2023-05-28

Eitarō Shimoyama

Eitarō Shimoyama
(1879-1935)
    oíche cheomhar
    gan dóthain pinginí
    le haghaidh caife fiú amháin

コーヒー代もなくなつた霧の夜である
kōhī dai mo nakunatsuta kiri no yo de aru

    foggy night
    not even enough money
    for a coffee

2023-05-14

Scéal Geimhridh

                  Scéal geimhridh é
 Clapsholas, dallta ag sneachta, á iompar thar lochanna,
Goirt ar snámh ón bhfeirm i gcorn na ngleannta,
Ag éalú gan phuth trí chalóga lámhfhillte,
Anáil liath na mbó sa seol go fáilí,

                         Is fuarthitim na réaltaí,
Is boladh an fhéir sa sneachta, ulchabhán i gcéin
Mar rabhadh i measc na gcaorach, is an bolg reoite
Lán de dheatach uangheal an chochaill fheirme
I ngleanntán na sreabh, foinse an scéil . . .
  

An chéad dá rann, trascruthaithe go Gaeilge ag Gabriel Rosenstock de dhán le Dylan Thomas, do Lá Dylan  (cothrom an lae ar a raibh céad léamh Under Milk Wood) - féach freisin ANSEO

2023-05-05

Cuireadh




Ba mhór ag Futa Fata thú a bheith i láthair ag Leabharlann na bPáistí, Leibhéal 4, dlr Lexicon, Dún Laoghaire, Dé Céadaoin, 17 Bealtaine ag 6.30pm le ceiliúradh a dhéanamh ar AMUIGH FAOIN SPÉIR pictiúrleabhar le Sadhbh Devlin, maisithe ag Brian Fitzgerald, agus  PÚCAÍ SCHMÚCAÍ
cnuasach dánta le Gabriel Rosenstock; maisithe ag Tarsila Krüse agus Úna Woods; ceol le John Ryan; dánta curtha i láthair ar an taifeadadh ag Sinéad Ní Uallacháin agus ag páistí Scoil Naomh Gobnait, Dún Chaoin, Co. Chiarraí.

FÁILTE ROIMH CHÁCH

2023-04-22

Tanka

Ole Kandelin
cén áit nach raghainnse
raghainnse go críocha aineoil
tá fhios agat sin
        tabhair ordú dom is imeod
        níl gá agam le mapa
where would i not go?
i'd go anywhere for You
You know that i would
        command me and i am gone
        what need have i for a map?
unde n-aș merge?
dar nu și pentru Tine
Tu știi prea bine
        ordonă-mi doar și dus sunt
        o hartă, dar la ce bun?

Leagan Rómáinise: Olimpia Iacob

2023-04-21

Scolaíocht George Moore

Édouard Manet
Scríbhneoir mór
As Contae Mhaigh Eo
(Ach níl éinne á léamh
Níl éinne á léamh níos mó!)

Agus é ina bhuachaillín óg rua
Caitheadh amach as an scoil é - monuar!

Scríbhneoir mór
As Contae Mhaigh Eo
(Ach níl éinne á léamh
Níl éinne á léamh níos mó!)

Ní raibh spéis dá laghad aige sa scolaíocht
Ní raibh spéis ag George Moore ach san fhilíocht!

Scríbhneoir mór
As Contae Mhaigh Eo
(Ach níl éinne á léamh
Níl éinne á léamh níos mó!)

"Níl aon mhaith ann!" arsa an múinteoir, "is ní bheidh go deo!"
Is cuireadh abhaile ansin é go Co. Mhaigh Eo!

Scríbhneoir mór
As Contae Mhaigh Eo
(Ach níl éinne á léamh
Níl éinne á léamh níos mó!)

Dúirt sé leis féin go mbeadh sé ina ealaíontóir
"An t-ealaíontóir is fearr a tháinig amach as Maigh Eo!"

Scríbhneoir mór
As Contae Mhaigh Eo
(Ach níl éinne á léamh
Níl éinne á léamh níos mó!)

Níl éinne á léamh
níos mó!

2023-04-19

Khamsin: Stoirm Ghainimh

 
Ludwig Hans Fischer
 
 
An Chamshíon! An Chamshíon!
Ag séideadh is ag séideadh ó mhaidin go hoíche
Ag séideadh is ag séideadh riamh is choíche
An Chamshíon! An Chamshíon!
Wúúúúúú! Wúúúúúúúúú!

An Chamshíon! An Chamshíon!
Néalta gainimh ina gcamdhlaoithe
Ag séideadh is ag séideadh riamh is choíche
An Chamshíon! An Chamshíon!
Wúúúúúú! Wúúúúúúúúú!

An Chamshíon! An Chamshíon!
Neart na gaoithe, neart na gaoithe
Ag séideadh is ag séideadh riamh is choíche
An Chamshíon! An Chamshíon!
Wúúúúúú! Wúúúúúúúúú!