Deir Issa:
san áit a mbíonn daoine
bíonn cuileoga
agus Búdaí
.人有れば蝿あり仏ありにけり
hito areba hae ari hotoke ari ni keri
Haiku is ea é ón mbliain 1823.
- Sa bhliain sin a tharla an chéad chogadh Angla-Ashanti agus an chéad Chogadh Angla-Bhurmach
- Rugadh an file Ungarách Sándor Petőfi
- Rugadh an file Sasanach Coventry Patmore
- Rugadh Thomas Francis Meagher i bPort Láirge
- Rugadh Friedrich Max Müller, Oirthearaí Gearmánach
- Rugadh an file Angla-Éireannach John Kells Ingram
- Rugadh an réabhlóidí Thomas Devin Reilly
- Cailleadh an file Angla-Éireannach Charles Wolfe
- Díbríodh Kevin Izod O’Doherty chun na Tasmáine
- Cailleadh Edward Ledwich, ársaitheoir
- Rugadh Cornelius Mahony, ollamh le Gaeilge. Níor scríobh sé faic de réir dealraimh.