2017-02-25

I mBosca na mBriathra

Dhúisíos go tobann oíche amháin
Agus chuir an radharc alltacht orm.
Bhí focal amháin ag teacht amach as focal eile,
As an dara focal, an tríú ceann . . .
Céad, dhá chéad focal ag éalú
As gach focal!
Bhí an seomra ar fad ag cur thar maoil le focail.
Chonaiceadar go raibh mo shúile ar oscailt,
Is ansin a thosnaigh an hurlamaboc.
Thug na focail go léir seáp faoi na boscaí briathra.
An cúigiú isteach sa cheathrú, an ceathrú sa tríú,
An tríú sa dara ceann.
Rugas go grod ar cheann de na focail a bhí ag éalú
Agus ar mise leis, ‘Cad é seo go léir?’
Ní osclódh a chlab ar dtús
Ach tar éis a thuilleadh fiosraithe, ar sé,
‘Bíonn craiceann ar fhocal ó am go a chéile,
Agus, tar éis tamaill, craiceann eile anuas air sin
Mar a bheadh bosca istigh i mbosca.’
Nuair a scaoileas dem’ ghreim scornaí air
Theith an focal lena anam.
Sular ghabh isteach i mbéal focal eile a bhí ag srannadh,
Ar seisean:
‘Tagann a mbrí reatha
Amach as an mbunbhrí
Istoíche
Chun sult a bhaint as a gcuid saoirse.
Bí cinnte nach gcloisfidh an focal sotalach
Atá i réim faoi seo
Nó tá ár bport seinnte.
Coinneoidh tú ina rún é?
Tá d’fhocal agam air sin?’


Sanskriti Rani Desai

2017-02-23

Téacs


Tá teachtaireacht á seoladh arís agam.
B’fhéidir nach gcloiseann tú í
trí fhothram na soilse
agus an tslí a ngluaiseann rudaí
sa chathair eile sin
ina bhfuilir is dóigh liom,
má tá na dátaí i gceart agam, ar ndóigh
d’fhéadfadh go bhfuil breall orm.

Dá mbeifeá ag súil leis an teachtaireacht
is mar seo a sheasfá,
do shúile ar oscailt agus iad dírithe
ar an scáileán, do chluasa dúnta.

Tá an rialaitheoir fuaime caillte
ag an gcathair ina bhfuilimse.
Gach éinne anseo
i dtaithí ar uasfhuaim.

An léir duit an téacs?
Díreach ag iarraidh a fháil amach
an slán duit agus folláin?

Scréachann fón, pléascann clog,
sa seomra béal dorais, cuirtear teilifís ar siúl.
Glór bonnán gach áit, druileanna.
Gluaisteáin ag béicíl, blosc na n-adharc.


bhfuilir?
Cén fáth ar stop tú ag canadh?

Imtiaz Dharker

2017-02-22

Tusa

Ní liom thú go dtí
go mbaineann tú do chuid éadaigh
go léir díot, domsa

Is leis an domhan thú
is tú lánghléasta

Lá éigin
táim chun an domhan seo
a stróiceadh as a chéile

Mohammad Ismail

 

2017-02-21

Corpáin in Kashi

An bhfuil Kashi feicthe agat?
Tagann is imíonn corpáin ann
ar an mbóthar céanna

Agus cad mar gheall orthu?
Tiocfaidh corpáin
imeoidh corpáin

Fiafraigh ansin, cén corpán é seo?
An é Rohitashva é? Dhera, ní hea
ní fhéadfadh gurb é Rohitashva atá i ngach corpán

Aithneoidh tú a chorpán
i bhfad uait
agus mura n-aithneoidh

Aithneoidh tú gar dhuit é
agus mura n-aithneoidh ansin
ní hé Rohitashva atá ann

Agus más ea féinig,
cén difríocht
a dhéanfaidh sé?

A chairde, tá Kashi feicthe agaibh
áit a dtagann is a n-imíonn corpáin
ar an mbóthar céanna

Agus ní dhearna sibh ach an méid sin –
slí a dhéanamh dóibh agus a rá,
Cén corpán é seo?

Pé duine a bhí ann
nó nach raibh ann
cén difríocht a dhein sé?



Shrikant Verma

ΠΤΩΜΑΤΑ ΣΤΟ ΚΑΣΙ


Έχετε δει το Κάσι; 
Όπου
πτώματα έρχονται και
πτώματα πάνε
από τον ίδιο δρόμο.

