2013-08-31

Graifítí an Lae: Cormac Mac Carthy

Uair amháin bhí coillte ann agus níor le héinne iad.
Cormac McCarthy

Gheal an Ghaois

Chuardaíos riamh is choíche
is d’éiríos as ansan
is sheasas caol díreach
i m’fhear go ciúin
os comhair na Gréine amach
is í ag dreapadh
na spéire anonn ar maidin.
Gheal an ghaois ionam
arís is arís eile
is líon m’aigne
Georg Feuerstein, Dawn of Wisdom

2013-08-30

Graifití an Lae: Emma Goldman

Iarr obair orthu. Mura dtugann siad obair duit, iarr arán orthu. Mura dtugann siad obair ná arán duit, ansin tóg an t-arán.                       
Emma Goldman (1869 -1940)

Dhá Dhán le Jusammi Chikako

Banfhile cúirte sa tSeapáin ab ea í a bhláthaigh sa 14ú haois.

An Oíche Shamhraidh Seo


An oíche shamhraidh seo
is bunadh an tí ina luí
sa doras a fágadh ar leathadh sa dorchadas
seasann an ghealach
glan gan néal


Geallúintí Briste


Le laethanta beaga anuas
ní fhéadfainn a rá gur ainnis í
an ainnise
mar braithim de dheasca an dobróin
nach mothaím fiú an dobrón níos mó

Séamus Heaney R.I.P.

An Cheárta

  le Séamus Heaney

Ní heol dom ach doras i mbéal doircheachta.
Lasmuigh, seanfhearsaidí agus fonsaí rotha ag meirgiú;
Laistigh, clingeadh dúir oird ar inneoin,
Spréacharnach ag leathadh gan choinne
Nó siosarnach an chrú nua in uisce ag cruachan.
Ní foláir nó tá an inneoin áit éigin sa lár,
Smutach mar aonbheannach. cearnógach ina tóin,
Suite ansiúd dobhogtha; altóir
Ar a n-ídíonn sé é féin i gcruth is i gceol.
Uaireanta, faoina naprún leathair, ribí ina shrón,
Luíonn ar an ursain, cuimhníonn ar ghliotram
Crúb áit a scalann trácht ina shraitheanna;
Ligeann cnead as agus isteach leis, plab, smeach,
Chun fíoriarann a leathnú, an treifid a shéideadh.

 (The Forge, aistrithe ag Gabriel Rosenstock, sa leabhar Conlán a d'fhoilsigh Coiscéim sa bhliain 1989.An Dara Cló 1995)

2013-08-29

Graifítí an Lae: Alan Moore

Níl guth na ndaoine cloiste ag ár gcuid máistrí leis na cianta agus is glóraí i bhfad Éireann é ná mar ba mhaith leo cuimhneamh air.
                              
Alan Moore

Haiku le Issa ón mbliain 1817

Galar an tomhaltachais, ní inniu ná inné a leath sé ar fud na cruinne.

cad a chosnódh
     leathphionta de?
        péarlaí drúchta

 .一升でいくらが物ぞ露の玉

    isshô de ikura ga mono zo tsuyu no tama


Tá éifeacht ar leith ag baint leis an haiku áirithe seo sa mhéid go samhlaítear an drúcht le neamhbhuaine an tsaoil ar aon nós.
Cogar, cén praghas a chuirfeása ar dhrúcht? Tá dream san Afraic á bhuidéalú, creid é nó ná creid.
Faraor, cailleadh scata mór daoine san Afraic a d'ól drúcht buidéalaithe. Níl an drúcht féin sábháilte níos mó.