2018-07-31

I bhfocail Osho

Áthas a bhfuil cúis leis, ní mhairfidh i bhfad; áthas gan chúis, mairfidh sé go deo.

Osho

2018-07-30

I bhfocail Osho

Ná cuir isteach ar shaol éinne eile agus ná lig d'éinne eile cur isteach ar do shaolsa.

Osho


2018-07-29

I bhfocail Osho

Cuimhnigh ar rud amháin: níl i ngach rud - seachas an tost - ach do shamhlaíocht!

Osho

2018-07-28

I bhfocail Osho

Ar smaoinigh tú riamh mar gheall air? Má fhiafraítear díot, ‘Cé thusa?’ cén freagra a thabharfá? Insíonn tú d’ainm ach ní leatsa an t-ainm, mar tháinig tú ar an saol seo gan ainm. Ní raibh ainm ort; ní leatsa d’ainm, tugadh duit é. Agus dhéanfadh ainm ar bith an chúis, A-B-C-D. Is cuma sa sioc. Níl sé riachtanach. Más Susan atá ort, go breá; más Harry atá ort, go breá, ní dhéanann sé difríocht dá laghad. D’fhéadfadh ainm ar bith an jab a dhéanamh. Níl ann ach lipéad. Tá gá le hainm chun go n-aithneofaí thú ach níl aon bhaint aige leis an bhfíor-thusa. Nó déarfá, ‘Is dochtúir mé’ nó déarfá, ‘Is innealtóir mé’, nó fear gnó, nó péintéir, nó seo is siúd – ach ní insíonn sé sin faic mar gheall ort. Nuair a deir tú ‘Is dochtúir mé, tá rud éigin á rá agat mar gheall ar do shlí bheatha, ní mar gheall ort féin. Tá tú ag cur síos ar do ghairm bheatha, conas a dhéanann tú do bheatha a shaothrú. D’fhéadfadh go mbeadh do bheatha á saothrú agat mar innealtóir, mar dhochtúir nó mar fhear gnó – ní bhaineann sé leis an gcás. Ní deir sé faic mar gheall ort féin. Nó tugann tú ainm d’athar, ainm do mháthar, do chraobh ghinealaigh – arís, níl aon bhaint aige sin leis an scéal mar nach sainmhíniú ar bith ort féin an méid sin. Is de thaisme a bhaineann tú le teaghlach amháin seachas teaghlach eile; ní bheadh fios a mhalairt agat dá mba le teaghlach eile thú . . . Tá an fíor-thusa i bhfolach i gceo na mistéire.

Osho


2018-07-27

I bhfocail Osho

An tsochaí a chruthaíonn an aigne. Gníomhaire na sochaí istigh ionat atá san aigne; cuimhnigh, ní ag freastal ortsa atá an aigne. Is í d’aignese í ach níl sí ag freastal ort; i gcomhcheilg i d’aghaidh atá sí. Mhúnlaigh an tsochaí í; tá an tsochaí tar éis an-chuid a chur isteach inti. Is í d’aignese í ach ní fheidhmíonn sí mar shearbhónta duitse; feidhmíonn sí mar shearbhónta de chuid na sochaí. Más Críostaí thú, feidhmíonn sí mar ghníomhaire de chuid na gCríostaithe, más Hiondúch thú, aigne Hiondúch atá agat, más Búdaí thú, aigne Bhúdaíoch atá agat.

Osho


2018-07-26

I bhfocail Osho

Aon chéim amháin is ea Zen – aistear aonchéime. Féadann tú an  chéim dheireanach nó an chéad chéim a thabhairt air, is cuma. Is é an chéad chéim is an chéim dheireanach é, alpha agus omega. Níl i dteagasc iomlán Zen ach rud amháin: conas léim isteach i neamhní, conas deireadh na haigne a bhaint amach, arb é deireadh an domhain é.

Osho

2018-07-25

I bhfocail Osho



Is ainrialaí mé.
Go bunúsach, creidim sa duine aonair.
Ní chreidim sa tsochaí in aon chor.
Ní chreidim sa tsibhialtacht, sa chultúr. Creidim go díreach sa duine aonair.
Ní chreidim sa stát, ní chreidim sa rialtas. Ní theastaíonn rialtas ar bith uaim, stát ar bith.

Osho

2018-07-24

I bhfocail Osho

Má thosnaíonn tú ag labhairt le crann, nó le bláth - rós - ceapfaidh daoine go bhfuil tú as do mheabhair. Má théann tú isteach i séipéal agus má thosnaíonn tú ag caint le cros nó le híomhá, ní cheapfaidh éinne gur as do mheabhair atá tú, ceapfaidh siad gur cráifeach atá tú.
 

