An bhean chéile ar baintreach anois í
Áit éigin istigh, dofheicthe
Mar a bhí nuair ba bheo dó féin
Dhein bean éigin cupán tae
Is chuir os mo chomhair é
Ba dheacair a chreidiúint nach mbeadh sé ag teacht ar ais
Tharla sé go mion minic cheana féin
Bhínnse ag feitheamh leis
Ag ól tae chun an t-am a chur isteach
Ach ní feitheamh fada fuar a bheadh inniu agam
Impí chiúin i súile na n-iníonacha brónacha
Gan deoir
B’fhéidir gur theastaigh uathu a rá liom teacht arís
Go rialta nó rud éigin a dhéanamh dóibh
Nuair a bheadh deireadh leis an gcomhbhrón foirmiúil
Bhí mo dhuine ag breathnú anuas orm
I ngrianghraf ó laethanta a óige
Taispeánadh dom an marc ar an staighre
A d’fhág sé ina dhiaidh nuair a thit sé
Nach minic feicthe agam é ag rith suas síos an staighre céanna
Ní raibh de mhisneach ag éinne acu dul suas
Agus siúl ar an marc sin
Ba é an rud suarach sin a chuir abhaile orm
Gur marbh a bhí sé dáiríre
Agus nach anseo ag feitheamh leis a bhíos
Ach ag déanamh comhbhróin