níor luadh an fhilíocht, ní raibh aon tagairt d'fhulaingt daoine sular chuamar a luí. Beirt bhan, is gan ceachtar againn ina máthair. Faoin spéir réaltógach a labhramar, fealsúnacht Kant, an Mháthair Treasa, agus cairdeolaíocht. Mhachnaíomar ar na haindiachaithe sin a éiríonn cráifeach leis an aois, agus gur gleoite iad scáileanna ná na nithe féin. Bhí meon eile ann an uair sin: coinníodh slán sinn gan mhuirín.
Táim ag imeacht, ar sé, ag bailiú liom. Is bhí fhios agam gur ag imirt cluichí liom arís a bhí sé. Imigh leat! Agus ní gá dhuit teacht ar ais arsa mise leis go giorraisc.
Ach cá bhfuil sé uaim, mo thiarna? Mar ní sólás go dtí é. Líonann deora an spás idir mo dhá chíoch atá anois ina linn lán is an chorr éisc bhán gona cosa dubha ag faire ar chreach.
As the squeezing of a blister or boil causes relief for some time, so it is with charming women. How could there be any sin in it? As a ram drinks the quiet water, so it is with charming women. How can there be any sin in it?
Faoiseamh
Faoi mar a fhaightear faoiseamh seal nuair a fháisctear balscóid nó neascóid, sé an scéal céanna é maidir le mná gleoite. Conas d'fhéadfadh peaca a bheith ann? Faoi mar a ólann an reithe an t-uisce ciúin, sé an scéal céanna é maidir le mná gleoite. Conas d'fhéadfadh peaca a bheith ann?