2019-11-23

Fiáin

Inniu,
ar ár n-aistear abhaile,
chonaiceamar

clamhán
i mbun maraithe
ar chiumhais an bhóthair

tháinig sé ar foluain
trasna an ghaothscátha
is chuaigh ar a ghogaide

ar rud éigin –
ní fhacamar
cad a bhí ann -  na sciatháin

á bhfilleadh timpeall
ar ‘an gcreach’
mar a thug Lucas air.

Theastaigh uaidh a fháil amach
an bhfuadódh clamhán páiste,
nó cat;

ansin,
nuair a mhoillíomar chun breathnú air
theastaigh uaidh sásamh a bhaint

as an gclúmh
agus an loinnir fhiáin
ina shúil.

John Burnside