Osho


2018-07-23

Tanka

Sonia Rodrigues Sabharwal
munar thugas
grá buan daingean duit
guím chun bhandia an mhaithiúnais
            cuklya maklya devā
             déithe eile lasmuigh den pháil
          
if I have not loved you
well enough, I pray
to the goddess of forgiveness
             cuklya maklya devā
              and deities unknown

2018-07-22

Stan Raucher

Stan Raucher
céasfar mo mhac arís  . . .
seachtain na páise
Guatamala


my son will be crucified again  . . .
holy week
Gautemala

2018-07-21

Hélène Duc

chute de flocons
je coche tristement
les emails indésirables


calóga sneachta ina gceann
is ina gceann
scriosaim ríomhphoist nach bhfuil uaim

fonte de la neige
j'efface son dernier message
de mon répondeur


sneachta ag leá
scriosaim an scéal deireanach uaidh
ar an ngléas freagartha

2018-07-20

Ruth Franke

Bealtaine 4, 1932 - Aibreán 14, 2011
geimhreadh fada  . . .
calóga sneachta ag titim
ar chlamhán marbh

2018-07-19

Haiku

ginmhillteoir cúlsráide . . .
cat ag caoineadh
ar an díon
backstreet abortionist . . .
a wailing cat
on the roof

2018-07-18

Haiku le Issa ón mbliain 1823

Bhí níos mó ná Búda amháin ann. Agus tá Búda eile chugainn: Maitreya is ainm dó.

Deir Issa:

san áit a mbíonn daoine
bíonn cuileoga
agus Búdaí

.人有れば蝿あり仏ありにけり

hito areba hae ari hotoke ari ni keri


Haiku is ea é ón mbliain 1823.

  • Sa bhliain sin a tharla an chéad chogadh Angla-Ashanti agus an chéad Chogadh Angla-Bhurmach
  • Rugadh an file Ungarách Sándor Petőfi
  • Rugadh an file Sasanach Coventry Patmore
  • Rugadh Thomas Francis Meagher i bPort Láirge
  • Rugadh Friedrich Max Müller, Oirthearaí Gearmánach
  • Rugadh an file Angla-Éireannach John Kells Ingram
  • Rugadh an réabhlóidí Thomas Devin Reilly
  • Cailleadh an file Angla-Éireannach Charles Wolfe
  • Díbríodh Kevin Izod O’Doherty chun na Tasmáine
  • Cailleadh Edward Ledwich, ársaitheoir
  • Rugadh Cornelius Mahony, ollamh le Gaeilge. Níor scríobh sé faic de réir dealraimh.

2018-07-17

Ocht a Chlog

Stuart Glazer

Ocht a Chlog

Tagann suipéar ar a cúig,
réalt an tráthnóna ar a sé,
tagann mo leannánsa ar a hocht -
tá a hocht i bhfad i gcéin

Conas a d'fhulaingeoinn an lá
mura mbeadh mo shúil
ag breathnú ar na snáthaidí
a thugann a hocht a chlog chugam

Sara Teasdale


Eight O'Clock

Supper comes at five o'clock,
At six, the evening star,
My lover comes at eight o'clock-
But eight o'clock is far.

How could I bear my pain all day
Unless I watched to see
The clock-hands laboring to bring
Eight o'clock to me.

Sara Teasdale

2018-07-16

Der Schmetterling

File: Friedrich von Schlegel
Cumadóir: Franz Schubert

An Féileacán

Cén fáth nach ndamhsóinn?
Ag roinnt leis níl dua,
Is dathanna geala
Nach féidir a lua.
Álainn iad ag lonrú -
Féach ar mo chuid sciathán,
Milis a n-análú
Gach aon bhláth is bláithín
Is blaisim den bhláithín
Gan cead uaibh, a bhráithre.

Is iontach an lúcháir
Go moch is go déanach
Ar snámh dom go héadrom
Thar na cnoic is réileáin.
Siosarnach tráthnóna
Néalta mar ór leáite
Is an t-aer ag lonrú,
Cluainte: glas a ndealramh.
Is blaisim den bhláithín
Gan cead uaibh, a bhráithre.

Der Schmetterling

Wie soll ich nicht tanzen?
Es macht keine Mühe,
Und reizende Farben
Schimmern hier im Grünen.
Immer schöner glänzen
Meine bunten Flügel,
Immer süßer hauchen
Alle kleinen Blüthen.
Ich nasche die Blüthen;
Ihr könnt sie nicht hüten.

Wie groß ist die Freude,
Sey's spät oder frühe,
Leichtsinnig zu schweben
Ueber Thal und Hügel.
Wenn der Abend säuselt,
Seht ihr Wolken glühen;
Wenn die Lüfte golden,
Scheint die Wiese grüner.
Ich nasche die Blüthen,
Ihr könnt sie nicht hüten.

