chur in iúl go seoigh is ea Norman Ackroyd:
Íomhá Norman Ackroyd
ó cheann ceann na bliana
dlúthchompánach na gceathanna...
Loch Bhraoin
all year round
constant companion to showers...
Loch Broom
一年中
雨となかよし
ブルーム湖

Leagan Seapáinise: Mariko Sumikura (Kyoto)
aw year roon
close fere tae shooers...
Loch Broom

Leagan Béarla na hAlban: John McDonald

2016-07-22

Ní le hAghaidh Laethanta Mar Seo A Rugadh Sinn

Grianghraf: Germain Droogenbroodt

 le Taeko UEMURA

Ní cóir go dtarlódh laethanta mar seo go brách arís
Aon ní mar é
Smaoineamh mar é
Ní cóir go dtarlódh lá mar seo go brách arís; chuige sin
Táim chun a raibh ionam go n-uige seo a chaitheamh san abhainn

Gach aon rud ar ghabhas tríd i mo shaol
An t-iomlán, caithfidh mé uaim é
Chun go ndéanfainn gáire groí athuair:
Ar mhaithe leis na laethanta atá ag teacht
Caithfeadsa na seanlaethanta amach

Tiocfaidh an lá amárach siúráilte
Déanfaidh mé deimhin de sin le díograis chiúin
Is cuma cad atá agam le tairiscint dó mar mhalartú.

2016-07-21

Ceol Anama ar an bhFliúit


Aithris ar éiníní an aeir atá i gceol na fliúite, is dócha. I lár na 1990í, tháinig seandálaithe sa tSlóivéin ar chnámh leise béir ina raibh ceithre pholl: fliúit ab ea í - breis is 44,000 bliain d'aois! Is fada siar a théann ceol na fliúite.
/div>

2016-07-20

Nuair a chodlaíd

le Rolf Jacobsen

(1907 - 1994)


Is leanaí iad an uile dhuine nuair a chodlaíd.
Níl aon chogadh iontu níos mó.
Osclaíd a lámha agus análaíonn siad
Sa rithim chiúin sin a thug na flaithis dóibh.
Cuireann puisín orthu féin mar a dhéanfadh leanaí
Is osclaíd a lámha leath bealaigh,
Saighdiúirí agus státairí, searbhóntaí agus máistrí.
Na réalta ar garda
Agus caille ceo ar an spéir,
Cúpla uair an chloig gan dochar á dhéanamh ag éinne d’éinne eile.
Dá mbeadh ar ár gcumas labhairt le daoine agus sinn sa riocht sin
Nuair is bláthanna leathoscailte iad ár gcroí
Thiocfadh briathra isteach
Ina mbeacha órga.
   A Dhé, múin dom teanga an tsuain.

2016-07-19


Na filí i dteannta a chéile san India cúpla bliain ó shin nuair a bhronn Gabriel a chuid leaganacha Gaeilge de dhánta ‘Satchi’, Rogha Dánta, ar an bhfile mór as Kerala. Tá Gabriel ag obair ar eagrán méadaithe den leabhar sin faoi láthair.

Ar Feadh na Sráide is í Nuanite ag an mBáisteach

le K. Satchidanandan


An méid dem’ ríméadsa atá fágtha siúlann feadh na sráide
atá nuanite ag an mbáisteach.
Slogaim cumhracht na báistí nua
le paisean an té atá daortha chun báis
Pógaimse na blátha a thit faoin mbáisteach
is tugaim barróg theann do na crainn bháite.

Gabhann each bán nó gaoth tharam de rúid.
Eitlíonn uaim i bpreab na súl éan dearg nó amhrán.

An méid dem ríméadsa atá fágtha téann ag lorg
an luascáin i sráidbhaile m’óige agus cuimhne éigin
ag luascadh air faoi sciorta breac.
Ach sula mbainim ceann scríbe amach, clúdaíonn
an oíche m’aghaidh le masc dubh, tarraingíonn
an ghealach an rópa, an sealán ar mo mhuineál a fháscadh
ag solas na ré.

An ríméad a mhair im’ dhiaidh ag siúl leis féin
feadh na sráide atá nuanite ag an mbáisteach
agus tigh á lorg aige ina chuimhne
sa tóir ar cholainn nua a shaolófaí ann.

