2018-07-28

I bhfocail Osho

Ar smaoinigh tú riamh mar gheall air? Má fhiafraítear díot, ‘Cé thusa?’ cén freagra a thabharfá? Insíonn tú d’ainm ach ní leatsa an t-ainm, mar tháinig tú ar an saol seo gan ainm. Ní raibh ainm ort; ní leatsa d’ainm, tugadh duit é. Agus dhéanfadh ainm ar bith an chúis, A-B-C-D. Is cuma sa sioc. Níl sé riachtanach. Más Susan atá ort, go breá; más Harry atá ort, go breá, ní dhéanann sé difríocht dá laghad. D’fhéadfadh ainm ar bith an jab a dhéanamh. Níl ann ach lipéad. Tá gá le hainm chun go n-aithneofaí thú ach níl aon bhaint aige leis an bhfíor-thusa. Nó déarfá, ‘Is dochtúir mé’ nó déarfá, ‘Is innealtóir mé’, nó fear gnó, nó péintéir, nó seo is siúd – ach ní insíonn sé sin faic mar gheall ort. Nuair a deir tú ‘Is dochtúir mé, tá rud éigin á rá agat mar gheall ar do shlí bheatha, ní mar gheall ort féin. Tá tú ag cur síos ar do ghairm bheatha, conas a dhéanann tú do bheatha a shaothrú. D’fhéadfadh go mbeadh do bheatha á saothrú agat mar innealtóir, mar dhochtúir nó mar fhear gnó – ní bhaineann sé leis an gcás. Ní deir sé faic mar gheall ort féin. Nó tugann tú ainm d’athar, ainm do mháthar, do chraobh ghinealaigh – arís, níl aon bhaint aige sin leis an scéal mar nach sainmhíniú ar bith ort féin an méid sin. Is de thaisme a bhaineann tú le teaghlach amháin seachas teaghlach eile; ní bheadh fios a mhalairt agat dá mba le teaghlach eile thú . . . Tá an fíor-thusa i bhfolach i gceo na mistéire.

Osho