2019-11-13

Eanáir 2003

Tar éis trí scór bliain níl mo chuid gumaí rómhaith.
Glanaim le flas fiacla iad sa leithreas fear agus ban.
Ar ais liom, mé ag dreapadh thar mo bhean is m’iníon
Is féachaim síos cúig mhíle ar an Hindu Kush.
Is léir an India á sá féin isteach san Eoráise:
Plátaí leibhéalta agus rufaí sléibhte á n-ardú féin is ag titim as a chéile
Fad mo radhairc uaim tríd an aigéan solasmhar seo
Trína bhfuil ár n-eitleán ag gluaiseacht, gan chorraí nach mór,
Gan chrith ach ar éigean, na ciliméadair theibí
Á n-ithe aici. Ina shuí sa suíochán romham,
Aindeolaí ríomhaireachta agus spéaclaí air nár ardaigh
An dallóg ó d’fhágamar Kuala Lumpur. Ar an scáileán
Tá an tsaighead a dhíríonn ar Mheice tar éis casadh
Feadh an sciatháin, nach mór. Dhá thír uainn
Trasna an domhain seo ar dhath an leoin tá cogadh á bhagairt. Samhlaím buamaí
Á ligean anuas ag an mboilgeog aeroiriúnaithe seo
Ar an mion-chearnóg de shráidbhaile i bhfad thíos uainn,
Níos lú ná lorg coise camaill. Tagann meadhrán orm,
Ag stánadh síos go díreach. Ní ligtear buamaí anuas.
Agus ní ligfí dá mbeinnse im’ chaptaen anseo
Ar an bpláinéad leochaileach comhtháite seo,
A chasann gan script. Iompraíonn ár mboilgeog sinn, go domhain i solitaire ríomhaireachta nó inár gcodladh dúinn,
Slán, ní féidir sin a rá go dearfa, ach go fóillín
Teolaí san aer tanaí agus an fuacht marfach 



D.M. Black