1994

2016-07-17

Tionscadal Bowie: Cúig Bliana/ Five Years


‘Guailleáil tríd an margadh
A liacht sin máthair ag caoineadh
Bhí an Nuacht á craoladh
Níl againn ach cúig bliana
Ghoil sé is é á fhógairt
Bhí an Domhan á ídiú
Chaoin sé is bhí a ghruanna fliuch
Is bhí fhios agam go mb’fhíor dhó
Chuala teileafóin, ceoldrámaí, foinn a thaitin liom tráth
Buachaillí, féiríní agus teilifíseáin.

Mo cheann mar sheomra stórais
Is é ag cur thar maoil
A liacht sin rud le pulcadh ann
Chun go mbeadh gach aon ní slán
Is na daoine a bhí sách-sheang
Is daoine a bhí beag-ard
Is na daoine nárbh éinne iad
Is daoine – daoine éigin iad –
Níor thuigeas riamh go mbeadh gá agam le daoine.

Chuaigh déagóirín glan as a meabhair
Bhuail sí leanaí óga
Murach gur tháinig blaic i gcabhair
Do bheidís marbh leoga
Saighdiúir agus géag leis leonta
’Stánadh leis ar rothaí móra Cadillac
D’fheac muc glúin is phóg sé cosa sagairt
Is chuir sé sin cigire ag aiseag.
Chonaic mé uaim thú i mboth uachtair reoite
Creatháin bhainne á n-ól go réidh
‘Gáire is 'sméideadh, ba ghleoite a bhís
Bheifeá san amhrán gan fhios duit féin
Bhí sé fliuch is bhí sé fuar
Is do bhraith mé mar aisteoir
Is chuimhníos ar Ma
Agus theastaigh uaim dul siar ann.
Do ghnúis, a ghrá is do leagan siúil
Seo póg duit, is álainn thú, is bí liom, a rún.
Gan ach cúig blian’, sáite im’ shúil’,
 

Cúig blian’, sin an scéal nua,
Cúig blian’, tá pian i mo cheann
Cúig blian’, sin a bhfuil ann
Gan ach cúig blian’, sin an scéal nua,
Cúig blian’, sáite im’ shúil,
Gan ach cúig blian’, tá pian i mo cheann,
Cúig blian’, sin a bhfuil ann.

2016-07-16

Gáirí Móra Geala Chugainn!

Is leabhar é Oh Excellent Air Bag, foilsithe ag an PDR (Public Domain Review), ar ocsaíd nítriúil, nó gás gáire agus i samhradh na bliana 1799 ba é cócaon na linne é, is cosúil.  I gceann na haimsire bheadh leas á bhaint as an ngás ag lucht leighis agus ag fiaclóirí – ach bhí fealsúna agus filí tógtha leis chomh maith!

2016-07-14

Koichi Okumura

Koichi Okumura
samhradh in yashima . . .
maolaíonn na giúiseanna
seanbhréantas cró
summer at yashima . . .
the pines relieve an ancient stench
of gore
屋島の夏
松は古え
血の気配

Leagan Seapáinise: Mariko Sumikura (Kyoto)
simmer it yashima . . .
fume o the firs owercums
the auncient guff o gore

Leagan Béarla na hAlban: John McDonald

Graifítí an Lae

Na blúiríní páipéir a éilíonn 'seilbh' ar chodanna den phláinéad, déanann dlíthe, údaráis agus stáit dleathach iad. Déantar dleathach chomh maith an foréigean a úsáidtear chun an ghadaíocht a choinneáil agus trí mhíorúilt éigin ní foréigean a thuilleadh é. Ag seasamh leis an dlí atá sé anois. An t-ord á chosaint aige. Iompaítear an mhoráltacht droim ar ais sa mhéid má chuireann éinne in aghaidh fhoréigean na ngadaithe, féachtar air mar choirpeach foréigneach.

Paul Cudenec

2016-07-13

Dhá dhán le Cathal Ó Searcaigh, trascruthaithe

Sunday in Mín a'Lea, Sunday in Gaza


A gentle Sunday
in Min ’a Leá
I’m unperturbed
in the garden
my counterpart in Gaza
running out of breath
pleading
to escape
the next missile attack
the fallout of explosions.

