oíche réaltógach
fara den scoth
aimsithe ag an éigrit
starry night
an egret has found
a perfect perch
sterny nicht
an egret's
fund a perfit spaik
Leagan Bhéarla na hAlban John McDonald
2015-08-07
2015-08-06
Marc Chagall
<
|
an buan don ghrá? corrán gealaí i bhfad i bhfad i gcéin |
is love forever? a sickle moon far far away | |
|
is luve fir aye? a sickle muin yondermaist Leagan Bhéarla na hAlban John McDonald |
恋 永遠に? 遠ざかりゆく 鎌の月 Leagan Seapáinise: Mariko Sumikura (Kyoto) | |
2015-08-05
Jutta Tillmann
|
uaireanta ní hann don bhriathar - boladh líomóidí |
there are times when the word does not exist - scent of lemons | |
|
thare'r times whan the wurd disnae exist - snowk o leemons Leagan Bhéarla na hAlban John McDonald |
ことばなぞ 在らぬ時あり 檸檬の香 Leagan Seapáinise: Mariko Sumikura (Kyoto) | |
2015-08-04
Henderson Cisz
smaointe
ag dul amach leis an taoide . . .
nár fhille siad choíche
thoughts
going out with the tide . . .
may they never return
ag dul amach leis an taoide . . .
nár fhille siad choíche
thoughts
going out with the tide . . .
may they never return
2015-08-03
unter dem wacholder/faoin aiteal
![]() |
| Juan Antonio Frias y Escalante |
unter dem wacholder I
unter dem wacholder liege ich und träume dir zu.
ich erinnere mich. wir berühren uns nicht. keine
scham. kein nervenflattern reicht an mich heran.
keine gewaltigen stürme, die sonst immer nahen
nahen. trockne ich die netzhaut ab, mein ganzes
leben lang? vielleicht singe ich auch oder falte
die hände über dem bauch und warte. etwas betet
in mir. wer in die wüste geht zum sterben, der kann
sterben oder unter dem wacholder noch den rest vom
leben erben: in der bibel käme jetzt ein engel zu elia
aber hier? rette, was es noch zu retten gibt. ich träume
von sternen, träume von dir, wie von einer wasserquelle.
faoin aiteal I
luímse faoin aiteal agus mo bhrionglóidí chugatsa.
téim siar ar bhóithrín na smaointe. ní bhraithimid a chéile.
náire ar bith. níl na néaróga ag cur isteach orm.
níl spéirlingí ann a thagann níos cóngaraí is níos cóngaraí
de ghnáth. an mbeidh orm an reitine a chuimilt ar feadh
mo shaoil go léir? b’fhéidir go dtosnóinn ag cantaireacht nó
na lámha a fhilleadh ar mo bholg, ag feitheamh. rud éigin ionam
ag guí. an té a thugann an fiántas air fein chun bás a fháil, d’fhéadfadh
sé bás a fháil nó, faoin aiteal, an chuid eile den saol a fháil
mar oidhreacht: sa bhíobla thiocfadh aingeal anois chuig éilias
ach anseo? sábháil an méid is féidir a shábháil.
mé ag taibhreamh faoi réaltaí. mé ag taibhreamh fútsa, mar scairdeán uisce.
unter dem wacholder II
da versickerst du vor mir, wie auch ein stern versickert
in der dunkelheit. ist das nicht kurios. ich träume
schwarzen raum, in dem sich körper umeinander drehen
und in der schwebe halten, so wie wir. und irgendwann
das lässt sich leider nicht vermeiden, elendig zugrunde
gehen. nur dass sie gar kein elend spüren, wie ich in mir.
man hat ein teleskop, mehr hat man nicht. oder aber man
hat keines, so wie ich. dann hat man nur, was sich im geist
zu keinem ganzen formen will, mit ausnahme der furcht
vor dir. der ganzen großen furchtsamkeit. körper drehen
sich im all, solange sie sich drehen können, tanzen sie
wie du mit mir. ach, könnten die körper doch telefonieren.
