Agus chuir an radharc alltacht orm.
Bhí focal amháin ag teacht amach as focal eile,
As an dara focal, an tríú ceann . . .
Céad, dhá chéad focal ag éalú
As gach focal!
Bhí an seomra ar fad ag cur thar maoil le focail.
Chonaiceadar go raibh mo shúile ar oscailt,
Is ansin a thosnaigh an hurlamaboc.
Thug na focail go léir seáp faoi na boscaí briathra.
An cúigiú isteach sa cheathrú, an ceathrú sa tríú,
An tríú sa dara ceann.
Rugas go grod ar cheann de na focail a bhí ag éalú
Agus ar mise leis, ‘Cad é seo go léir?’
Ní osclódh a chlab ar dtús
Ach tar éis a thuilleadh fiosraithe, ar sé,
‘Bíonn craiceann ar fhocal ó am go a chéile,
Agus, tar éis tamaill, craiceann eile anuas air sin
Mar a bheadh bosca istigh i mbosca.’
Nuair a scaoileas dem’ ghreim scornaí air
Theith an focal lena anam.
Sular ghabh isteach i mbéal focal eile a bhí ag srannadh,
Ar seisean:
‘Tagann a mbrí reatha
Amach as an mbunbhrí
Istoíche
Chun sult a bhaint as a gcuid saoirse.
Bí cinnte nach gcloisfidh an focal sotalach
Atá i réim faoi seo
Nó tá ár bport seinnte.
Coinneoidh tú ina rún é?
Tá d’fhocal agam air sin?’