2014-11-03

Ar an lá seo 3 Samhain

Ar an lá seo 3 Samhain 1918 rugadh an Pandit Pran Nath

CHÖGYAM TRUNGPA (1939 -1987)

1
bíonn tú do do lámhach féin
i gcónaí –
& do mo lámhachsa

you are always
shooting yourself –
& shooting me


2
a silver bullet
that kills
the undead


 piléar airgid
a mharaíonn
an neamh-mharbh


3
cuir piléar tríd an gceann seo
 cuir piléar tríd an gcroí seo
 cuir piléar tríd an anam seo

 put a bullet through this head
 put a bullet through this heart
 put a bullet through this soul



4
your bullets are sweets
i chew one
&  become a fox



milseáin iad do chuid piléar
cognaím iad
& deintear sionnach díom


5
an lámhachóir ciúin
os cionn
do challáin féin


silent shooter
above all
 your commotion


6
á! béal le béal
le Annie Oakley
& aimsitheoirí Háidéis

ah! mouth to mouth
with Annie Oakley
& the sharpshooters of Hades

                            
                  PS
is dá n-osclóinn leathshúil
lámhach arís mé
gan teip

                PS
and should I open an eye
be sure
to shoot me again

2014-11-02

shakuhachi

Is deas uaireanta haiku a léamh, ansin éisteacht tamall leis an shakuhachi, an fhliúit bhambú, agus an haiku a léamh arís.



或る闇は蟲の形をして哭けり   河原枇杷男

aru yami wa mushi no katachi o shite nakeri

an dorchadas seo
ag caoineadh go géar
i bhfoirm feithide

Biwao Kawahara

Ar an lá seo 2 Samhain

Ar an lá seo 2 Samhain, 1950, cailleadh G B Shaw.
Tá saothar teilifíse liom dar teideal Yours Faithfully GBS atá bunaithe ar na litreacha uaidh a foilsíodh ar Times Londan le léamh anseo:


Nuair a céasadh thú

Nuair a céasadh thú


Nuair a céasadh thú in Abu Ghraib
céasadh an cine daonna go léir
gach athair agus máthair
gach mac agus iníon

Chéasamar sinn féin

Ar nós babhdáin a bhís, ar an gCros,
leat féin
gan gadaí ar dheis agat
ná ar chlé
go hiomlán leat féin
do dhá lámh ag tathant orainn
éirí as
 

 

When you were tortured


When you were tortured in Abu Ghraib
all of the human race was tortured
every father and mother
every daughter and son

We tortured ourselves

You were like a scarecrow, on the Cross,
alone
no thief to the right of you
none to the left
totally alone
outstretched hands pleading with us
to stop

2014-11-01

Ar an lá seo 1 Samhain

Ar an lá seo 1 Samhain, 1871, rugadh Stephen Crane.

Sa Ghaineamhlach

le Stephen Crane

Chonaic mé neach
sa ghaineamhlach, nocht, brúidiúil
ar a ghogaide, ar an talamh,
a chroí aige ina dhá lámh
agus é á ithe.
Ar mé, ‘An maith é, a chara?’
‘Goirt atá sé – goirt,’ ar sé;
‘Ach is maith liom é
toisc é bheith goirt
is toisc gurb é mo chroíse é.’

Yámá, Dia an Bháis

Yámá, Dia an Bháis

Yámá,
Chonac do ghadhar ceathairshúileach
Is níor scanraíodh mé
Chaitheas cnámh chuige
Chonac tú féin ansin
Ar muin buabhaill uisce
Lúb rópa i do lámh chlé
Chun an t-anam a stracadh as mo chorp –
Ach nílimse marbh
Imigh leat anois
Is aimsigh corpán ceart duit féin

Istigh i nDáil Éireann!

Yama, God of Death

Yama,
I saw your four-eyed dog
And was not afraid
I threw him a bone
Then I saw yourself
Riding a water buffalo
A loop of rope in your left hand
To tear the soul out of my body –
But I’m not dead
Off you go now
And find a real corpse for yourself

Inside in Dáil Éireann!