le Rolf Jacobsen
(1907 - 1994)
Is leanaí iad an uile dhuine nuair a chodlaíd.
Níl aon chogadh iontu níos mó.
Osclaíd a lámha agus análaíonn siad
Sa rithim chiúin sin a thug na flaithis dóibh.
Cuireann puisín orthu féin mar a dhéanfadh leanaí
Is osclaíd a lámha leath bealaigh,
Saighdiúirí agus státairí, searbhóntaí agus máistrí.
Na réalta ar garda
Agus caille ceo ar an spéir,
Cúpla uair an chloig gan dochar á dhéanamh ag éinne d’éinne eile.
Dá mbeadh ar ár gcumas labhairt le daoine agus sinn sa riocht sin
Nuair is bláthanna leathoscailte iad ár gcroí
Thiocfadh briathra isteach
Ina mbeacha órga.
A Dhé, múin dom teanga an tsuain.