2013-10-03

Gormacha an Bhuachalla Uaignigh

Ó neamhdhuine is fada an t-achar é
Póca mór í áit ar bith
Chun rudaí beaga deasa
A chur ann

Nár tharla riamh déanta na fírinne

D’éinne ach amháin
An dream sin a raibh an t-ádh leo
Nár saolaíodh iad
Ó droch-áit is ea uaigneach

Le bheith sáite ann i measc na bplód

Is gan éinne ann
Ach tú féin amháin ag marcaíocht anonn is anall
Ar
Each caoch bán
Ar bhóthar folamh
Is buaileann tú led chairde go léir
Is sibh i láthair a chéile

Is fada an t-achar é neamhdhuine

Kenneth Patchen

Graifítí an Lae: Louise Michel

Tá an chumhacht mallaithe. Sin an fáth gur ainrialaí atá ionam.

Louise Michel (1830-1905)

Anocht i nGaillimh/ Tonight in Galway


2013-10-02

Gormacha Pósta

Níor theastaigh sé uaimse, is uaitse a bhí.
Tá sé agat anois is ní thaitníonn sé leat.
Níl aon éalú anois.
Muiceoil is pónairí, faicíní le ní,
Róbhocht le haghaidh scannáin, róthraochta le haghaidh babhta leathair.
Níl faic is féidir a dhéanamh.

Luathscríbhneoirí gnéasacha ar an traein faoi thalamh.
Tá ceann breá mór ag an mbuachaill grósaera.
Níl faic is féidir a dhéanamh ina thaobh.

Ní thagann an óige ach uair amháin,
Caithfear imeacht nuair a bheidh an t-am istigh.
Is mar sin a bhíonn. Níl éinne in ann é a athrú.

Leaideanna i ngluaisteáin mhóra ag feadaíl.
Ong na dtraenacha lastais istoíche.
Níl aon éalú uaidh.

Is mar sin atá an saol.
Gach éinne sa riocht céanna.
Ní athróidh sé go deo deo deo.

Kenneth Rexroth

Graifítí an Lae: Joseph Dietzgen

An rógaire féin, is breá an diúlach é.
Joseph Dietzgen (1828-1888)

2013-10-01

Gormacha an tSluachampa Ghéibhinn

Nílimse ag magadh, a chairde, nílimse ag ligean orm
Ní chuirfinn an dubh ina gheal oraibh, nílimse ag ligean orm,
An tIndiach sa chomarclann, sa gheiteo an fear gorm. 

Ar nós a bheith sa bhaile is tú ag iarraidh éalú
An mhiúil is í sa stalla,  is í ag iarraidh éalú,
Tá tú istigh i ngeiteo agus fanfaidh tú ann arú.

Ní chuirfinn an dubh ina gheal oraibh, ná déan gáire fúm
Táthar ag faire orainn, ná déan gáire fúm
Ag faire ar ár ndroim, sea, ar a leagfaidh siad an úim.

Bíodh ciall agaibh, a chairde, amach linn as an gcampa
Nílimse ag magadh, amach linn as an gcampa
Mar tá fear ansin is é réidh lenár mbrandáil lena stampa.
 Henry Dumas

Graifítí an Lae: Pau Casals i Defilló

Is breá an rud é grá tíre. Ach cén fáth a stopfadh an grá ar an teorainn?
Pablo Casals Pau Casals i Defilló (1876 -1973)