2019-08-07

Na Briogáidí Idirnáisiúnta

Nach eol duit cérbh iad?
Nár éist tú, a mhacaoimh an iontais,
Nár éist tú leis na “scéalta”?
Nó an é nár chuala tú
I dtaobh na “mionchathanna” . . .?
Níorbh aon mhionchathanna iad ach éachtaí!
Ó, cén t-eolas atá agatsa ar na hógánaigh úd
A thug aghaidh ar an Spáinn ar an 7ú Samhain?
Calma lúfar a bhíodar.
Tá an Spáinn i mbaol, caithfear í a tharrtháil!
D’imíodar faoi na bratacha seo againne
Is throideadar linn
Gualainn le gualainn
Mar rósanna i ngaotha an áir do thit
Ar ár ndomhan leonta
Ina síolta torthúla ar thalamh a treabhadh go dian.
Nuair a chuala tú:

Jaen, Andujar, Teruel is Belchite.
Guadalajara, Siguenza,
Maidrid, Universitaria,
Casa de Campo agus Brunete…
Nár bhraithis lasracha id’ chuisle?
Is ann a bhí acu an bua, nó is ann
A d’fhágadar i gcró-locháin chuilitheacha
Ar chlaiseanna na gcnoc
Agus ar mhánna sléibhe
Fuil is colainn
Thaelmann is Rakosi,
Lincoln, Garibaldi agus Andre Marty, is Nanetti,
Beimler, is Lukacz, is Togliatti,
Agus Gallo is Hans is Walter
Agus Longo, is Carlos, an Ceannasaí.

Cinnte tá a fhios agat cé hiad!
Nach minic a chanais a ngaisce,
Gan smaoineamh mórán ina thaobh,
An t-amhráinín a deir:
“…An Cúigiú, an Cúigiú, an Cúigiú
An Cúigiú Reisimint,
Faoin gCeannasaí Carlos, is na milicianos ann
Gan eagla!”

An dtuigeann tú anois é?
Is í do mháthair atá á rá leat.
Iad siúd is a thuilleadh nach iad
B’in iad na hIdirnáisiúnaigh.
“Níl síth i ndán dúinn agus a fhios againn
Go bhfuil saoránaigh á ndúnmharú.”
“Ár n-onóir í saoirse na Spáinne
Idirnáisiúnta atá ár gcroí.”


Flor Cernuda - (Transcreated in Irish by Gabriel Rosenstock)

2019-08-06

Haiga le Lidia Rozmus

dúch (sumi) ar pháipéar ríse
2014
oifig inimirce
mo mhéarlorg á fheiscint agam
den chéad uair

2019-08-05

Fritz Eichenberg

Fritz Eichenberg
tá seisean leis
ar an ngannchuid...
mac an duine
he too stands
in the breadline...
impoverished son of man
he stauns i the
breidline an aw...
povereest son o man

Leagan Béarla na hAlban: John McDonald
立ちつづけ
パンの配給
貧しい息子

Leagan Seapáinise: mariko sumikura

2019-08-04

Ito Sozan

Ito Sozan
ón mbáisteach an ceol...
fáinleoga ag éisteacht
sna crainn sailí
it's the rain that's warbling...
swallows listening
among willows
it's the weet thit's jirblin...
swallaes takkin tent
amang the sauchs

Leagan Béarla na hAlban: John McDonald
雨の歌
柳に休み
聴くツバメ

Leagan seapáiníse: mariko sumikura

2019-08-03

Rip Van Winkle

N.C. Wyeth
Dhúisíos
tar éis fiche bliain
is ní raibh aon ní athraithe.
Táim chun an leaba a thabhairt orm féin arís.
Múscail mé nuair a bheidh athrú ann.
Déarfaidh mé leat ansin
conas mar a bhí an saol
sa tslí go dtabharfá rud ar bith
le bheith ar ais ann.

K. Satchidanandan

1992


2019-08-02

traein oíche

gabhann an traein oíche
tríd an mbaile
duilleoga aici á scaipeadh
is mo bhrionglóidí, leis,
an t-iarnród síos

the nicht train
blaws throuch the toon,
skailin leaves,
ma drames an aw,
doon the airn rails

John McDonald