faoin aiteal II
sileann tú uaim os mo chomhair, mar a shileann réalta
i gcéin sa dorchadas. aisteach nach ea. bhíos ag taibhreamh
faoi spás dubh éigin, agus colainneacha ag timpeallú a chéile
agus á gcoimeád ar mheá chothrom, ár ndála féin. is sa deireadh
ní féidir é a sheachaint, an bás dearóil, ach nach mbraithfidh
siadsan an dearóile a bhraithimse ionam fein.
tugtar teileascóp dúinn, sin uile. nó ní thugtar mar a tharla
i mo chás-sa. níl agat ansin ach an méid atá san aigne
is nach mbeidh iomlán go deo, seachas an eagla a bhraitear
romhatsa. roimh an móreagla go léir. colainneacha á dtimpeallú féin
sa chruinne, fad is atá ar a gcumas timpeallú, damhsaíonn siad
mar a dhamhsaíonn tusa liomsa. á, dá mbeadh cumarsáid idir colainneacha.
unter dem wacholder III
ab und an ein sonnensturm, keiner redet mehr
davon, sobald es wieder ruhiger wird. bleibe also
innerlich. man geht. man ist gegangen. man hat
sich ausgewrungen. man war ein schwamm. tage.
nächte. wochenlang. verrückt. ich schlief und trauerte
im traum um dich. ich rief und schauerte im raum
um nichts. es falten sich ganze berge in mir
die ich nicht zu bezwingen wage. ich bin versehrt.
ich bin ein bergmassiv. und durch die berge führen
gänge und durch die gänge rinnt etwas, seit anbeginn.
wie gut ich mich erinnern kann. es ist noch alles in mir
drin. ich erinnere mich. wir berühren uns nicht, nie mehr.
faoin aiteall III
stoirm ghréine uair um á seach, nuair a shíothlaíonn sí
ní labhartar fúithi níos mó. lean ort ag breathnú
isteach. imímid. táimid imithe. táimid fásctha.
ba spúinse sinn. ar feadh roinnt laethanta. oícheanta.
seachtain i ndiaidh seachtaine. as ár meabhair. chodlaíos
agus im’ thaibhreamhsa chaoineas thú. ghlaos amach,
mé ar crith im sheomra gan chúis. sléibhte ionam á bhfilleadh
is nach bhfuilim in ann a chloí. táim martraithe. masaíf mé
agus trí na sléibhte sin tá
pasáistí is trí na pasáistí sin tá rud éigin
ag sileadh ón tús. is maith is cuimhin liom. tá sé ionam
i gcónaí. is cuimhin liom. níl teagmháil eadrainn, ní bheidh go deo.
Nadja Küchenmeister
2015-08-02
2015-08-01
unverhofftes wiedersehen/ athchaidreamh gan choinne
unverhofftes wiedersehen
diese laterne kenne ich gut. diese laterne
stand vor meinem haus. sie sammelte
die kinder ein, die schlitten. hunde blieben
bei ihr stehen und urinierten. die mütter
fasste sie nicht an. die väter fasste sie nicht an.
in ihrem lichthof sah man bunte stoffe
blitzen. im sommer ruhte sie sich lange aus.
im winter herrschte sie mit strenger hand.
ich kenne ihren schirm und ihren fuß.
sie wachte über meinen schlaf, ich wachte
über ihren. diese laterne kenne ich gut.
diese laterne stand vor meinem haus.
athchaidreamh gan choinne
aithnímse an cuaille lampa sin go maith. sheas an cuaille
lampa sin os comhair an tí seo againne. thug na
páistí isteach, na carranna sleamhnáin. sheasadh gadhair
taobh leis chun fual a dhéanamh. níor bhailigh sé
na máithreacha chuige. níor bhailigh na haithreacha.
faoina luan chonacthas bladhm na bhfabraicí
dathannacha. bhíodh sos fada aige sa samhradh.
tíoránach ab ea é sa gheimhreadh.
tá a scáil ar eolas agam agus a chos.
thugadh sé aire dom is mé i mo chodladh, is
vice versa. Aithnímse an cuaille lampa sin go maith.
sheas an cuaille lampa sin os comhair an tí seo againne.
Nadja Küchenmeister
Abonnieren
Posts (Atom)