2018-07-15

sceach gheal faoi bhláth; White Thorn, Co. Mayo

Grianghraf: Ron Rosenstock
na daoine maithe, an ea?
tá an áit dubh leo . . .
sceach gheal faoi bhláth
fairies, is it?
the place is thick with them . . .
whitethorn in bloom
νεράιδες, είναι;
γέμισε ο τόπος . . .
ασπραγκαθιές ανθίζουν

Leagan Gréigise: Sarah Thilykou

2018-07-14

Haiku le Issa ón mbliain 1815

Cos an Ealaíontóra le Menzel
  • Sa bhliain 1815 rugadh Otto von Bismarck, státaire Gearmánach
  • Rugadh Anthony Trollope, údar Sasanach: i measc a chuid leabhar ‘Éireannach’ tá The Macdermots of Ballycoran (1847), The Kellys and the O’Kellys (1848), Castle Richmond (1860), Phineas Finn; The Irish Member (1869), Phineas Redux (1874), An Eye for an Eye (1879) agus The Landleaguers.
  • Rugadh Adolph Menzel, péintéir Gearmánach
  • Rugadh James Graves, ministir Gallda, faoina ndúradh:
‘Mr Graves, although not an Irish scholar himself, yet made great efforts to have the Irish language taught long before the present movement in favour of its revival was initiated’
  • Rugadh Seán Ó Doinn, bailitheoir amhrán
  • Rugadh William Reeves, ministir Gallda, a scríobh:
‘Oh! is it not a scandal to England to have her professors of Sanscrit and her students rummaging the Himalayas while there is not one to cast a longing look on Ireland and fetch the most curious language of Europe out of its literary seclusion?’
  • Rugadh Seán Ó Mathúna, Fínín agus scoláire Gaeilge
  • Rugadh Daniel Foley, ministir Gallda agus Ollamh le Gaeilge
  • Rugadh Robert King, ministir Gallda agus scoláire Gaeilge
  • Rugadh an file Séamas Mac Cruitín a chum ‘Ag Cur Slán leis an nGaeilge’
  • Cailleadh John Mitchel, náisiúnaí
  • Agus sa bhliain chéanna (1815) chum Issa an haiku seo:

splanc thintrí –
rithim ar nós an diabhail
chuig Teampall Zenko

  .稲妻や一もくさんに善光寺

inazuma ya ichimokusan ni zenkôji

2018-07-13

Tusa a adhraim

File:Pietro Metastasio
Cumadóir: Mozart

Tusa a adhraim

Tusa a adhraim
Aigne na síoraíochta
Foinse na beatha
Ní bréag a rá;

Is gluaiseann gach aon ní
Tríthi is braitheann
An chruinne leathan
Uirthi go brách.

Te solo adoro

Te Solo Adoro
Te solo adoro,
Mente infinita,
Fonte di vita,
Di verità;

In cui si muove,
Da cui dipende
Quanto comprende
L'eternità.

2018-07-12

Briathra an Bhúda

Atītaṃ nānvāgameyya,
nappaṭikaṅkhe anāgataṃ;
yadatītaṃ pahīnaṃ taṃ,
appattañca anāgataṃ

Éist leis an mbun-Pháilis:
 http://host.pariyatti.org/dwob/majjhima_nikaya_3_272.mp3
 

Ná téigh sa tóir ar an am atá caite,
ná santaigh an t-am atá le teacht;
tá an t-am atá caite thart,
agus níl an todhchaí tagtha fós

2018-07-11

Duine Beannaithe i gCéin

Inniu, an lá seo
an lá seo ar a dtugtar inniu

Chonaic mé an ghrian iomlán ag éirí
is chonac í ag dul a luí

Faic eile le rá -
cith corrmhíoltóg ag breith uibheacha, ag fáil bháis

Táimse fos im' bheathaidh,
spriocdháta mo bháis caite le fada,

Ach éist - ní bhraithim inniu
gur mhaireas tríd an lá seo féin

Dá mairfeadh sé míle bliain
ní bheadh sa duine beannaithe

Ach cith corrmhíoltóg i gcéin

Musan Cho Oh-hyun


2018-07-10

Tíorántacht an Ama



Níl aon argóint ann in aghaidh roinnt de na haonaid a úsáidimid chun an t-am a thomhas. An domhan ag casadh, nó fithis an domhain timpeall na gréine, is cúiseanna soiléire iad sin ar ‘lá’ a bheith againn nó ‘bliain’ – agus an mhí féin tá sí ag teacht leis an ngealach, a bheag nó a mhór.

Ach ní féidir an rud céanna a rá i dtaobh na seachtaine, rud aisteach nach féidir a bhunús ná a chuspóir a dhéanamh amach. Ní chiallaíonn an tagairt sa Bhíobla don seachtú lá mar lá scíthe go raibh seachtain seacht lá gach áit i gcaitheamh na gcéadta.

