2024-04-15

An Sabhdán

                       Sabhdán ag urnaí 
                      Jean-Léon Gérôme  



An Sabhdán, an Sabhdán,
Tá an Sabhdán ag guí chun Dé:
Féach, tá féasóg mhór an tSabhdáin
Níos faide ná mar a bhí inné.

An Sabhdán, an Sabhdán
Tá sé ag tnúth go mór le sos tae:
Féach, tá féasóg mhór an tSabhdáin
Níos faide ná mar a bhí inné.

An Sabhdán, an Sabhdán
Is mó a lámh dheas ná a lámh chlé:
Féach, tá féasóg mhór an tSabhdáin
Níos faide ná mar a bhí inné.

An Sabhdán, an Sabhdán
Níl a fhios ag éinne cé hé:
Féach, tá féasóg mhór an tSabhdáin
Níos faide ná mar a bhí inné.

An Sabhdán, an Sabhdán
Ní itheann sé lacha ná gé:
Féach, tá féasóg mhór an tSabhdáin
Níos faide ná mar a bhí inné.



2024-04-14

Murúch

               Frederick Stuart Church


Bhí an oíche dorcha
Chomh dorcha le dúch
Ar a capaillín mara
Tháinig murúch.
Chonaic sí buachaill
Ag siúl na trá
Agus láithreach bonn
Thit sí i ngrá.
"An dtiocfaidh tú liomsa
Thar sáile i gcéin?"
"Tiocfad," arsa an buachaill,
"Cé thú féin?"
"Gearóidín Ní Ghliomaigh
M'ainm is mo shloinne
Is bímse ag snámh
Ar chíríní toinne."
Léim an buachaill
Ar an gcapaillín go beo:
"Tá tú agam!" arsa Gearóidín,
"Is beidh tú agam go deo!"

2024-04-13

haiku


abandoned house
the dreamcatcher still hangs
in the children's room

Anna Goluba (An Pholainn)



teach tréigthe
an líon taibhreamh fós ar crochadh
i seomra na leanaí

2024-04-12

Haiku/ Francine Porad (1929-2006)


blazing sun
nothing moves except 
the iguana's eyes

grian loiscneach
níl faic ag bogadh
ach súile an ioguána

καυτός ήλιος
κινούνται μόνο
τα μάτια του ιγκουάνα

Sarah Thilykou a rinne an leagan Gréigise

2024-04-11

Siobhán Cheanndána

                         Staszka (1935)
                  Zygmunt Waliszewski 

Bhí cailín ann uair amháin
Is shuigh sí síos ar chathaoir,
An cailín bocht, Siobhán,
Níor bhog sí as, faraor.

Mealladh í le gach rud,
Le plámás, le milseáin,
'Ní bhogfaidh mé! Ní bhogfaidh mé!'
arsa Siobhán.

Tháinig na Gardaí
Is an Bhriogáid Dóiteáin,
Tháinig an sagart,
Ach ní bhogfadh Siobhán.

Gealladh bábóg nua di,
Turas ar eitleán,
Gealladh cáca mór di -
Ach ní bhogfadh Siobhán.

Tháinig litreacha óna cairde
Agus cárta ón Uachtarán,
Ach ní bhogfadh sí - ní bhogfadh sí -
Ní bhogfadh ár Siobhán! 

2024-04-10

Uncail Toby Ar Strae

 Holländischer Radfahrweg (1940-1942)
Max Beckmann


Chuaigh Uncail Toby ag rothaíocht
San Ollainn uair amháin
Ach chuaigh sé ar strae, an fear bocht,
'Cá bhfuilim? Sa Ghearmáin?'

Bhí Toby ag rothaíocht i gciorcail
Go dtí go bhfuair sé léarscáil shoiléir:
'Má chasaim anseo ar dheis 
Agus . . .má chasaim ina dhiaidh sin ar chlé?'

2024-04-09

An Sceimhle Atá i nDán Dúinn


Súile dóite dearga na vaimpíre
Níl i ndán dúinn ach ré nua sceimhle
         Ochón is ochón
         A Shíomóin, a Shíomóin
Níl aon leigheas ort ach gairleog - dáiríre!