Και τι λοιπόν με τα πτώματα;
Πτώματα θα έρχονται
πτώματα θα πάνε –

ρωτήστε λοιπόν, Τίνος πτώμα είναι αυτό;
Του Ροχιτάσβα;
Όχι, όχι,
όλα τα πτώματα δεν είναι ο Ροχιτάσβα    

Το πτώμα του
θα το αναγνωρίσετε από απόσταση
αν όχι από απόσταση, τότε
από κοντά –
και αν όχι από κοντά,
τότε δεν
μπορεί να είναι ο Ροχιτάσβα
και ακόμη και αν είναι,
ποια είναι η διαφορά;

Φίλοι,
έχετε δει το Κάσι,
όπου
πτώματα έρχονται και
πτώματα πάνε
από τον ίδιο δρόμο.
Και αυτό μόνον κάνατε –
κάνατε στην άκρη
και ρωτήσατε –
Τίνος πτώμα είναι αυτό;
Όποιος και αν ήταν,
όποιος και αν δεν ήταν,
ποια ήταν η διαφορά;
 

(Απόδοση στα ελληνικά: Γιώργος Χουλιάρας)

Translated into Greek by Yiorgos Chouliaras


Corpses in Kashi


Have you seen Kashi?
Where
corpses come and
corpses go
by the same road.

And what of corpses?
Corpses will come,
corpses will go –

ask then, Whose corpse is this?
Rohitashva’s?
No, no,
all corpses can’t be Rohitashva

His corpse
you’ll recognise from a distance
if not from a distance, then
from up close –
and if not from up close,
then it
can’t be Rohitashva

and even if it is
will it make a difference?

Friends,
you have seen Kashi,
where
corpses come and
corpses go
by the same road.

And this is all you did –
stepped aside
and asked –
Whose corpse is this?

Whoever it was,
whoever it wasn’t,
did it make a difference?

Shrikant Verma

Translated from the Hindi by Rahul Soni



http://poetry.sangamhouse.org/2013/06/corpses-in-kashi-by-shrikant-verma
The Indian town of Kashi has also been known as Benares or Varanasi. My friend Gabriel Rosenstock selected the poem and translated it into Irish. The poetry collection Magadh (1984) by Shrikant Verma (1931–1986) was translated into English by Rahul Soni and published by Almost Island Books in 2013 (http://www.rahulsoni.net/magadh). The book was posthumously awarded in 1987 the Sahitya Academy Award conferred by India’s National Academy of Letters to outstanding literary works in any of the 22 official languages of the country. An Indian poet, author, and reporter, Verma also served as a Member of Parliament, while in 1982 he chaired the Afro-Asian Writers’ Conference held in New Delhi. His son Abhishek, an arms dealer, was declared India’s youngest billionaire in 1997.

Η πόλη Κάσι είναι επίσης γνωστή ως Μπεναρες ή Βαρανάσι. Ο φίλος Γκάμπριελ Ρόζενστοκ επέλεξε το ποίημα και το μετέφρασε στα ιρλανδικά. Η συλλογή ποιημάτων Magadh (1984) του Shrikant Verma (1931–1986) μεταφράστηκε στα αγγλικά από τον Rahul Soni and εκδόθηκε από τον οίκο Almost Island Books το 2013 (http://www.rahulsoni.net/magadh). Στο βιβλίο απονεμήθηκε το 1987, μετά τον θάνατο του συγγραφέα, το Βραβείο Sahitya Academy της Εθνικής Ακαδημίας Γραμμάτων της Ινδίας που απονέμεται σε διακεκριμένα λογοτεχνικά έργα σε 22 επίσημες γλώσσες της χώρας. Ινδός ποιητής, συγγραφέας και δημοσιογράφος, ο Βέρμα επίσης διετέλεσε μέλος του Κοινοβουλίου, ενώ το 1982 ήταν πρόεδρος του Συνεδρίου Αφρο-Ασιατών Συγγραφέων που συγκλήθηκε στο Νέο Δελχί. Ο γιος του Abhishek, έμπορος όπλων, ανακηρύχθηκε ο νεότερος δισεκατομμυριούχος της Ινδίας το 1997.