Seachtain deich lá a bhí ag na sean-Éigiptigh agus is tréimhse 13 agus 20 lá a bhí ag an bhféilire Máigheach. Seachtain naoi lá a bhí ag na Liotuánaigh sular ghlacadar leis an gCríostaíocht. I bhfocail eile, níl faic nádúrtha mar gheall ar an tseachtain. Is fál ama é, déantús bréige a chuir scata fórsaí láraithe i bhfeidhm, ó Impireacht na Róimhe tríd an Eaglais Chríostaí agus Impireacht na Breataine go dtí ceannas domhanda teicneo-ghnó an lae inniu.

Tá an pointe sroichte anois againn go bhfuil an tseachtain seacht lá tar éis sinn a cheangal go hiomlán de chiogal docht gnáthaimh - agus léargas teoranta ar an saol -  agus tá daoine múchta aige le fada an lá. Nuair a dhúisímid gach maidin tá lá nua romhainn, lá nach bhfacamar cheana. Ach an chéad smaoineamh a ritheann linn nuair a dhúisíonn an aigne ná an ‘Luan’ é  nó ‘Satharn’ nó ‘Déardaoin’.

Paul Cudenec

2018-07-09

Chip Forelli

Chip Forelli
sínid na crainn
i dtreo an fholúis...
lúcháir!
trees reaching out
towards nothingness...
the joy!
δέντρα που απλώνουν
τα χέρια τους στο κενό...
την ευτυχία!

Sarah Thilykou a rinne an leagan Gréigise

2018-07-08

Bernard Lionel Einbond

Bernard Lionel Einbond
Bealtaine 19, 1937 - Lúnasa 14, 1998
an tost
idir an tintreach is an toirneach...
gach aon ní ag feitheamh

2018-07-07

Haiku le Issa ón mbliain 1826

  • Sa bhliain 1826, rugadh an ceimiceoir Francach Marie Pasteur
  • Rugadh Euseby Digby Cleaver, ministir Gallda, faoina ndúradh, 
“D’fhoghlaim sé a phaidreacha a rá i nGaeilge an tráth a bhí sé an-óg agus as sin amach an fhaid a mhair sé, dob é ard-mhian a chroí an Ghaeilge d’athbheoú.”
  • Rugadh an file Gearmánach Josef Victor von Scheffel
  • Rugadh an péintéir Francach Gustave Moreau
  • Rugadh Stephen Foster, “athair an cheoil Mheiriceánaigh”
  • Rugadh Carlo Collodi, údar Pinocchio
  • Cailleadh an cumadóir Bascach Arriaga
  • Cailleadh an file Donncha Woulfe:
       “Rachadsa ar luas
       Go Ceanada suas . . .”
  • Cailleadh Johann Heinrich Voss, aistritheoir agus file
  • Cailleadh Joseph Holt, treallchogaí Éireannach
  • Cailleadh Carl Maria von Weber, cumadóir Gearmánach
  • Cailleadh Peadar Ó Conaill, foclóirí
  • Cailleadh an tAthair Uilliam Mac Gearailt, file
  • Agus sa bhliain 1826, chum Issa an haiku seo:

.じくなんで茨をくぐる蛙哉

jikunande ibara wo kuguru kawazu kana

ag gabháil trí dhriseacha
an cholainn á ceansú aige  . . .
frog

2018-07-06

Sovente il sole

Cumadóir: Cumadóir: Vivaldi
Is minic an ghrian
Níos gile ná riamh
Agus níos áille
Tar éis do na néalta
Go léir a scaipeadh

Is an fharraige chiúin
Gan cuilithín ar bith
T’réis don anfa
A chorraigh go mór í
Síothlú fá dheoidh
Sovente il sole
risplende in cielo
più bello e vago
se oscura nube
giá l'offuscò

E il mar tranquillo
quasi senza onda
talor si scorge,
si ria procella
pria lo turbò

2018-07-04

Briathra an Bhúda

Pabbatassa suvaṇṇassa,
jātarūpassa kevalo
dvittāva nālamekassa:
iti vidvā samañcare.

Éist leis an mbun-Pháilis:
http://host.pariyatti.org/dwob/samyutta_nikaya_1_156.mp3

Dá mbeadh sliabh óir ann
níor leor é a dhá oiread
chun duine amháin a shásamh:
tuig an méid sin agus mair dá réir.

2018-07-03

Jason Symes

Jason Symes
briathra an Bhúda
cá bhfuil teacht orthu?
comhthionól na nduilleog buí
the Buddha's words
where can they be found?
congregation of yellow leaves

2018-07-02

Jason Symes

Jason Symes
cén dia
nó deamhan a ghabh an tslí?
rianta coise clochraithe
what god
or demon passed this way?
petrified footprints