2019-11-30

Crainn

Seo ag rothaíocht mé lastall ded’ thighse,
suím ar gheata a fhéachann amach ar choinleach.
Do spád ag lonrú faoi ghrian an chósta
is tú ag gearradh trí do scáth
is trí fhód, isteach sa dúrabhán dubh méith; ársa,
scanrúil. Ciorcal néata gearrtha,
tú ag tochailt leat, deannach réaltaí á spré agat as mála.
An crann óg á choinneáil díreach agat, aislíonadh,
á dhaingniú led’ sháil. Doirteann
bogha ceatha as an gcanna spréite.
Allas á chuimilt agat de d’aghaidh, féachann tú suas.
Mé ag sméideadh, ach ní fheiceann tusa ach talamh
a thabharfaidh úlla fós
a fháiscfear ina cheirtlis, a ólfar
faoi scáth duilliúir. Fear a bhfuil crainn á gcur aige
níl sé chun a bhean a fhágaint,
is cuma cad deirir. Níl tú ag imeacht.

Sue Butler