2017-02-20

Haiku

Grianghraf: Werner Bischof
ag feitheamh
le cogadh eile ...
príosúnaigh chogaidh
waiting
for another war ...
prisoners of war

2017-02-19

Coillteáin



Nuair a shaolaítear leanbh i nDeilí
Is gnách go dtugann deichniúr éigin coillteán
Cuairt ar an dtigh,
Damhsaíonn agus canann ann
Le haghaidh airgid.
Is maith liom nós seo Thuaisceart na hIndia –
Nach breá an ní é
Iad siúd nach bhfuil in ann páiste a ghiniúint
Agus sceitimíní orthu ar chloisint dóibh
Faoi bhreith linbh.
Scríobh Ilango Adigal
Faoi choillteáin Thuaisceart na hIndia
Agus a gcíocha bréige,
Ach ní faoin nós seo acu.
Is trua gur fágadh ar lár é.
Ina dhiaidh sin is uile, má iompaíonn
Muintir an domhain go léir ina gcoillteáin
Ní shaolófar oiread is páiste amháin.
Cá mbeidh na coillteáin
Ag canadh is ag damhsa ansin
Le haghaidh airgid?
Níl freagra ar bith agam.


Ka. Naa. Subramanyam

2017-02-18

Inlasta

Nach ait é –
i gcaitheamh do shaoil
lá i ndiaidh lae, an rud is mó
a bhí á dhó
ní raghadh trí thine sa deireadh!

Ní théann lasracha
in aice leis an aigne –
ar an sínteán cruach
       is tú ag dul isteach san fhoirnéis
      

Joy Goswami

2017-02-17

Ag teacht go luath:

rogha dánta le GR i nDúitsis, aistrithe ag Willem Roggeman


2017-02-16

Nótaí on Ind

Notes from India

i.m. Pearse Hutchinson     (1927 -2012)

Sujata Bhatt


Two a.m. in Mumbai
and the crows are still loud.
They circle the trees –
hundreds of them around our house.
A crow has died and all the others
keep cawing, cawing through the night
into the morning – endlessly
they keep on calling for days.

I speak of death,
but it’s life I want to praise.

If your soul could travel
would you join me here?

A week later I’m surrounded
by the sound of Telegu
and the sound of another sea –
Even my sleep is green now
beneath the large leaves of an almond tree,
even my dreams are green now
breathing in the green of green coconuts –
 

Nótaí on Ind

i.m. Pearse Hutchinson (1927 -2012)

Sujata Bhatt

 

A dó ar maidin in Mumbai
agus is glórach fós iad na préacháin.
Tá siad ag dul thart ar na crainn –
na céadta díobh lasmuigh.
Tá préachán marbh agus an chuid eile
ag grágaíl leo, ag grágaíl i gcaitheamh na hoíche
go léir go héirí gréine – níl aon deireadh leis
iad ag glaoch lá i ndiaidh lae.

Ar an mbás a labhraím,
ach is í an bheatha is mian liom a mholadh.

Dá mbeadh ar chumas d’anama taisteal
an mbeifeá liom anseo?

Seachtain ina dhiaidh sin
is glór na Teileagúise gach áit
agus glór ó mhuir eile –
Is glas é mo shuan, fiú, anois
faoi dhuilleoga móra chrann almóinní,
is glas fiú anois mo bhrionglóidí
agus glas na gcnónna cócó glasa á líonadh

 

(Poppies in Translation, Carcanet, 2015)

2017-02-15

D’Iníon Neamhshaolaithe

Dá bhféadfaí tú a thabhairt ar an saol
Trí dhán a scríobh, scríobhfainnse anois é,
Na véarsaí á líonadh agam le níos mó craicinn
Is fíochán ná mar is gá ag an gcolainn leo,
Na línte á líonadh agam le hurlabhra.
Thabharfainn fiú ingne ite do mháthar duit
Agus na súile geal-donna sin,
Mar bhíodar san aici, measaim. Ní fhaca
Ach uair amháin í, trí fhuinneog traenach
I ngort buí. Bhí gúna ar dhath éadrom
á chaitheamh aici. Bhí sé fuar.
Is dóigh liom gur theastaigh uaithi rud éigin a rá.

Arvind Krishna Mehrotra

2017-02-14

Oidhreacht

Inár dtost, éidreorach,
d’fhéachamar ar ár dtailte á sciobadh uainn.
Bhí Jabanna geallta ag an Rialtas – striapach
mhealltach lánaimseartha – Tionsclú, Cumhacht, Aibhléis.
D’imigh gach aon ní, níor tháinig Faic.