A soft slow sleepy Sunday
in Min ’a Leá
night will fall into silence
a moon will rise
relaxing in the air
but in Gaza
the sky will ignite
in burning flames
houses will crumble
bones shatter.

On this quiet Sunday
in Min ’a Leá
how easy it is
to mourn Gaza
as I sit in the garden
comfortably
enjoying the scent
of newly cut grass                 
not a care in the world
but the making of a poem.

Not a care in the world
but the making of a poem?

[Traschruthaithe i mBéarla ag Gabriel Rosenstock]



To Mohammed Abu Khdeir

- A Palestinian boy burnt alive in the woods outside Jerusalem


Your little shapely-carved faced
bony as a bird’s;
a green linnet or dove.

Light-footed as a gust of breeze
and lithe, supple
as a sally rod.

That morning, like other days,
you delighted your father and mother
with your blossoming smile

Before setting off for the mosque
to perform your rituals,
the kneeling and bowing required by the Book.

But, dear one, they whisked you away
to the woods; bloodthirsty delinquents
reared on the testament of revenge

To pay for the youths of their own race
treacherously murdered, they sought what was theirs.
You were condemned, dear heart, on the altar of blood.

I see you with your youthful locks flowing,
flames engulfing your limbs,
your sixteen years of loveliness in torment.

Your innards explode
like acorns,  sinews
ripped apart as they burn you alive.

The Sacred Books are wilting,
bent low in shame,
the words of the prophets splattered and stained with your blood.

Today the world is blanched, morning
is a grey dove, I hear the savage moan
of your blood, in Palestine of many a weary heart.

Mohammed Abu Khdeir, every letter
of your name, sweet innocent child,
cries out forever in the congealed alphabet of pain.

[Traschruthaithe i mBéarla ag Gabriel Rosenstock]


2016-07-11

Thuasluaite

Thuasluaite


Maoin uile an domhain
is leis an Té Atá Thuasluaite í.

An tigh, an talamh, an bhean, na páistí,
is leis an Té Atá Thuasluaite
an uile ní.

Rugadh an Té Atá Thuasluaite
mar an Té Atá Thuasluaite agus caillfear
mar an Té Atá Thuasluaite leis é.

Chonac taibhse an Té Atá Thuasluaite
inné: níl aon difríocht idir é
agus an Té Atá Thuasluaite

 K. Satchidanandan





The Artist as Activist

2016-07-10

An Scríbhneoir agus An tAmhránaí


Ag éisteacht le ceol traidisiúnta na Sicile atáim le cúpla lá anuas, go háirithe leis na hamhránaithe.Cuireann siad a gcroí ar fad sna hamhráin. Is beag a cheileann siad. Labhrann siad amach go dána. Tá rud éigin folláin ag baint leis sin, dar liom. Agus macánta. Tugann siad linn sinn ar a n-aistir áthais is bhróin.

Braithim go bhfuil go leor le foghlaim uathu ag scríbhneoirí ár linne. Scríbhneoirí na linne seo caithfidh siad a bheith indíreach - agus iar-nua-aoiseach. Ní den phobal a thuilleadh iad agus tá an pobal tar éis iad a thréigean. Ní thugann siad linn sinn mar nach ar aistear ceart atá siad sa chéad ait. Cá raghfá ina dteannta? Ní treoraithe iad -  ar strae atá siad féin.

Ar ndóigh, chantaí an fhilíocht fadó. An bhrí atá le 'liric' ná dán a chanfá le tionlacan ar an lir.

Pictiúr de chuid Henry Martin é seo, bean agus lir aici:


Má tá easpa ceoil ag baint leis an gcuid is mó den nuafhilíocht chomhaimseartha, is comhartha é sin go bhfuil comhfhios na bhfilí gan a bheith i dtiúin le ceol na sféar, le gnéithe spioradálta síoraí na beatha. Aigne an linbh, mar a dúirt an Ríordánach. Leanaí! Sea. Is leo ríocht neimhe. Ach caithfidh gach éinne a bheith fásta suas inniu, agus sofaisticiúil.

