Casann an gearrthóir crann is an t-iascaire abhaile,
Ar an tua aige an ghealach agus sa líontán silteach
Tá solas buí na gealaí gafa. Lasair chorcra na tine
Ag glaoch orthu chun suain is chun seirce. Ón mbaile gréine
Gabhann an té a chumann amhráin scáinte ar mhaithe le harán
Ar fán chun luí faoin gcleimeatas lena chailín.
Solas na gealaí ar a cíocha, is ní mór domsa bás a fháil...
Fiú anois
Is cuimhin liom gur gheal liom cufróga is rósanna,
Na sléibhte móra arda is na cnocáin bheaga liatha,
Glór na mara. Faoi sholas an lae ghléigil
Is iomaí súil aisteach a chonacsa agus lámha mar fhéileacáin;
D’eitlídís domsa ar maidin fuiseoga as an tím
Is thagadh páistí chun snámh sna srutháin...
Fiú anois
Is cuimhin liom tús m’aislinge am tite na mbláthanna
Is thiteas-sa sa saol fiáin is i ngrá lem’ bhé;
Ba ansin a doirteadh eisint a háilleachta
Anuas ar mo laethanta a fhanfaidh go deo liom,
Ní raghaidh in éag, fíneáilte agus úr, dhein cumhra
An lá sin is na laethanta a lean is an lá inniu féin...