2018-07-10

Tíorántacht an Ama



Níl aon argóint ann in aghaidh roinnt de na haonaid a úsáidimid chun an t-am a thomhas. An domhan ag casadh, nó fithis an domhain timpeall na gréine, is cúiseanna soiléire iad sin ar ‘lá’ a bheith againn nó ‘bliain’ – agus an mhí féin tá sí ag teacht leis an ngealach, a bheag nó a mhór.

Ach ní féidir an rud céanna a rá i dtaobh na seachtaine, rud aisteach nach féidir a bhunús ná a chuspóir a dhéanamh amach. Ní chiallaíonn an tagairt sa Bhíobla don seachtú lá mar lá scíthe go raibh seachtain seacht lá gach áit i gcaitheamh na gcéadta.

Seachtain deich lá a bhí ag na sean-Éigiptigh agus is tréimhse 13 agus 20 lá a bhí ag an bhféilire Máigheach. Seachtain naoi lá a bhí ag na Liotuánaigh sular ghlacadar leis an gCríostaíocht. I bhfocail eile, níl faic nádúrtha mar gheall ar an tseachtain. Is fál ama é, déantús bréige a chuir scata fórsaí láraithe i bhfeidhm, ó Impireacht na Róimhe tríd an Eaglais Chríostaí agus Impireacht na Breataine go dtí ceannas domhanda teicneo-ghnó an lae inniu.

Tá an pointe sroichte anois againn go bhfuil an tseachtain seacht lá tar éis sinn a cheangal go hiomlán de chiogal docht gnáthaimh - agus léargas teoranta ar an saol -  agus tá daoine múchta aige le fada an lá. Nuair a dhúisímid gach maidin tá lá nua romhainn, lá nach bhfacamar cheana. Ach an chéad smaoineamh a ritheann linn nuair a dhúisíonn an aigne ná an ‘Luan’ é  nó ‘Satharn’ nó ‘Déardaoin’.

Paul Cudenec