Anois, gan talamh, díbeartha,
i gcoilíneacht athlonnaithe, mar uisce lonnaithe,
beathaímid ár n-anam ar chuimhní solasmhara
ar shaol eile.
Nuair a théimse siar i m’aigne
go dtí mo cheantar dúchais
is minic a chuimhním
ar an Domhnach úd
lá báistí sa séipéal plódaithe
agus an tAthair Jose ag labhairt go glé:
‘Is méanar dóibh seo atá ceansa,
óir gheobhaidh siad an talamh mar oidhreacht.’


Meena Kandasamy

2017-02-13

Dúisíonn na Déithe


Rud eile mar gheall ar na déithe atá go dona
Codlaíonn siad an chuid is mó den am
              (ní bhíonn brionglóidí acu fiú).
Dá mbeifeá gar do na flaithis uair éigin
is áit challánach leamh é
Agus ní chloisfeá aon ní ann ach
tríocha trí mhilliún srann dhiaga shioncrónaithe.
              (Bíonn na Bandéithe ag srannadh leis).
Codlaíonn na Déithe trí na paidreacha go léir
is trí chantaireacht na sagart.
              [Caithfidh gur leamh leo iad)
Breitheanna, Póstaí, Deasghnátha gan áireamh,
is an Sagart i lár an aonaigh, ní bhacann
na Déithe leo. Agus tá ‘Om’ as feidhm anois –
dordán muiscíte, saghas, gan stad.
              [Ar aon chuma, tá OM faoi ©hóipcheart).
Ó am go chéile, corraíonn na neacha neamhaí.
Cuireann sochraidí sceitimíní ar na Déithe
                           (tá siad saghas neicrifiliach).
Glór ard na ndrumaí mar thionlacan leis na mairbh chun suain shíoraí,
fuaimeanna ársa ag fógairt éalú na beatha.
Croitheann an ceol domhain sin na spéartha
agus dúisíonn na Déithe
              (díreach chun fáiltiú roimh na mairbh).
             
             

Meena Kandasamy             

2017-02-12

Haiku

(null)

(null)

urú gealaí -
aiféala orm faoi na haiku
a d'éalaigh uaim

Toshio Kimura

2017-02-11

Sólás

Bhí an oiread sin sóláis sa nóisean sin nach mbeinn ann, lá éigin, gur thosnaíos
ar gan a bheith ann. Anois, an crann os comhair an tí is crann é ar a mbeidh an ghrian ag taitneamh tar éis mo bháis. Aistear a dhéanfaidh mé tar éis mo bháis anois é     gach aistear. I ndiaidh mo bháis níl sa cholainn ach rud éigin a bhfuil cuimhne agam air. An domhan seo, gafa i réimse na cruinne, is é an domhan seo i mo dhiaidhse é áit a n-imríonn mo chlann mhac cruicéad agus tusa i do shuí taobh amuigh ag fanacht go bhfillfidh mé.

Dán próis le Udayan Vajpeyi

2017-02-10

Comhbhrón

Bhí gach éinne beo sa tigh sin
An bhean chéile ar baintreach anois í
Áit éigin istigh, dofheicthe
Mar a bhí nuair ba bheo dó féin

Dhein bean éigin cupán tae
Is chuir os mo chomhair é
Ba dheacair a chreidiúint nach mbeadh sé ag teacht ar ais
Tharla sé go mion minic cheana féin
Bhínnse ag feitheamh leis
Ag ól tae chun an t-am a chur isteach
Ach ní feitheamh fada fuar a bheadh inniu agam
Impí chiúin i súile na n-iníonacha brónacha
Gan deoir
B’fhéidir gur theastaigh uathu a rá liom teacht arís
Go rialta nó rud éigin a dhéanamh dóibh
Nuair a bheadh deireadh leis an gcomhbhrón foirmiúil

Bhí mo dhuine ag breathnú anuas orm
I ngrianghraf ó laethanta a óige
Taispeánadh dom an marc ar an staighre
A d’fhág sé ina dhiaidh nuair a thit sé
Nach minic feicthe agam é ag rith suas síos an staighre céanna

Ní raibh de mhisneach ag éinne acu dul suas
Agus siúl ar an marc sin
Ba é an rud suarach sin a chuir abhaile orm
Gur marbh a bhí sé dáiríre
Agus nach anseo ag feitheamh leis a bhíos
Ach ag déanamh comhbhróin


Rituraj

2017-02-09

Na déithe a sheachaint

Táid tagtha
chun ár gcuid fola a scóladh, glaoch orainn amach
as ár dtithe geala go dtí cam-scáthanna faoi na crainn.
Ná héistimis leo. Ná lig isteach iad.