Éistim le hamhránaithe na Sicile agus deirim liom féin go bhfuil rud éigin acu atá caillte ag na filí, rud éigin barbartha, saonta, primitíbheach, ar shlí, eochair rúnda éigin a osclaíonn ... n'fheadar, eochair an ruda atá doráite!  Mar a deir L. Kramer sa leabhar Music and Poetry: The Nineteenth Century and After (1984) is sa dán mar amhrán a thagaimid cóngarach do na mistéirí arda: 
'through song, usually the song of a disincarnate voice or of a figure touched by divinity, language is represented as broaching the ineffable...'

2016-07-09

Óró na Circíní / Scéalta ón Afraic/ Stories from Africa

ró na Circíní
ISBN: 9781857919059
Bliain foilsithe: 2016
Clúdach: Bog
Foilsitheoir: An Gúm

Athinsint ar scéalta béaloidis as an Afraic curtha in oiriúint d’aos óg na Gaeilge ag Gabriel Rosenstock. Tugann an cnuasach seo de 14 scéal as tíortha éagsúla sa mhórchríoch sin léargas dúinn ar thraidisiún saibhir na hAfraice. Bainfidh idir óg agus aosta taitneamh as an leabhar spéisiúil seo. ‘Ní shuíonn ubh ar chearc.’ Sampla den ghaois, den ghreann agus den ghontacht a gheobhaidh tú sa chnuasach seo.

2016-07-08

Graifítí an Lae

Duine ar bith atá ag iarraidh a bheith saor, caithfidh a fhios a bheith aige faoi na slabhraí seachas leanúint ar aghaidh faoi mar nach rabhadar ann.

Guillaume Carnino


2016-07-07

Smaoineamh an Lae

Buail le d'Fhéin féin. Bí leat Féin, éist leis, géill dó, taisc é, tabhair do d'uídh is do d'aire i gcónaí é. Níl aon treoir eile uait. Fad is atá dúil san fhírinne ag dul i bhfeidhm ar do shaol laethúil, ní baol duit. Mair gan éinne a ghortú.

Sri Nisargadatta Maharaj


(Is féidir an clasaiceach spioradálta I AM THAT a léamh anseo):

2016-07-06

Josef Čapek

Josef Čapek
sláinte!
níl éinne ann
ach a scáil
good health!
no one there
but his shadow
健康!
誰もいないが
影がいる

Leagan Seapáinise: Mariko Sumikura (Kyoto)
here's tae ye!
naebodie thair
bit's sheddae

Leagan Béarla na hAlban: John McDonald

2016-07-05

Mórcheist an Lae


Is grúpa cairde iad an Seisear Salach atá ina gcónaí i ndumpa na cathrach. Chuirfeadh sé iontas ort a oiread agus is féidir a fhoghlaim faoin eolaíocht agus tú sa dumpa! San eachtra seo tagann na cairde ar nead beach agus faigheann siad amach mar gheall ar na difríochtaí idir rudaí beo agus rudaí neamhbheo.

ISBN: 9781857919196
Bliain foilsithe: 2016
Clúdach: Bog
Foilsitheoir: An Gúm

2016-07-03

Buanseasmhach

Bhí na mílte filí ann a chum dánta
agus deineadh dearúd orthu.
Níor cuimhníodh ach ar dhuine amháin.
B'fhearr liom dá ndearúdfaí mé
i dteannta na mílte compánach
ná a bheith buanseasmhach i m'aonar.

K. Satchidanandan





Paperwall

2016-07-02

Takahashi Shotei

Takahashi Shotei
tá an iomarca fuji ann
gan ach fuji amháin . . .
fuji ar bith
there are too many fujis
only one fuji . . .
there is no fuji
富士だらけ
不二の山は・・・
そこに富士なし

Leagan Seapáinise: Mariko Sumikura (Kyoto)
thayr'r ower monie fujis
anely yin fuji . . .
thayr's nae fuji

Leagan Béarla na hAlban: John McDonald

2016-07-01

Graifítí an Lae


Ní maoin phearsanta éinne é an domhan. Ná bíodh máistrí ar bith ar an domhan; beimidne, daoine, saor ansin.

Gustav Landauer