Ansiúd lastall den ghairdín gruama, san fhoraois dhoiléir,
tá an oíche á caitheamh féin i mion-bhásanna gan áireamh.
Sin mar a bhíd, sin iad na creachadóirí duit. Scrios saonta d’fhéadfá a rá
ach scrios mar sin féin.

Tréigimis iad is ligimis dóibh
feo ar a gcrosa,
a gcuid sciathán iarainn a bhualadh; a gcuid arm
a athlonnú agus smaoineamh
ar shlite nua peacúlachta is ciontachta.


Ian Abbot

2017-02-08

Haiku le Issa ón mbliain 1819

Braithim atmaisféar Kafkaúil nua-aimseartha sa haiku áirithe seo:

duine amháin, cuileog amháin
seomra suite mór
amháin

.人一人蝿も一つや大座敷

hito hitori hae mo hitotsu ya ôzashiki

2017-02-07



Aad Guray Nameh, Jugaad Guray Nameh, Sat Guray Nameh, Siri Guru Dev-ay Nameh
Aad Such Jugaad Sach Hai Bhi Sach Nanak Hosi Bhi Sach
Aad Such Jugaad Sach Hai Bhi Sach Nanak Hosi Bhi Sach


Umhlaím don Ghúrú príomhúil. Umhlaím don fhírinne atá ann leis na cianta. Umhlaím don Fhíor-Ghaois. Umhlaím don Mhór-Ghaois Dhiaga.

Fíor ón tús, fíor i gcaitheamh na gcianta, fíor go dtí an lá inniu féin, a Nanak, beidh an fhírinne ann go deo.

Fíor ón tús, fíor i gcaitheamh na gcianta, fíor go dtí an lá inniu féin, a Nanak, beidh an fhírinne ann go deo.

2017-02-06

Ag feitheamh

ag feitheamh
an lá ar fad
le haiku...
waiting
all day
for a haiku ...

2017-02-05

Ní féidir seilbh a bheith agat ar dhuine

Ní le héinne éinne eile i gcaitheamh a shaoil
Ní féidir seilbh a bheith agat ar dhuine
Níl san áilleacht a fheiceann tú led’ shúile
Is an grá a mhothaíonn tú
Ach seachmaill san aigne
I gcaitheamh mo shaoil ar fad bhíos ag iarraidh
Mé féin a shábháil ód’ chatsúile ach
Theip glan orm is ghabh an mhiodóg
Tríom

Firaq Gorakhpuri

2017-02-04

Pé leabhar a léimid

Pé leabhar
a léimid
tagaimid ar a bhfuil
ionainne sa leabhar sin
sin uile


T.K. Doraiswamy (Nakulan)

2017-02-02

Iarsmaí


Potaí, boinn airgid, séalaí, codanna de dhealbha déithe gan ainm;
Bró, teallach faoi charn úire;
Uirlisí maola a thochail an chré tráth;
Cúpla arm a úsáideadh, seans, in aghaidh ainmhithe allta.
An é sin m’oidhreachtsa mar sin?
An imeoidh sí nuair a bhogfaidh an cine daonna ar aghaidh?

Is fada ina luí é an dusta a d’ardaigh an marcshlua ríoga.
Duine i ndiaidh a chéile, filí is staraithe, ceannairí an chultúir
San uaigh chiúin. Cad i gcomhair anois iad na dathanna corcra
Is an línéadach mín, na háilleagáin is breá leis na mná?
Earraí mar sin ní thabharfaidh na ceannaithe leo níos mó;
Is fearr leo airm mharfacha a thrádáil.

An t-eitleán féin, chomh mear le tintreach, is beag an chabhair í;
Is leithne ná riamh anois í an bhearna
Idir áit an mhargaidh i nDeilí agus Lahore.
Conairí an ghrá, ídithe atá; séideann deannach gach áit.
Dorn cré sin a bhfuil fágtha de chónraí tíoránach
Ach ghabh a n-anam isteach i gcolainn eile,
Lána i ndiaidh lána, marfóirí amuigh lena gcuid tóirsí.
Monarchana gáis nimhe is gunnaí, fanann ina ndúiseacht amhail leannáin.
Na fir óga dhathúla go léir is iad báite sa bhféinsásamh
Agus na mná is a ngabhal ar leathadh mar leithreas.
Ní mó dúinn fanacht beo,
An deoch nimhe a ól go huair ár mbáis.
Seo, tugaimis óráid do na gadhair, cuirimis fáilte roimh phréacháin.
 

Akhtarul Iman